Gaois

ag séideadh faoi

Nath fáthchiallach

Ceannfhocail

séid

Cur síos

D'anáil a chur faoi dhuine; duine a ghríosú chun gníomh a dhéanamh.

Samplaí corpais

  • Dhein an namhaid gach aon dícheal, le feall agus le h-éitheach agus le cleasaidheacht, ag séideadh fé gach taobh i gcoinnibh an taoibh eile; ag tabhairt na leath-bhfabhar uatha, na neithe do thógfadh taobh agus ná tógfadh an taobh eile, go dtí gur mhó an fuath a bhí ag uaislibh na Cómhairle agus ag taoiseachaibh na slógh d'á chéile 'ná mar a bhí ag aon taobh acu do'n namhaid.

  • Dúbhraís dhá uair nó trí, a Dhuinn," arsa Brian, "gur daoine anso i n-Éirinn atá ag séideadh fé mhuintir na ndúthaí iasachta so go léir agus 'á ngríosadh i n-ár n-aghaidh.

    Foinse: Niamh

    Leathanach: 224

  • Bhí mioscais agus formad idir an dá chúige agus idir an dá rígh, feuchaint ciacu Cathal nó Feargal a bhéadh i n' árdrígh ar Éirinn, agus bhí beirt chailleach, cailleach Ultach agus cailleach Muimhneach, a bíodh coitchianta ag séideadh fútha.

Samplaí breise