Léim go dtí an príomhábhar
BAILIÚCHÁN NATHANNA AN ATHAR PEADARLiosta nathannaFoinsí corpaisFoinsí breiseEolas
ó bhaithis go bonn
Nath fáthchiallach
Ceannfhocail: baithis, bonn
Cur síos:
An corp ar fad; ó bhun go barr.
Samplaí corpais
Do mhol sí a cheann agus a ghuailne agus neart a ghéag, a ghnúis áluinn, a dheabhramh agus a dhealbh agus a dhéanamh; conus mar a bhí sé córach, cumasach, cruaidh, calma, ó bhathas a chinn go bonn a choise.
Foinse
Táin Bó Cuailnge 'na Dhráma
Leathanach
25
Crostagairtí
ó bharr go bun
ó mhullach (go) talamh
Samplaí breise
Top, crown (of head). Ó bhaithis (an chinn) go bonn (na coise), from head to foot, all over.
Foinse
Foclóir Gaeilge-Béarla (Ó Dónaill 1977)
Ceannfhocal
baithis
Ó mhullach cinn go bonn coise; ó sháil go rinn.
Foinse
English-Irish Dictionary (de Bhaldraithe 1959)
Ceannfhocal
cap-à-pie
gaois.ie