Léim go dtí an príomhábhar
BAILIÚCHÁN NATHANNA AN ATHAR PEADARLiosta nathannaFoinsí corpaisFoinsí breiseEolas
ceithre hairde an domhain
Fíornath
Ceannfhocail: aird, ceithre, domhan
Cur síos:
I gcéin agus i gcóngar.
Samplaí corpais
Nuair a fuair an Don é féin amuich ar an mbóthar mór, agus é 'n-a ridire fáin gan mhearathal ar bith, agus cheithre h-árda an domhain ós a chómhair, agus gan bac air aghaidh a thabhairt soir nó siar, ó-dheas nó ó-thuaidh, agus gan ar chumas aoinne beó, dá mb'é an rí féin é, aon chosg do chur leis.
Foinse
Don Cíochóté (Cuid I)
Leathanach
33
Ach chun an cheapadh san do chur i ngníomh cad a deineadh? Ar soláthruigheadh a' cheithre h-árdaibh an domhain sgoláirí a bhéadh níos léigheanta, níos eólguisighe, níos tuisgionaighe, níos deagh-labhartha, níos géire intleacht, 'ná sgoláirí móra na Gréige agus na Rómha?
Foinse
Seanmóin agus Trí Fichid I
Leathanach
92
Ach nuair a dhéanfir-se mé ghairm ar maidin amáireach, bead im' ridire i gceart as san amach; agus ní bheidh bac orm aghaidh a thabhairt ar cheithre h-árdaibh an domhain, agus tíoránaigh do smachtughadh, agus éagcóir do chosg, agus an lag macánta do chosaint ar an láidir mí-mhacánta.
Foinse
Don Cíochóté (Cuid I)
Leathanach
22
Samplaí breise
As ceithre hairde an domhain, na cruinne, from the four quarters of the earth.
Foinse
Foclóir Gaeilge-Béarla (Ó Dónaill 1977)
Ceannfhocal
aird
2. a. The cardinal points, na ceithre hairde.
Foinse
English-Irish Dictionary (de Bhaldraithe 1959)
Ceannfhocal
point
2. Fógraíonn (rud) os ard, sna ceithre hairde.
Foinse
English-Irish Dictionary (de Bhaldraithe 1959)
Ceannfhocal
trumpet
gaois.ie