Má thuigid muíntir Chorcaíghe gur plámás agus cimilt bhaise atá ar siúbhal indiu agat ní chuirfid siad puínn suime sa spídiúchán a dhéinis indé ortha. Tabharfid siad "Tadhg an dá thaobh" ort.
Tadhg an dá thaobh iseadh é. Duine a mholann le gach taobh. Bíonn sé a d'iarraidh caradas an dá dhreama a bheith aige, cé go mbeidís sin 'na ndearg náimhdibh dá chéile. "Teanga liom leat" iseadh a leithéid.