Gaois

Treo cuardaigh

Modh cuardaigh

Scag na torthaí

Bailiúcháin

Foirmeacha na bhfocal

marine

dump

ship

5 thoradh in 4 dhoiciméad

  1. #1378019

    ciallaíonn “Coinbhinsiún Osló” an Coinbhinsiún um Chosc ar Mhuir-Thruailliú trí Dhumpáil ó Longa agus ó Aerárthaí a rinneadh in Osló an 15ú lá d'Fheabhra, 1972;

    "the Oslo Convention" means the Convention for the Prevention of Marine Pollution by Dumping from Ships and Aircraft done at Oslo on the 15th day of February, 1972;

    Uimhir 8 de 1981: AN tACHT UM DHUMPÁIL AR FARRAIGE, 1981

  2. #2223741

    maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh ag an 22ú cruinniú de na Páirtithe Conarthacha sa Choinbhinsiún maidir le Cosaint Mhuirthimpeallacht agus Réigiún Cósta na Meánmhara (Coinbhinsiún Barcelona) gona Phrótacail a mhéid a bhaineann le cinneadh a ghlacadh lena leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann leis an bPrótacal maidir le Truailliú na Meánmhara trí Dhumpáil ó Longa agus ó Aerárthaí nó trí Loscadh ar Muir a Chosc agus a Dhíothú (Prótacal Dumpála)

    on the position to be taken on behalf of the European Union at the 22nd meeting of the Contracting Parties to the Convention for the Protection of the Marine Environment and the Coastal Region of the Mediterranean (Barcelona Convention) and its Protocols as regards the adoption of a decision to amend the Annex to the Protocol for the Prevention and Elimination of Pollution of the Mediterranean Sea by Dumping from Ships and Aircraft or Incineration at Sea (Dumping Protocol)

    Cinneadh (AE) 2022/9 ón gComhairle an 2 Nollaig 2021 maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh ag an 22ú cruinniú de na Páirtithe Conarthacha sa Choinbhinsiún maidir le Cosaint Mhuirthimpeallacht agus Réigiún Cósta na Meánmhara (Coinbhinsiún Barcelona) gona Phrótacail a mhéid a bhaineann le cinneadh a ghlacadh lena leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann leis an bPrótacal maidir le Truailliú na Meánmhara trí Dhumpáil ó Longa agus ó Aerárthaí nó trí Loscadh ar Muir a Chosc agus a Dhíothú (Prótacal Dumpála)

  3. #2223746

    Trí bhíthin Chinneadh 77/585/CEE ón gComhairle, thug an tAontas i gcrích an Prótacal a ghabhann leis an gCoinbhinsiún maidir le Cosaint Mhuirthimpeallacht agus Réigiún Cósta na Meánmhara (“Coinbhinsiún Barcelona”) maidir le Truailliú na Meánmhara trí Dhumpáil ó Longa agus ó Aerárthaí nó trí Loscadh ar Muir a Chosc agus a Dhíothú (“an Prótacal Dumpála”), agus is ar an 15 Aibreán 1978 a tháinig sé i bhfeidhm.

    The Protocol to the Convention for the Protection of the Marine Environment and the Coastal Region of the Mediterranean (‘the Barcelona Convention’) for the Prevention and Elimination of Pollution of the Mediterranean Sea by Dumping from Ships and Aircraft or Incineration at Sea (‘the Dumping Protocol’) was concluded by the Union by means of Council Decision 77/585/EEC and entered into force on 15 April 1978.

    Cinneadh (AE) 2022/9 ón gComhairle an 2 Nollaig 2021 maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh ag an 22ú cruinniú de na Páirtithe Conarthacha sa Choinbhinsiún maidir le Cosaint Mhuirthimpeallacht agus Réigiún Cósta na Meánmhara (Coinbhinsiún Barcelona) gona Phrótacail a mhéid a bhaineann le cinneadh a ghlacadh lena leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann leis an bPrótacal maidir le Truailliú na Meánmhara trí Dhumpáil ó Longa agus ó Aerárthaí nó trí Loscadh ar Muir a Chosc agus a Dhíothú (Prótacal Dumpála)

  4. #3160858

    Is bagairt é an muinisean dumpáilte do bheatha an duine agus don chomhshaol muirí, rud a chuireann i mbaol ní hamháin an iascaireacht agus an loingseoireacht ach forbairt an fhuinnimh amach ón gcósta, an dobharshaothraithe, na loingseoireachta, na turasóireachta agus earnálacha eile den gheilleagar gorm agus de ghníomhaíochtaí eacnamaíocha domhainfharraige freisin.

    The dumped munition pose a threat to human life and the marine environment that endangers not only fishing and navigation but also the development of offshore energy, aquaculture, shipping, tourism and other sectors of the blue economy and deep-sea economic activities.

    Glacadh cinntitheach (AE, Euratom) 2024/207 Bhuiséad bliantúil an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2024

  5. #1777743

    I gcomhréir le Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige an 10 Nollaig 1982 (UNCLOS), an Coinbhinsiún um Chosc ar Mhuir-Thruailliú trí Fhuíoll agus Ábhar Eile a Dhumpáil an 29 Nollaig 1972 (“Coinbhinsiún Londan”) agus Prótacal 1996 (“Prótacal Londan”), Iarscríbhinn V a ghabhann le Coinbhinsiún Idirnáisiúnta um Thruailliú ó Longa a Chosc 1973 (MARPOL), arna leasú le Prótacal 1978 a bhaineann leis, agus Coinbhinsiún Basel maidir le rialú gluaiseachtaí trasteorann dramhaíolacha guaiseacha agus a ndiúscairt an 22 Márta 1989 agus le reachtaíocht dramhaíola an Aontais, eadhon Treoir 2008/98/CE agus Treoir 2000/59/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, ceanglaítear ar na Ballstáit bainistiú dramhaíola fónta a áirithiú chun an bruscar muirí ó fhoinsí mara agus talaimh araon a chosc agus a laghdú.

    In accordance with the United Nations Convention on the Law of the Sea of 10 December 1982 (UNCLOS), the Convention on the Prevention of Marine Pollution by Dumping of Wastes and Other Matter of 29 December 1972 (‘London Convention’) and its 1996 Protocol (‘London Protocol’), Annex V to the International Convention for the Prevention of Pollution from Ships 1973 (MARPOL), as modified by the Protocol of 1978 relating thereto, and the Basel Convention on the control of transboundary movements of hazardous wastes and their disposal of 22 March 1989 and with Union waste legislation, namely Directive 2008/98/EC and Directive 2000/59/EC of the European Parliament and of the Council, Member States are required to ensure environmentally sound waste management to prevent and reduce marine litter from both sea and land sources.

    Treoir (AE) 2019/904 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meitheamh 2019 maidir le laghdú a dhéanamh ar an tionchar atá ag táirgí plaisteacha áirithe ar an gcomhshaol (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)