Gaois

Treo cuardaigh

Modh cuardaigh

Scag na torthaí

Bailiúcháin

Foirmeacha na bhfocal

international

access

justice

8 dtoradh in 8 ndoiciméad

  1. #2400195

    Leis an gCoinbhinsiún, féachtar le rochtain ar cheartas a chur chun cinn ar fud an domhain trí chomhar breithiúnach idirnáisiúnta feabhsaithe.

    The Convention seeks to promote access to justice globally through enhanced international judicial cooperation.

    Cinneadh (AE) 2022/1206 ón gComhairle an 12 Iúil 2022 maidir le haontachas an Aontais Eorpaigh leis an gCoinbhinsiún maidir le Breithiúnais Eachtracha in Ábhair Shibhialta nó Thráchtála a Aithint agus a Fhorfheidhmiú

  2. #284598

    Ní dhéanfaidh an Rialachán seo difear do chur i bhfeidhm Airteagal 23 de Choinbhinsiún an 17 Iúil 1905 maidir le nós imeachta sibhialta, Airteagal 24 de Choinbhinsiún an 1 Márta 1954 maidir le nós imeachta sibhialta ná Airteagal 13 de Choinbhinsiún an 25 Deireadh Fómhair 1980 maidir le rochtain idirnáisiúnta ar cheartas idir na Ballstáit ar páirtithe sna Coinbhinsiúin sin iad.

    This Regulation shall not affect the application of Article 23 of the Convention on civil procedure of 17 July 1905, Article 24 of the Convention on civil procedure of 1 March 1954 or Article 13 of the Convention on international access to justice of 25 October 1980 between the Member States party to those Conventions.

    Rialachán (CE) Uimh. 1393/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Samhain 2007 maidir le doiciméid bhreithiúnacha agus doiciméid sheachbhreithiúnacha in ábhair shibhialta nó in ábhair tráchtála a sheirbheáil sna Ballstáit ("doiciméid a sheirbheáil"), agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1348/2000 ón gComhairle

  3. #595324

    Ina theachtaireacht chuig an gComhairle agus chuig Parlaimint na hEorpa an 24 Samhain 2005 maidir le héifeachtacht fheabhsaithe, idir-inoibritheacht fheabhsaithe agus sineirgíochtaí idir bunachair shonraí Eorpacha i réimse an Cheartais agus Gnóthaí Baile, cuireann an Coimisiún in iúl go bhféadfadh rochtain a bheith ag na húdaráis atá freagrach as slándáil inmheánach ar shonraí Eurodac i gcásanna a bheadh sainithe go maith, nuair atá amhras ann a bhfuil bunús tugtha leis go bhfuil déantóir ciona sceimhlitheoireachta nó déantóir ciona choiriúil thromchúisigh tar éis iarratas ar chosaint idirnáisiúnta a dhéanamh.

    The Commission outlines in its Communication to the Council and the European Parliament of 24 November 2005 on improved effectiveness, enhanced interoperability and synergies among European databases in the area of Justice and Home Affairs that authorities responsible for internal security could have access to Eurodac in well defined cases, when there is a substantiated suspicion that the perpetrator of a terrorist or other serious criminal offence has applied for international protection.

    Rialachán (AE) Uimh. 603/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le bunú “Eurodac” chun méarloirg a chur i gcomparáid lena chéile ar mhaithe le cur i bhfeidhm éifeachtach Rialachán (CE) Uimh. 604/2013 lena mbunaítear na critéir agus na sásraí lena gcinntear cé acu Ballstát atá freagrach as scrúdú a dhéanamh ar iarratas ar chosaint idirnáisiúnta arna thaisceadh i mBallstát ag náisiúnach tríú tír nó ag duine gan stát agus maidir le hiarrataí ó údaráis forghníomhaithe dlí na mBallstát agus ó Europol ar chomparáidí le sonraí Eurodac chun críocha forghníomhaithe dlí, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1077/2011 lena mbunaítear Gníomhaireacht Eorpach le haghaidh bainistiú oibríochtúil córas TF ar mhórscála sa limistéar saoirse, slándála agus ceartais

  4. #706759

    I gcomhréir leis na bunluachanna ar a bhfuil an tAontas fothaithe, go háirithe cosaint chearta an duine, ba cheart don Choimisiún a chur san áireamh, agus measúnú á dhéanamh aige ar thríú tír nó ar chríoch nó ar earnáil shonraithe i dtríú tír, an tslí ina ndéanann tríú tír ar leith an smacht reachta, rochtain ar cheartas mar aon leis na noirm agus na caighdeáin idirnáisiúnta maidir le cearta an duine agus an dlí ginearálta agus an dlí earnála atá aici, lena n-áirítear reachtaíocht a bhaineann leis an tslándáil phoiblí, le cosaint agus leis an tslándáil náisiúnta mar aon leis an ord poiblí agus leis an dlí coiriúil, a urramú.

    In line with the fundamental values on which the Union is founded, in particular the protection of human rights, the Commission should, in its assessment of the third country, or of a territory or specified sector within a third country, take into account how a particular third country respects the rule of law, access to justice as well as international human rights norms and standards and its general and sectoral law, including legislation concerning public security, defence and national security as well as public order and criminal law.

    Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

  5. #1560227

    A chinneadh go socróidh an Chomhairle suíomh an Bhinse Idirnáisiúnta ag féachaint do nithe a bhaineann leis an gceartas agus leis an gcothroime chomh maith le héifeachtúlacht riaracháin, lena n-áirítear rochtain ar fhinnéithe, agus tíos, agus faoi réir socruithe cuí, a bheidh inghlactha ag an gComhairle, a bheith curtha i gcrích idir na Náisiúin Aontaithe agus Stát an tsuímh, á chur san áireamh go bhféadfaidh an Binse Idirnáisiúnta teacht le chéile in áit ar shiúl óna shuíomh nuair is dóigh leis gur gá sin chun a fheidhmeanna a fheidhmiú go héifeachtúil;

    Decides that the seat of the International Tribunal shall be determined by the Council having regard to considerations of justice and fairness as well as administrative efficiency, including access to witnesses, and economy, and subject to the conclusion of appropriate arrangements between the United Nations and the State of the seat, acceptable to the Council, having regard to the fact that the International Tribunal may meet away from its seat when it considers it necessary for the efficient exercise of its functions;

    Uimhir 40 de 1998: AN tACHT UM BINSÍ COIREANNA IDIRNÁISIÚNTA COGAIDH, 1998

  6. #1896962

    Ní dhéanfaidh an Rialachán seo d difear do chur i bhfeidhm Airteagal 24 de Choinbhinsiún na Háige an 1 Márta 1954 maidir le Nós Imeachta Sibhialta ná Airteagal 13 de Choinbhinsiún an 25 Deireadh Fómhair 1980 maidir le rochtain idirnáisiúnta ar cheartas idir na Ballstáit ar páirtithe sna Coinbhinsiúin sin iad.

    This Regulation shall not affect the application of Article 24 of the Hague Convention of 1 March 1954 on Civil Procedure or Article 13 of the Convention on International Access to Justice of 25 October 1980 between the Member States party to those Conventions.

    Rialachán (AE) 2020/1784 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2020 maidir le doiciméid bhreithiúnacha agus sheachbhreithiúnacha a sheirbheáil sna Ballstáit in ábhair shibhialta nó thráchtála (doiciméid a sheirbheáil) (athmhúnlú)

  7. #2072981

    Forbairt institiúidí poiblí daonlathacha cuimsitheacha ar an leibhéal idirnáisiúnta, ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal fo-náisiúnta, lena n-áirítear údaráis áitiúla, a neartú; an acmhainneacht a neartú maidir le buiséadú agus pleanáil inscnefhreagrúil; chomh maith le córas breithiúnach, neamhspleách, éifeachtach, éifeachtúil agus cuntasach, an smacht reachta a chur chun cinn, ceartas idirnáisiúnta, cuntasacht agus rochtain inacmhainne ar an gceartas do chách;

    Strengthening the development of democratic and inclusive public institutions at international, national and sub-national levels, including local authorities; strengthening the capacity for gender-responsive budgeting and planning; as well as an independent, effective, efficient and accountable judicial system, the promotion of the rule of law, international justice, accountability and affordable access to justice for all;

    Rialachán (AE) 2021/947 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta – An Eoraip Dhomhanda, lena leasaítear agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 466/2014/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) 2017/1601 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 480/2009 ón gComhairle (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

  8. #2047861

    Le Clár LIFE, ba cheart rannchuidiú leis an bhforbairt inbhuanaithe agus cuspóirí agus spriocanna reachtaíocht, straitéisí, phleananna agus ghealltanais idirnáisiúnta an Aontais maidir leis an gcomhshaol agus leis an aeráid mar aon le cuspóirí agus spriocanna reachtaíocht, straitéisí, phleananna agus ghealltanais idirnáisiúnta ábhartha an Aontais maidir le fuinneamh a bhaint amach, go háirithe maidir le Clár Oibre 2030 na Náisiún Aontaithe don Fhorbairt Inbhuanaithe, an Coinbhinsiún maidir leis an Éagsúlacht Bhitheolaíoch agus Comhaontú Pháras a glacadh faoi Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide (‘Comhaontú Pháras maidir leis an Athrú Aeráide’), agus, inter alia, Coinbhinsiún Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip (UNECE) maidir le Rochtain ar Fhaisnéis, rannpháirtíocht phoiblí i gcinnteoireacht agus rochtain ar cheartas i gcúrsaí comhshaoil (‘Coinbhinsiún Aarhus’), Coinbhinsiún UNECE maidir le hAerthruailliú Trasteorann Fadraoin, Coinbhinsiún Basel na Náisiún Aontaithe maidir le Rialú Gluaiseachtaí Trasteorann Dramhaíolacha Guaiseacha agus a nDiúscairt, Coinbhinsiún Rotterdam na Náisiún Aontaithe ar an Nós Imeachta i dTaobh Toiliú Feasach a chur in iúl roimh ré le haghaidh Ceimiceán Guaiseach agus Lotnaidicídí áirithe sa Trádáil Idirnáisiúnta, agus Coinbhinsiún Stócólm na Náisiún Aontaithe ar Thruailleáin Orgánacha Mharthanacha.

    The LIFE Programme should contribute to sustainable development and to the achievement of the objectives and targets of the environmental, climate and relevant energy legislation, strategies, plans and international commitments of the Union, in particular as regards the United Nations 2030 Agenda for Sustainable Development, the Convention on Biological Diversity and the Paris Agreement adopted under the United Nations Framework Convention on Climate Change (the 'Paris Agreement on Climate Change'), and, inter alia, the United Nations Economic Commission for Europe (UNECE) Convention on Access to Information, public participation in decision-making and access to justice in environmental matters (the 'Aarhus Convention'), the UNECE Convention on Long-Range Transboundary Air Pollution, the UN Basel Convention on the Control of Transboundary Movements of Hazardous Wastes and their Disposal, the UN Rotterdam Convention on the Prior Informed Consent Procedure for Certain Hazardous Chemicals and Pesticides in International Trade, and the UN Stockholm Convention on Persistent Organic Pollutants.

    Rialachán (AE) 2021/783 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2021 lena mbunaítear Clár don Chomhshaol agus do Ghníomhú ar son na hAeráide (LIFE), agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1293/2013 (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)