#3248519
Is samplaí de sheirbhísí poiblí digiteacha tras-Eorpacha iad seirbhísí lena gceadaítear, trí bhíthin malartuithe trasteorann sonraí, aitheantas frithpháirteach dioplómaí acadúla nó cáilíochtaí gairmiúla, malartuithe sonraí feithiclí le haghaidh sábháilteacht ar bhóithre, rochtain ar shonraí slándála sóisialta agus sláinte, lena n-áirítear deimhnithe paindéime agus vacsaínithe, rochtain ar chórais ionaid ilfhreastail, malartú faisnéise a bhaineann le cánachas, custaim, creidiúnú tairisceana poiblí, ceadúnais tiomána dhigiteacha nó cláir thráchtála, agus, go ginearálta, na seirbhísí uile lena gcuirtear prionsabal na haonuaire chun feidhme maidir le rochtain ar shonraí trasteorann agus malartú sonraí trasteorann.
Examples of trans-European digital public services are services that, by means of cross-border exchanges of data, allow for the mutual recognition of academic diplomas or professional qualifications, exchanges of vehicle data for road safety, access to social security and health data, including pandemic and vaccination certificates, access to single window systems, the exchange of information related to taxation, customs, public tender accreditation, digital driving licenses or commercial registers, and in general all those services that implement the ‘once-only’ principle to access and exchange cross-border data.