#2627730
á thabhairt dá haire ó thuarascáil na Cúirte gur shínigh an tÚdarás an 19 Bealtaine 2020 conradh chun cúrsaí oiliúna ar an láthair a chur ar fáil ar luach measta conartha de EUR 1050000; á thabhairt dá haire barúil na Cúirte, in ainneoin ghéarchéim phaindéim COVID-19 a bheith ag titim amach ag an am, agus srianta a bheith ar imeachtaí ar an láthair, gur shínigh an tÚdarás an conradh agus ina dhiaidh sin leasú ar an gconradh i mí Lúnasa 2020 ar áiríodh ann míreanna nua sa chonradh amhail cúrsaí oiliúna fíorúla a sholáthar; á thabhairt dá haire gur socraíodh na cúrsaí fíorúla sin ar phraghsanna seasta a bhí níos airde ná an praghas ar na cúrsaí oiliúna ar an láthair a comhaontaíodh sa chéad chonradh agus gurbh ionann na hathruithe sin agus coinníollacha conartha nua a d’fhéadfadh, dá mbeidís mar chuid den nós imeachta soláthair tosaigh, breis tairgeoirí a mhealladh ar chostas níos iomaíche ó tharla nach raibh aon teorannú geografach i gceist leis an ngá le hoiliúint phearsanta; á thabhairt dá haire conclúid na Cúirte go raibh síneadh mór curtha le raon feidhme na tairisceana, agus gur leasú substaintiúil é an leasú ar an gconradh, rud arbh ionann é agus sárú ar Airteagal 72(4), pointí (a) agus (c), de Threoir 2014/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus dá bharr gur dhearbhaigh an Chúirt an leasú ar an gconradh agus gach íocaíocht ghaolmhar roimh CBL de EUR 3850 in 2020 a bheith neamhrialta; á chur in iúl gur geal léi na gníomhaíochtaí ceartaitheacha a rinne an tÚdarás ina leith sin;
Notes from the Court’s report that on 19 May 2020 the Authority signed a contract for the provision of in-person training courses with an estimated maximum contract value of EUR 1050000; notes the Court’s observation that despite the unfolding of the COVID-19 pandemic crisis at that time, and the limitations on events requiring presence in person, the Authority signed the contract and subsequently signed an amendment to the contract in August 2020 that included new contract items such as the provision of virtual training courses; notes that these virtual courses were set at fixed prices which were higher than the price of onsite training courses agreed in the initial contract, with those changes constituting new contract conditions that, had they been part of the initial procurement procedure, could have potentially attracted additional bidders without any geographical limitation imposed by the need for in-person training, at a more competitive cost; notes the Court’s conclusion that the scope of the tender had been extended considerably, and that the amendment to the contract was substantial, thereby contravening Article 72(4)(a) and (c) of Directive No 2014/24/EU of the European Parliament and of the Council, resulting in the Court declaring the amendment to the contract and all related payments before VAT of EUR 3850 in 2020 irregular; welcomes the corrective actions taken in that regard by the Authority;