Gaois

gal soip

Nath fáthchiallach

Ceannfhocail

gal, sop

Cur síos

Rud nach maireann i bhfad; rud neamhbhuan.

Samplaí corpais

  • Admhuighim duit nuair a bhíos ar an slighe, ag dul ann, go raibh sórd eagla orm ná beadh sa tabhairt amach ach gal suip.

  • Ní'l aon fhocal Gaeluinne aige féin ach tá sé 'ghá foghluim go tiugh. Cheap sé ar dtúis, nídh nár bh'iongna, ná beadh i n-obair na Gaeluinne ach gal suip. Go mbeadh bladham ar feadh tamail bhig, agus raint fothraim, agus ansan go raghadh gach nídh chun suainis.

  • An feall a bhí ceapaithe, beartuighthe, acu chómh deas chómh gasta chómh géar-chúiseach, dar leó féin, do thuit sé as a chéile os cómhair a súl. Dhein gal suip dé an túisge ' n-ar labhair an Slánuightheóir. Bhí sgéal nua ag muintir Heróid ag dul a bhaile.

Samplaí breise