Gaois

póca trom

Nath fáthchiallach

Ceannfhocail

póca, trom

Cur síos

An-chuid airgid; saibhreas.

Samplaí corpais

  • Abair leis gach aon rud do bheith i dtreó mhaith aige rómhainn. Má tá póca trom aige seo gheabhaidh sé éadtromúghadh sul a'm beiridh an oidhche amárach air. Imthig-se, a Chroist, agus féuch an bhfeicfá airís é agus tabhair chugam isteach é.

Míniú breise

  • Sparán teann aige, fuíollach airgid, saibhreas.
  • Bhí sé saibhir.
  • A lán airgid.
  • Bhí a lán airgid ina phóca, bhí sé saibhir go maith, carn airgid, cnuba.
  • A lán airgid ina phóca, saidhbhir.