Léim go dtí an príomhábhar
BAILIÚCHÁN NATHANNA AN ATHAR PEADARLiosta nathannaFoinsí corpaisFoinsí breiseEolas
focal ina phluc
Leathnath
Ceannfhocail: focal, pluc
Cur síos:
Ina bhéal, mar urlabhra aige.
Samplaí corpais
Do chonac féin cigire go minic ag rástáil isteach i sgoil agus a hata ar a cheann aige, agus gan aige do'n mhúinteóir, os comhair na leanbh, ach an focal ba tharcuisníghe 'n-a phluic. Thugas cheithre bliana i gCill Úird an uair sin.
Foinse
Mo Sgéal Féin
Leathanach
145
Go dtí gur eirigh an t-amadántacht so ar a dtugtar "Connradh na Gaedhilge," ní raibh Éireanach ná bádhfadh é féin níos túisge 'ná leigfadh sé air focal Gaedhluinne bheith 'na phluc.
Foinse
Cómhairle ár Leasa
Leathanach
10
Ní fhéadaim gan bheith míchéadtach, cancarach, feargach, nuair a chím fós iad, ar leacachaibh na sráide, gach aon ghaige gan éifeacht acu agus a phlaoisgín folamh anáirde aige agus gan oiread agus aon fhocal amháin Gaeluinne 'n-a phluc!
Foinse
Cómhairle ár Leasa
Leathanach
217
Samplaí breise
2. Thug sé an focal is measa ina bhéal, ina phluc, dom, he made a vile remark to me.
Foinse
Foclóir Gaeilge-Béarla (Ó Dónaill 1977)
Ceannfhocal
focal
2. Níl aon fhocal Gaeilge ina phluc, he doesn't know one word of Irish.
Foinse
Foclóir Gaeilge-Béarla (Ó Dónaill 1977)
Ceannfhocal
pluc
79. An cigire... agus gan aige do'm mhúinteóir ach an focal ba tharcuisnigh 'n-a phluic. The inspector...using to the teacher only the most contemptuously insulting language at his command.
Foinse
Cruinneas cainnte. Chúig céad abairt ó'n Athair Peadar féin agus a míniú sa Bhéarla (Ó Mahúna 1923)
Leathanach
36
gaois.ie