Gaois

ó chraiceann amach

Fíornath

Ceannfhocail

amach, craiceann

Cur síos

Gach a bhfuil ag duine a thabhairt uaidh.

Samplaí corpais

  • Féach! do thabharfidís na súile amach as a gceannaibh, do thabharfidís a bhfuil ó chroicean amach acu ar an saoghal so, agus ba chuma leó cad a dhéanfadh an saoghal eile, ach go bhféadfidís seilbh an dá chúige sin d'fháil agus do chimeád agus sinne do mharbhrú nó do dhíbirt.

  • Bhí fhios againn go dian mhaith, dá mbéadh a sheacht n-oiread armála ag muíntir na h-Éirean agus a bhí acu an uair sin, dá mbéadh oiread armála acu, agus oiread saidhbhris, agus oiread nirt slógh, agus go bhféadfidís an ghleic do choimeád ar siúbhal i gcoinnibh Shasana ar feadh fiche blian, go gcaillfeadh Sasana a raibh an tsaoghal aici, ó chroicean amach, go gcaillfeadh sí an croicean féin, go gcaillfeadh sí an t-anam, níba thúisge 'ná mar a leigfeadh sí do mhuintir na h-Éirean an lámh uachtair a dh'fhághail.

Samplaí breise