Léim go dtí an príomhábhar
BAILIÚCHÁN NATHANNA AN ATHAR PEADARLiosta nathannaFoinsí corpaisFoinsí breiseEolas
ag sá a dhá ladhar (i)
Nath fáthchiallach
Ceannfhocail: dhá, ladhar, sáigh
Cur síos:
Ag baint le gnó nach mbaineann leis.
Samplaí corpais
Ní féidir dúinn choídhche chur chun aon bhlúire gnótha dhéanamh gan an bastún do theacht ag sádh a dhá ladhar sa ghnó agus 'ghá lot orainn.
Foinse
Sgothbhualadh I, II
Leathanach
38
Crostagairtí
lámh (a chur) i
Samplaí breise
5. (a) (Clawed) hand. Do ladhar a chur sa lathach, to dirty one's hands, to engage in menial work.
Foinse
Foclóir Gaeilge-Béarla (Ó Dónaill 1977)
Ceannfhocal
ladhar
Ná sáidh do ladhar i gcúrsa ná baineann leat. Ná bí ag cur isteach ar ghnó dhuine eile. Glac bog cúram dhuine eile.
Foinse
Cortha Cainnte na Gaedhilge (Mac Sithigh 1940)
Leathanach
18
1. He has a finger in every pie, tá a ladhar i ngach aon ghnó aige.
Foinse
English-Irish Dictionary (de Bhaldraithe 1959)
Ceannfhocal
finger
gaois.ie