Gaois

gan (aon) chlóic a chur (ar)

Leathnath

Ceannfhocail

aon, clóic, cuir

Cur síos

Gan lagmhisneach a chur ar dhuine.

Samplaí corpais

  • Ach i dtaobh na feóla, sgéal eile ar fad ab eadh an fheóil. Ní chuireadh ithe na feóla aon chlóic ar a choinsias. Bhí cait cheann-fhionna ar na Iúdaigh go tiugh an uair sin. Táid cait cheannfhionna le fághail fós, leis, sa tsaoghal.

  • Bhí 'fhios acu conus mar ná goilleadh fuacht ná fliuchra air nuair a bhí sé sa bhaile i nÉirinn; conus mar a chodladh sé fe spéir na hoidhche agus gur chuma leis samhradh nú geimhre ann, fearthainn nú sneachta nú sioc, agus ná cuireadh aon taobh acu aon chlóic air. Ní áiteóch an saoghal ortha ná gurbh amhlaidh a tugadh nimh dó.

  • Chun Dé atá triall na h-intinne atá díreach. Beireann an croídhe glan greim ar Dhia, agus blaiseann sé Dia. Ní chuirfidh aon ghníomh fóghanta aon chlóic ort má bhíonn do chroídhe istigh glan ó ghrádh chlaon.

Úsáid

Úsáidtear an nath seo san fhoirm dhiúltach amháin.

Samplaí breise