Léim go dtí an príomhábhar
BAILIÚCHÁN NATHANNA AN ATHAR PEADARLiosta nathannaFoinsí corpaisFoinsí breiseEolas
an focal deireanach
Nath fáthchiallach
Ceannfhocail: focal, deireanach
Cur síos:
Focal scoir; an rud deiridh a deirtear i gcomhrá nó in argóint.
Samplaí corpais
Ní h-é an chéad fhocal é a dubhradh ad' choinnibh, ná ní focal é ná dubhradh riamh roimis seo ad' choinnibh, mar ní h-é an focal dheirineach é a déarfar ad choinnibh, má mhaireann tú abhfad.
Foinse
Aithris ar Chríost
Leathanach
224
"Ach, a dhuin'uasail," arsa Sanchó, "nách cuimhin leat súd? Ní ridire mise, a dhuin'uasail, agus ní réidhtigheann an balsam ach le ridire. Ní beag liom de'n bhalsam! Cimeád agat féin é i n-ainim an diabhail dó!" Dubhairt sé an focal deirineach san fé n'fhiacalaibh.
Foinse
Don Cíochóte (Cuid II)
Leathanach
144
Ní déanfar aon cheataighe do riaghaltaibh ná do ghnóthaíbh an chreidimh mar ní corrófar oiread agus aon chloch amháin de'n tseana theampul go dtí go mbeidh an uile bhlúire d'adhbhar an teampuil nua anso ar an bhfód. Do chuir an focal deirineach san suaineas aigne ortha.
Foinse
Sgéalaidheacht na Macabéach I, II
Leathanach
195
Samplaí breise
Fág an focal deireanach aici, let her have the last word.
Foinse
Foclóir Gaeilge-Béarla (Ó Dónaill 1977)
Ceannfhocal
fág ag
Gobán, focal scoir, focal deireanach.
Foinse
English-Irish Dictionary (de Bhaldraithe 1959)
Ceannfhocal
clincher
gaois.ie