Bhí file éigin sa n-áit agus tháinig eud air chun an bhráthar agus dhein amhrán, nú aiste filidheachta, ag magadh fé 'n mbráthair agus fé n-a chuid ime agus ag áireamh gach datha fé leith agus gach baluith fé leith d'á raibh le fághail ar ím an leastair ó bharr go bun.