Gaois

nua gach bia agus sean gach dí

Nath fáthchiallach

Ceannfhocail

nua, bia, sean, deoch

Cur síos

Béile den chéad scoth.

Samplaí corpais

  • Annsan do hollmhuigheadh dínnéar mór dosna Gaedhealaibh. Do tugad "nua gacha bídh agus sean gacha dighe" dhóibh i dtreó gur baineadh blas na luch as a mbéalaibh agus cuimhne an chruadhtain 'n-a rabhadar as a n-aigne.

  • Bhí cuideachta de'n tsórd san cruinnighthe ann lá, uaisle móra ó chian agus ó chomhgar, "nua gacha bídh agus sean gacha dighe" dá roinnt ortha gan dochma agus Aodh Dubh féin ag ceann cláir ann.

  • An fhaid a bhí san d'á dhéanamh do tugadh "nua gacha bídh agus sean gacha díge" ag triall air féin agus ar Bhébó, agus do tugadh an uile shaghas onóra agus urama dhóibh, agus do dhein Feargus agus an uile dhuine de'n chuideachtain an dícheal ba mhó b'fhéidir chun áthais do chur ar an mbeirt agus chun aoibhnis a thabhairt dóibh.

Samplaí breise