Gaois

Treo cuardaigh

Modh cuardaigh

Scag na torthaí

Bailiúcháin

Foirmeacha na bhfocal

comhaontaigh

comhaontú

ballstát

aistrigh

aistriú

imeacht

ábhar

coiriúil

1 toradh i ndoiciméad amháin

  1. #2465290

    Ba cheart Europol a bheith in ann próiseáil a dhéanamh ar shonraí pearsanta is gá don tacaíocht a thugann sé d’imscrúdú coiriúil sonrach i mBallstát amháin nó níos mó i gcás ina soláthraíonn tríú tír na sonraí sin, ar choinníoll gur ábhar í an tríú tír do chinneadh leordhóthanachta i gcomhréir le Treoir (AE) 2016/680 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (“cinneadh leordhóthanachta”); go bhfuil comhaontú idirnáisiúnta leis an tríú tír tugtha chun críche ag an Aontas de bhun Airteagal 218 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), a n-áirítear ann aistriú sonraí pearsanta chun críocha fhorfheidhmiú an dlí (“comhaontú idirnáisiúnta”); nó go bhfuil comhaontú comhair lena gceadaítear malartú sonraí pearsanta a tugtha chun críche idir Europol agus an tríú tír sin roimh theacht i bhfeidhm Rialachán (AE) 2016/794 (“comhaontú comhair”); nó go bhfuil foráil déanta do choimircí iomchuí i ndáil le cosaint sonraí pearsanta in ionstraim atá ceangailteach nó go gcinneann Europol, bunaithe ar mheasúnú ar na himthosca go léir a bhaineann le haistriú sonraí pearsanta, gurb ann do na coimircí sin sa tríú tír sin agus ar choinníoll go bhfuair an tríú tír na sonraí i gcomhthéacs imscrúdú coiriúil i gcomhréir leis na ceanglais nós imeachta agus na coimircí is infheidhme faoin dlí náisiúnta coiriúil.

    Europol should also be able to process personal data that are necessary for its support to a specific criminal investigation in one or more Member States where those data are provided by a third country, provided that: the third country is the subject of an adequacy decision in accordance with Directive (EU) 2016/680 of the European Parliament and of the Council (‘adequacy decision’); an international agreement with that third country has been concluded by the Union pursuant to Article 218 of the Treaty on the Functioning of the European Union (TFEU) that includes the transfer of personal data for law enforcement purposes (‘international agreement’); a cooperation agreement allowing for the exchange of personal data has been concluded between Europol and the third country prior to the entry into force of Regulation (EU) 2016/794 (‘cooperation agreement’); or appropriate safeguards with regard to the protection of personal data are provided for in a legally binding instrument or Europol concludes, based on an assessment of all the circumstances surrounding the transfer of personal data, that those safeguards exist in that third country and provided that the third country obtained the data in the context of a criminal investigation in accordance with procedural requirements and safeguards applicable under its national criminal law.

    Rialachán (AE) 2022/991 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2022 lena leasaítear Rialachán (AE) 2016/794, a mhéid a bhaineann le comhar Europol le páirtithe príobháideacha, an phróiseáil a dhéanann Europol ar shonraí pearsanta chun tacú le himscrúduithe coiriúla, agus ról Europol maidir le taighde agus nuálaíocht