Léim go dtí an príomhábhar
BAILIÚCHÁN NATHANNA AN ATHAR PEADARLiosta nathannaFoinsí corpaisFoinsí breiseEolas
greim dúide
Leathnath
Ceannfhocail: dúid, greim
Cur síos:
Greim docht daingean.
Samplaí corpais
Bíon greim diúid éigin ag anam an duine ar a leithéidí sin, fé mar a bheadh bainne-cí-éan éigin gha chimeád ortha, agus ní go bog a sgaran an t-anam leó tar éis bheith abhfad sáidhte ionta.
Foinse
Lúcián
Leathanach
77
Mo ghrádh mo Thighearna Íosa Críosd! Le n-a mhór chómhacht do bhog sé greim diúid an bháis de'n duine i dtreó ná béadh an bhaintreach ag gol.
Foinse
Seanmóin agus Trí Fichid II
Leathanach
157
Deinean sé feall air féin, feall ar a bhreitheamhantas, feall ar a choinsias, díreach mar a dhein Heród. Coimeádan sé an greim diúid ar chuid a chómharsan.
Foinse
Seanmóin agus Trí Fichid I
Leathanach
44
Samplaí breise
Greim dúide a fháil ar dhuine, to grasp someone by the neck, to fasten on someone.
Foinse
Foclóir Gaeilge-Béarla (Ó Dónaill 1977)
Ceannfhocal
dúid
greim dúide, a throttling, an inextricable grip.
Foinse
Foclóir Gaedhilge agus Béarla (Dinneen 1927)
Ceannfhocal
dúid
dúid i 'gréim dúid' amháin .i. greim daingean do-scaoilte
Foinse
Tráchtas MA: Nótaí do Scéal mo Bheatha le Domhnall Bán Ó Céileachar (Ó Céileachair 1950)
Leathanach
181
gaois.ie