#2047888
Ba cheart caiteachas a bhaineann leis an mbithéagsúlacht a rianú i gcomhréir le modheolaíocht éifeachtach thrédhearcach chuimsitheach atá an Coimisiún le leagan amach, i gcomhar le Parlaimint na hEorpa agus leis an gComhairle, faoi mar a thagraítear dó sa Chomhaontú Idirinstitiúideach an 16 Nollaig 2020 idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir leis an smacht buiséadach, le comhar in ábhair bhuiséadacha agus le bainistíocht fhónta airgeadais, mar aon le hacmhainní dílse nua, lena n-áirítear treochlár chun acmhainní dílse nua a thabhairt isteach.
Biodiversity-related Union expenditure should be tracked in accordance with an effective, transparent and comprehensive methodology to be set out by the Commission, in cooperation with the European Parliament and the Council, as referred to in the Interinstitutional Agreement of 16 December 2020 between the European Parliament, the Council of the European Union and the European Commission on budgetary discipline, on cooperation in budgetary matters and on sound financial management, as well as on new own resources, including a roadmap towards the introduction of new own resources