#2805253
Ba cheart na bunaíochtaí ainmnithe agus na hionadaithe dlíthiúla dá bhforáiltear sa Treoir seo fónamh mar sheolaithe le haghaidh cinntí agus orduithe chun críche fianaise leictreonach a bhailiú ar bhonn Rialachán (AE) 2023/1543 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Threoir 2014/41/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus an Choinbhinsiúin arna bhunú ag an gComhairle i gcomhréir le hAirteagal 34 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, um Chúnamh Frithpháirteach in Ábhair Choiriúla idir Ballstáit an Aontais Eorpaigh, lena n-áirítear i gcás ina ndéantar na cinntí agus na horduithe sin a tharchur i bhfoirm deimhnithe.
The designated establishments and legal representatives provided for in this Directive should serve as addressees for decisions and orders for the purpose of gathering electronic evidence on the basis of Regulation (EU) 2023/1543 of the European Parliament and of the Council, of Directive 2014/41/EU of the European Parliament and of the Council and of the Convention established by the Council in accordance with Article 34 of the Treaty on the European Union, on Mutual Assistance in Criminal Matters between Member States of the European Union, including where those decisions and orders are transmitted in the form of a certificate.