Gaois

Treo cuardaigh

Modh cuardaigh

Scag na torthaí

Bailiúcháin

Foirmeacha na bhfocal

concern

decision

relate

obligation

child

1 toradh i ndoiciméad amháin

  1. #1693697

    Ba cheart don oifigeach údarúcháin atá freagrach duine nó eintiteas a eisiamh nuair a suíodh le breithiúnas críochnaitheach nó le cinneadh riaracháin críochnaitheach go raibh an duine nó an t-eintiteas ciontach as mí-iompar gairmiúil tromchúiseach, as neamhchomhlíonadh na n-oibleagáidí a bhaineann le ranníocaíochtaí slándála sóisialta nó le cánacha a íoc, bíodh an neamhchomhlíonadh sin d’aon turas nó ná bíodh, as eintiteas a chruthú i ndlínse eile agus é mar aidhm aige dul timpeall ar oibleagáidí fioscacha, sóisialta nó oibleagáidí dlíthiúla eile, as calaois a dhéanann difear don bhuiséad, as éilliú, as iompar a bhaineann le heagraíocht choiriúil, as sciúradh airgid nó maoiniú na sceimhlitheoireachta, as cionta sceimhlitheoireachta nó as cionta a bhaineann le gníomhaíochtaí sceimhlitheoireachta, as saothar leanaí nó cionta eile a bhaineann le gáinneáil ar dhaoine nó as neamhrialtacht a dhéanamh.

    A person or entity should be excluded by the authorising officer responsible where it has been established by a final judgment or a final administrative decision that the person or entity is guilty of grave professional misconduct, of non-compliance, whether intentional or not, with the obligations relating to the payment of social security contributions or taxes, of the creation of an entity in a different jurisdiction with the intent to circumvent fiscal, social or any other legal obligations, of fraud affecting the budget, of corruption, of conduct related to a criminal organisation, of money laundering or terrorist financing, of terrorist offences or offences linked to terrorist activities, of child labour or other offences concerning trafficking in human beings or of the commitment of an irregularity.

    Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012