Léim go dtí an príomhábhar
BAILIÚCHÁN NATHANNA AN ATHAR PEADARLiosta nathannaFoinsí corpaisFoinsí breiseEolas
i gcroí
Nath fáthchiallach
Ceannfhocail: croí
Cur síos:
Ionad neadaithe na mothúchán.
Samplaí corpais
Bhí sgannra 'na gcroidhe agus i gcroidhe mhuíntir Shasana go léir roimh Ó Domhnaill agus roim Ó Néill, agus ba chuma leó cad é an gníomh a dhéanfidís na fir sin, nú aoinne acu, do chur as an saoghal.
Foinse
Aodh Ruadh (Cuid II)
Leathanach
243
"Feuch," ar seisean, "do tugadh an t-airgead thar n-ais domh-sa. Feuch anso é i mbéal an mhála agam." Tháinig sgannra agus eagla ortha agus sgeit 'n-a gcroidhe. "Ó," ar siad le n-a chéile: "Cad é an nídh é seo atá déanta ag Dia orainn!"
Foinse
Sgéalaidheachta as an mBíobla Naomhtha 1,3,4,5,6,7
Leathanach
91
Chuaidh an chainnt sin isteach i gcroidhe na ndaoine agus do mholadar an chainnt agus bhí áthas ortha. Chuaidh an chainnt isteach i gcroidhe na n-uasal, leis, agus do ghearr sí an croidhe acu. Níor fhág sí focal le rádh acu.
Foinse
Críost Mac Dé (Cuid II)
Leathanach
299
Samplaí breise
Sgeit 'n-a gcroidhe, a terror that seems to make the heart stand still.
Foinse
Notes on Irish Words and Usages (Ua Laoghaire 1926)
Ceannfhocal
sgeit
3. (a) Secret. Na smaointe is uaigní i gcroí an duine, the inmost thoughts of a human being.
Foinse
Foclóir Gaeilge-Béarla (Ó Dónaill 1977)
Ceannfhocal
uaigneach
gaois.ie