Gaois

faoi chré

Nath fáthchiallach

Ceannfhocail

faoi, cré

Cur síos

Marbh; adhlactha.

Samplaí corpais

  • "Dheineas níba mhó 'ná san. Thugas mé féin di chómh h-iomlán san gur dóich liom dá bhfanadh sí abhfad eile anso go mbéadh sí curtha fé 'n gcré agam!" "Airiú, cad a chuirfeadh fé'n gcré í, a mháthair? Ar nóin ní h-amhlaidh a thabharfá dhi féin an rud n-a raibh sí ag faire ort sar a dtabharfá do Bhrian é!" ar seisean.

    Foinse: Niamh

    Leathanach: 195

  • Dá mbéadh an Ghaeluinn fé'n gcré amáireach agus ná béadh le saothrú ' againn ach Béarlagar na Saor bhéadh an gleó céadna díreach ag na daoíne sin. Bhéadh a nglór go h-árd agus go ceólmhar 'á chur 'n-a luíghe orainn go léir, gur cheart dúinn Béarlagar na Saor do shaothrú ' ar aon dul leis an léighean is uaisle sa Bhéarla!

  • An tír 'n-a bhfaighir-se bás ann is ann a gheóbhad-sa bás agus is ann a curfar fé chré me. Go ndeinidh an Tighearna so agus súd liom má sgaraim leat choidhche go sgaraidh an bás me leat!

Crostagairtí

Samplaí breise