Léim go dtí an príomhábhar
BAILIÚCHÁN NATHANNA AN ATHAR PEADARLiosta nathannaFoinsí corpaisFoinsí breiseEolas
clocha ceangailte agus madraí scaoilte
Fíornath
Ceannfhocail: cloch, madra, ceangail, scaoil
Cur síos:
Baol ann agus gan aon rud chun cosc a chur leis.
Samplaí corpais
"Tá sé ag cur ar Mhac Uilliam agus ní foláir d'Ó Domhnaill dul agus Mac Uilliam do chosaint air. Sos comhraic ceangailte orainne agus sibh-se 'ghá bhrise! 'Clocha ceangailte agus madraí sgaoilte.' Ní dhéanfadh san an bheart, a ridire."
Foinse
Aodh Ruadh (Cuid II)
Leathanach
174
Níor bh' fhéidir é an fhaid a bhí an éagcóir chómh trom chómh tiubaisteach san nár bh' fhéidir le daoine macánta í dh'fhulang gan iaracht éigin a dhéanamh fé cheilt 'n-a coinnibh, agus ansan, an t-airgead chómh flúirseach ag lucht na h-éagcóra do dhéanamh, chun na breibe thabhairt go fial do'n informer. Ba thruagh an sgéal é! Clocha ceangailte agus madraí sgaoilte! Éagcóir i riocht cirt. An bhréag i riocht na fírinne. Cos-ar-bolg i riocht dlíghe.
Foinse
Mo Sgéal Féin
Leathanach
109
Samplaí breise
Clocha ceangailte a's madraí sgaoilte a's Eibhlís dá leagadh chomh minic a's d'eirigeadh sí. Clocha ceangailte a's madraí sgaoilte = Ná beadh leigheas do bhruide agat ar an tóir a bheadh ort.
Foinse
Lámhscríbhinn (Acadamh Ríoga na hÉireann): M055 Cnuasach Focal ó Mhúscraí (Ó Buachalla)
Is mairg a théann go Baile na bhFaoiteach – Bíonn clocha ceangailte is madraí scaoilte ann. Duine éigin nár cuireadh an fháilte cheart roimhe ann lá crua seaca. Nuair a cuireadh na madraí leis ann ní raibh na clocha féin mar chosaint aige air féin ach iad greamaithe sa sioc.
Foinse
Seanfhocail na Mumhan (Ó Siochfhradha 1926)
Leathanach
92
Bhí clocha ceangailte agus madraí sgaoilte. Bhí cead uilc agus maitheasa ag aon dream amháin, agus bhíodar ag luighe ar an gcuid eile, agus gan neart ag an cuid sin aon chosaint a dhéanamh ortha féin.
Foinse
Cortha Cainnte na Gaedhilge (Mac Sithigh 1940)
Leathanach
76
"Clocha ceangailte agus madraí scaoilte": ("Stones stuck and dogs aloose") Baol ann agus gan aon rud chun cosc a chur leis.
Foinse
Foclóir agus nótaí do "Mo Scéal Féin" a scríobh an tAthair Peadar Ó Laoghaire (Ó hAodha 1970)
Leathanach
50
Clocha ceangailte is madraí scaoilte: cead a gcos ag cladhairí gan smacht orthu ag daoine macánta.
Foinse
Lán-chúrsa na Gaeilge (Ó Riain 1952)
Leathanach
52
gaois.ie