Léim go dtí an príomhábhar
BAILIÚCHÁN NATHANNA AN ATHAR PEADARLiosta nathannaFoinsí corpaisFoinsí breiseEolas
an beag a chur ina mhór (ar)
Nath fáthchiallach
Ceannfhocail: beag, mór, cuir
Cur síos:
An dallach dubh, an dallamullóg a chur ar dhuine.
Samplaí corpais
Do chuir sé an beag 'na mhór orm. Do chuiris an dubh 'na gheal orm. Do chuir sé an cam 'na dhíreach orm.
Foinse
Papers on Irish Idiom
Leathanach
55
Crostagairtí
an dubh a chur ina gheal (ar)
an cam a chur ina dhíreach (ar)
púicín a chur (ar)
Samplaí breise
Is féidir an focal céanna do ghlaca go fíor-mhinic 'na ní nú 'na mhódh, fé mar is rogha leis an gcainteóir é. Is módha ar an gcéad amharc iad so. .i. maith, olc, beag, mór, dubh, geal, cam, díreach, ach is féidir gach focal díobh do ghlaca 'na ní, <e.g.> Níl maith mór ann. An t-olc do sheachna. Do chuir sé an beag 'na mhór orm. Do chuiris an dubh 'na gheal orm. Do chuir sé an cam 'na dhíreach orm.
Foinse
Papers on Irish Idiom (Ua Laoghaire 1926)
Leathanach
55
gaois.ie