Gaois

droim láimhe a thabhairt (le)

Nath fáthchiallach

Ceannfhocail

droim, lámh, tabhair

Cur síos

Cúl a thabhairt le rud; rud a shéanadh.

Samplaí corpais

  • Ní foláir obair chiúin chruaidh a dhéanamh chun Gaeluinne d'fhoghluim. Ní thaithnean obair ciúin chruaidh leis na staigíní. Seachnaid siad an obair. Tugaid siad druim lámha léi. Fanaid siad sa bhaile uaithi.

  • Go mór mór má iompuigh na daoine amach go h-olc, má thugadar cúl agus druim lámha le Dia agus le dlighe Dé, cad é an chúis ná tógfí uatha an talamh? Thug Dia dhóibh an talamh saidhbhir sin ar dtúis agus do b'olc an díol ortha é.

  • An mhuintir a chuirfidh uatha, le grádh dhuit-se, gach pléisiúr a bhaineann leis an gcolainn, tá sólás ró aoibhinn an Spioraid Naoimh le fagháil acu. An mhuintir a shiúbhlann an bóthar cúmhang, ar son t'ainime-se, agus do thugann druim lámha le cúram an tsaoghail, beidh a n-aigne saor ó cheangalaibh acu d'á bhárr.

Crostagairtí

Samplaí breise