Gaois

ó Dhomhnach Daoi go Tigh Mhóire

Nath fáthchiallach

Ceannfhocail

daoi, Domhnach, Móire, teach

Cur síos

Achar mór; dhá áit i gcéin ó chéile.

Samplaí corpais

  • Ba chuma liom an tsaoghal, a rígan, arsa Dúlainn, ach go bhfeicfinn tu féin thíos i dTeamhair ad'Árdrígain ar Éirinn go léir ó Dhonchadh Dí go Tigh Mháire!

    Foinse: Niamh

    Leathanach: 52

  • Níor thuig aoinne an léirsgrios marbhuightheach a bhéadh déanta ar an aigne Ghaedhlach nuair a bhéadh an Ghaeluinn imthighthe, agus gan i gcroídhe ná i mbéal an Éireanaigh, ó Dhomhnach Diagh go Tigh Mháire, ach Béarla briste.

  • Chídhinn buachailí agus cailíní ag teacht ó Bhaile Mhúirne agus ó Bhéal-ath-an-Ghaothraig agus aniar ó Uíbhráthach agus iad ag gluaiseacht isteach ins na dúthaibh Béarla agus sgoileana d'á gcur ar bun acu agus aon gheóin amháin Gaeluinne ar siúbhal ar fuid na h-Éirean go léir ó Dhonchadh Díghe go Tigh Máire.

Míniú breise

  • Ó thuaisceart na tíre go áit éigin i ndeisceart na tíre. Ó cheann ceann na tíre.

Samplaí breise

  • Ó Thigh Mhóire go Donncha Dí. Cheapaidís gurbh in iad an dá áit ba shia ó chéile in Éirinn. I nDún Chaoin atá ionad tí Mhóire – tugtar Bundún Mhóire ar an áit go minic – agus in oirthear an Dúin atá Donncha Dí (Domhnach Dia). De réir an tseanscéil bhí Mór agus Donncha pósta ach bhí sise chomh máistriúil géarchainteach sin leis gur éirigh sé tuirseach dá shaol. D'fhulaing sé léi go raibh Dia buíoch de, agus chuir sé aingeal chuig Donncha agus thug trí ghuí dó. Leis an deithneas a bhí ar Dhonncha ag breith an dea-scéil abhaile chun a mhná mhill sé guí acu. Nuair a thuig sise é sin thug sí sciúirseáil teanga dó. Chuir sin fearg ar Dhonncha. "A Bhraobaire, b'fhearr liom leithead na hÉireann eadrainn" ar seisean. Tógadh leo araon san aer – ise go Tigh Mhóire agus eisean go Donncha Dí.

  • "Ó THIGH MHÓIRE GO DONNCHADH DÍ." An uair is mian le Gaedhil a rádh go raibh dhá áit nó dhá rud i bhfad i gcéin ó chéile, adeirid do ghnáth – "Táid chomh fada ó chéile is atá Tigh Mhóire is Donnchadh Dí"; agus ní beag leo an méid sin de shlighe idir aon dá rud... Tá Tigh Mhóire ar bruach na mara i nDún Chuinn i nIarthar Chorca Dhuibhne i gcrích Chiarraighe, agus is é an tigh is giorra i nÉirinn do'n Domhan Thiar é. Tá Donnchadh Dí i Conndae an Dúna thoir thuaidh agus is é an baile is giorra d’Albain é de bhailtibh Éireann.

  • Donnchadh Dí (Domhnach Dí ó cheart), baile mór i gContae an Dúin; deirtear i gCiarraighe gurab í an áird is sia soir i nÉirinn í, acht ní hí, acht Rinn Bheara i n-Ard Uladh i gContae an Dúin.