#597371
Ba cheart imscrúduithe a dhéanamh i gcomhréir leis na Conarthaí agus go háirithe le Prótacal Uimh. 7 maidir le pribhléidí agus díolúintí an Aontais Eorpaigh, agus urraim á tabhairt, ag an am céanna, do Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh agus Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh Eile an Aontais Eorpaigh a leagtar síos i Rialachán (CEE, Euratom, CEGC) Uimh. 259/68 ón gComhairle [9] ("na Rialacháin Foirne"), agus do Reacht Fheisirí Pharlaimint na hEorpa, agus urramú iomlán á thabhairt do chearta an duine agus do shaoirsí bunúsacha, go háirithe do phrionsabal na cothroime, do chearta na ndaoine lena mbaineann a gcuid tuairimí a nochtadh maidir leis na firicí a bhaineann leo agus don phrionsabal faoinar féidir an méid a bhaintear de thátal as imscrúdú a bhunú ar na gnéithe de a mbaineann fianaise leo agus ar an mbun sin amháin.
Investigations should be conducted in accordance with the Treaties and in particular with Protocol No 7 on the privileges and immunities of the European Union, while respecting the Staff Regulations of Officials and the Conditions of Employment of Other Servants of the European Union laid down in Council Regulation (EEC, Euratom, ECSC) No 259/68 [9] ("the Staff Regulations") and the Statute for Members of the European Parliament, and with full respect for human rights and fundamental freedoms, in particular the principle of fairness, for the right of persons involved to express their views on the facts concerning them and for the principle that the conclusions of an investigation may be based solely on elements which have evidential value.