#521032
(74) Leis an Rialachán seo, níor cheart go gcuirfí bac ar Bhallstáit ar páirtithe iad i gCoinbhinsiún an 19 Samhain 1934 idir an Danmhairg, an Fhionlainn, an Íoslainn, an Iorua agus an tSualainn ina gcuimsítear forálacha dlí idirnáisiúnta phríobháidigh maidir le comharbas, le huachtanna agus le heastáit a riar, leanúint d'fhorálacha áirithe den Choinbhinsiún sin a chur i bhfeidhm, arna athbhreithniú leis an gcomhaontú idir-rialtasach idir na Stáit sin is páirtithe sa Choinbhinsiún.
(74) This Regulation should not preclude Member States which are parties to the Convention of 19 November 1934 between Denmark, Finland, Iceland, Norway and Sweden comprising private international law provisions on succession, wills and estate administration from continuing to apply certain provisions of that Convention, as revised by the intergovernmental agreement between the States parties thereto.