#2627114
ag tabhairt dá haire, agus é ina chúis imní di, ón tuarascáil ón gCúirt, nár chuir an Lárionad an modh iomchuí chun feidhme chun na ranníocaíochtaí i leith na hÍoslainne agus na hIorua a ríomh, amhail a tharla in 2019; á thabhairt dá haire go bhforáiltear sa chomhaontú comhair idir Cedefop agus Comhlachas Saorthrádála na hEorpa (CSTE) go ndéanann comhpháirtithe comhair CSTE ranníocaíocht ar leibhéal bunaithe ar chion a nOlltáirgeachta Náisiúnta i gcomparáid le OTN iomlán an Limistéir Eorpaigh Eacnamaíoch (LEE) agus gur ríomhadh ranníocaíochtaí na hIorua agus na hÍoslainne sa bhuiséad tosaigh de réir chion a nOlltáirgeachta Intíre (2,27 % i gcás na hIorua agus 0,14 % i gcás na hÍoslainne) i gcomparáid le OTI Bhallstáit an Aontais Eorpaigh in LEE, seachas i gcomparáid le OTN iomlán LEE; ag tabhairt dá haire, mar thoradh air sin, go ndearna an Iorua agus an Íoslainn ranníocaíocht le buiséad 2020 an Lárionaid a bhí EUR 8601 níos lú ná mar ba cheart agus gur íoc an tAontas EUR 8601 sa bhreis; ag tabhairt dá haire, ainneoin laghdú de EUR 1100000 sna leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí agus in ioncaim sa chéad leasú ar bhuiséad 2020, nár tugadh aon chuid den laghdú buiséid ar ais don Iorua agus don Íoslainn, rud a d’fhág go ndearna siad ranníocaíocht de EUR 25886 sa bhreis in 2020; ag tabhairt dá haire go bhfuil cur chun feidhme an mhodha chirt chun ranníocaíochtaí a ríomh fós ar lean, in ainneoin na moltaí maidir leis an modh chun ranníocaíochtaí a ríomh a rinne an Chúirt in 2019;
Notes with concern from the Court’s report that the Centre did not apply the proper method for calculating the contributions for Iceland and Norway, similarly to 2019; notes that the cooperation agreement Cedefop and the European Free Trade Association (EFTA) provides for EFTA cooperation partners to contribute at a level determined by the proportion of their GNP to the total GNP of the European Economic Area (EEA) and that Norway’s and Iceland’s contributions in the initial budget were calculated according to the proportion of their GDP (2,27 % for Norway and 0,14 % for Iceland) to the GDP of the Members States in the EEA, not to the total GNP of the EEA; notes that, as a result, Norway and Iceland contributed EUR 8601 less to the Centre’s 2020 budget than they should have done and that the Union contributed EUR8601 more; notes that, although payment appropriations and revenues were reduced by EUR 1100000 in the first 2020 budget amendment, no part of the budget reduction was returned to Norway and Iceland, thus they contributed EUR 25886 more in 2020; notes that the implementation of the correct method for calculating contributions is still ongoing despite the recommendations on the method for calculating contributions made by the Court in 2019;