Léim go dtí an príomhábhar
BAILIÚCHÁN NATHANNA AN ATHAR PEADARLiosta nathannaFoinsí corpaisFoinsí breiseEolas
lámh (a chur) i
Nath fáthchiallach
Ceannfhocail: lámh, cuir
Cur síos:
Do ladar a chur isteach i rud.
Samplaí corpais
Tá aithne agam-sa air, mar is uaidh mé, agus isé féin a chuir uaidh mé. Ansan bhíodar a d'iarraidh beirthe air, ach níor chuir aoinne lámh ann mar ní raibh a thráth tagaithe fós.
Foinse
Na Cheithre Soisgéil as an Tiomna Nua
Leathanach
246
Ba ró mhaith le n-a lán de sna daoinibh a bhí ar aon aigne le h-uaislibh an tSanhedrim an rud céadna dhéanamh. Ach níor chuir aoinne aon lámh ann. Deir duine éigin gurbh' é chúis nár chuir aoinne aon lámh ann ná le h-eagla roimis an bpobul.
Foinse
Críost Mac Dé (Cuid II)
Leathanach
301
Agus, gan amhras, cuirfidh rí Sacsan a lán ceisteanna i dtaobh na hoibre seo, sar a dtoilighidh sé chun na hoibre, go mór mór, sar a gcuirfidh sé aon lámh san obair.
Foinse
Lughaidh Mac Con
Leathanach
48
Crostagairtí
ag sá a dhá ladhar (i)
Samplaí breise
2. (Of action with hands, share in action, etc.) (b) Lámh a bheith agat i rud, to have a hand in something. Bhí lámh ar leith aige ann, he played a special part in it.
Foinse
Foclóir Gaeilge-Béarla (Ó Dónaill 1977)
Ceannfhocal
lámh
cuirim lámh i, I meddle with; níor cheart duit aon lámh do chur 'sa díleachtaidhe sin, you should have nothing to do with that orphan.
Foinse
Foclóir Gaedhilge agus Béarla (Dinneen 1927)
Ceannfhocal
lámh
Míniú breise
Níor bhaineadar leis - níor chuir aon duine lámh ann. Lámh a chur ann - gabhadh é (comhartha gafa).
Níor threascair/bhuaigh éinne air.
Níor bhaineadar leis.
gaois.ie