Léim go dtí an príomhábhar
BAILIÚCHÁN NATHANNA AN ATHAR PEADARLiosta nathannaFoinsí corpaisFoinsí breiseEolas
cosa a bhaint (ó)
Nath fáthchiallach
Ceannfhocail: cos, bain
Cur síos:
Bonn a bhaint de rud.
Samplaí corpais
D'fhéadfadh sé a rádh, "Bíon feóil le n-ithe agaibh-se gach aon tseachtmhain. Taisbeánan san go bhfuil mo chuid tailimh-se agaibh ró shaor. Caithfidh sibh tuille cíosa thabhairt dom." Ach nuair ná raibh ag an leanbh le maoidheamh ach gur ith sé smut de ghé fadó nuair a bhí an Nodlaig ann, do baineadh na cosa glan ó aon leath-sgéal chun cíosa d'árdughadh.
Foinse
Mo Sgéal Féin
Leathanach
23
Is ar fhírinne agus ar dhílse an bhreithimh a bhíonn gach aoinne ag brath chun cirt dlighe dh'fhághail. Nuair a ghlacan an breitheamh an bhreab baintear na cosa ón gceart. Deintear éagcóir i riocht cirt.
Foinse
Aesop a Tháinig go hÉirinn (Cnuasach II)
Leathanach
96
Samplaí breise
baineadh na cosa glan ó aon leathscéal: cuireadh deireadh glan le haon leathscéal.
Foinse
Foclóir agus nótaí do "Mo Scéal Féin" a scríobh an tAthair Peadar Ó Laoghaire (Ó hAodha 1970)
Leathanach
13
130. Do baineadh na cosa glan ó aon leath-sgéal chun cíosa d'árdú. The bottom was completely knocked out of any excuse for raising the rent.
Foinse
Cruinneas cainnte. Chúig céad abairt ó'n Athair Peadar féin agus a míniú sa Bhéarla (Ó Mahúna 1923)
Leathanach
42
gaois.ie