Léim go dtí an príomhábhar
BAILIÚCHÁN NATHANNA AN ATHAR PEADARLiosta nathannaFoinsí corpaisFoinsí breiseEolas
ó dhubh go dubh
Nath fáthchiallach
Ceannfhocail: dubh
Cur síos:
Ó mhaidin go hoíche; ó éirí go luí na gréine.
Samplaí corpais
Na daoine ar mhullach a gcinn ag obair ó dhubh go dubh agus ó cheann ceann de'n bhliain, agus an uile bhlúire de thoradh na sglábhaidheachta go léir agus de thoradh an alluis go léir ag imtheacht sa chíos.
Foinse
Mo Sgéal Féin
Leathanach
165
Bhíodar sásta, agus ba chreideamhaint leo é, bheith ag obair ó dhubh go dubh ar bheagán bídh agus fé bheagán éadaig, ach go bhféadfidís an cíos a dhéanamh.
Foinse
Sgothbhualadh I, II
Leathanach
56
Is eól dúinn go léir gur minic le feisgint Críosdaidhthe fóghanta, daoine macánta, diadha, agus iad ag obair ó dhubh go dubh agus ó Luan go Satharn, agus pé cor a thabharfaidís dóibh féin ná féadfaidís aon rud i bhfuirm saidhbhris do chnuasach ná chur le chéile.
Foinse
Cómhairle ár Leasa
Leathanach
110
Crostagairtí
do ló agus d'oíche
ó mhaidin go hoíche
ó Luan go Satharn
Samplaí breise
3. (a) Darkness. Ag obair ó dhubh go dubh, working from dawn to dusk.
Foinse
Foclóir Gaeilge-Béarla (Ó Dónaill 1977)
Ceannfhocal
dubh
From morning to night, ó dhubh go dubh.
Foinse
English-Irish Dictionary (de Bhaldraithe 1959)
Ceannfhocal
morning
gaois.ie