Gaois

Treo cuardaigh

Modh cuardaigh

Scag na torthaí

Bailiúcháin

Foirmeacha na bhfocal

criminal

matter

member

state

European

union

35 toradh in 20 doiciméad

  1. #1946541

    an Coinbhinsiún ar Chúnamh Frithpháirteach in Ábhair Choiriúla idir Ballstáit an Aontais Eorpaigh, arna bhunú ag an gComhairle i gcomhréir le hAirteagal 34 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus an Prótacal a ghabhann leis an gCoinbhinsiún ar Chúnamh Frithpháirteach in Ábhair Choiriúla idir Ballstáit an Aontais Eorpaigh, arna bhunú ag an gComhairle i gcomhréir le hAirteagal 34 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, beidh feidhm acu maidir le hiarrataí ar chúnamh dlíthiúil frithpháirteach a gheobhaidh an t-údarás lárnach nó an t-údarás breithiúnach faoin ionstraim lena mbaineann roimh dheireadh na hidirthréimhse;

    the Convention, established by the Council in accordance with Article 34 of the Treaty on European Union on Mutual Assistance in Criminal Matters between the Member States of the European Union, and the Protocol established by the Council in accordance with Article 34 of the Treaty on European Union to the Convention on Mutual Assistance in Criminal Matters between the Member States of the European Union, shall apply in respect of mutual legal assistance requests received under the respective instrument before the end of the transition period by the central authority or judicial authority;

    Comhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach

  2. #2817167

    Déantar foráil le acquis an Aontais maidir le dhá chreat dhlíthiúla chun JITanna a bhunú a mbeidh dhá Bhallstát ar a laghad rannpháirteach iontu: Airteagal 13 den Choinbhinsiún maidir le Cúnamh Frithpháirteach in Ábhair Choiriúla idir Ballstáit an Aontais Eorpaigh, arna bhunú ag an gComhairle i gcomhréir le hAirteagal 34 den Chonradh ar an Aontas Eorpach agus Cinneadh Réime 2002/465/CGB ón gComhairle.

    The Union acquis provides for two legal frameworks to set up JITs with the participation of at least two Member States: Article 13 of the Convention established by the Council in accordance with Article 34 of the Treaty on European Union, on Mutual Assistance in Criminal Matters between the Member States of the European Union and Council Framework Decision 2002/465/JHA.

    Rialachán (AE) 2023/969 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Bealtaine 2023 lena mbunaítear ardán comhoibrithe chun tacú le feidhmiú na bhfoirne comhpháirteacha um imscrúdú agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/1726

  3. #2817286

    ciallaíonn ‘údaráis inniúla’ údaráis na mBallstát atá inniúil chun bheith rannpháirteach in JIT a bunaíodh i gcomhréir le hAirteagal 13 den Choinbhinsiún arna bhunú ag an gComhairle i gcomhréir le hAirteagal 34 den Chonradh ar an Aontas Eorpach maidir le Cúnamh Frithpháirteach in Ábhair Choiriúla idir Ballstáit an Aontais Eorpaigh agus i gcomhréir le hAirteagal 1 de Chinneadh Réime 2002/465/CGB, OIPE ag gníomhú dó de bhun a hinniúlachtaí dá bhforáiltear in Airteagail 22, 23 agus 25 de Rialachán (AE) 2017/1939, chomh maith le húdaráis inniúla de chuid tríú tír i gcás inar páirtithe iad i gcomhaontú JIT faoi bhunús breise dlí;

    ‘competent authorities’ means the authorities of the Member States that are competent to be part of a JIT that was set up in accordance with Article 13 of the Convention established by the Council in accordance with Article 34 of the Treaty on European Union on Mutual Assistance in Criminal Matters between the Member States of the European Union and Article 1 of Framework Decision 2002/465/JHA, the EPPO when acting pursuant to its competences as provided for in Articles 22, 23 and 25 of Regulation (EU) 2017/1939, as well as the competent authorities of a third country where they are Party to a JIT agreement under an additional legal basis;

    Rialachán (AE) 2023/969 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Bealtaine 2023 lena mbunaítear ardán comhoibrithe chun tacú le feidhmiú na bhfoirne comhpháirteacha um imscrúdú agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/1726

  4. #278603

    ÓS MIAN LEO an comhar breithiúnach in ábhair choiriúla idir Ballstáit an Aontais Eorpaigh agus an Íoslainn agus an Iorua a fheabhsú, gan dochar do na rialacha lena gcosnaítear saoirse an duine,

    WISHING to improve judicial cooperation in criminal matters between the Member States of the European Union and Iceland and Norway, without prejudice to the rules protecting individual freedom,

    Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na hIoslainne agus Ríocht na hIorua maidir leis an nós imeachta um thabhairt suas idir Ballstáit an Aontais Eorpaigh agus an Íoslainn agus an Iorua (2006)

  5. #2870680

    Ina theannta sin, foráiltear leis an gCoinbhinsiún a bhunaigh an Chomhairle i gcomhréir le hAirteagal 34 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, maidir le Cúnamh Frithpháirteach in Ábhair Choiriúla idir Ballstáit an Aontais Eorpaigh (‘an Coinbhinsiún maidir le Cúnamh Frithpháirteach in Ábhair Choiriúla’) go bhféadfaí fianaise a iarraidh ar Bhallstát eile.

    In addition, the Convention established by the Council in accordance with Article 34 of the Treaty on European Union, on Mutual Assistance in Criminal Matters between the Member States of the European Union (the ‘Convention on Mutual Assistance in Criminal Matters’) also provides for the possibility of requesting evidence from another Member State.

    Rialachán (AE) 2023/1543 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Iúil 2023 maidir le hOrduithe Eorpacha chun Fianaise a Thabhairt ar Aird agus Orduithe Caomhnaithe Eorpacha i gcomhair fianaise leictreonach in imeachtaí coiriúla agus chun pianbhreitheanna coimeádta a fhorghníomhú tar éis imeachtaí coiriúla

  6. #279574

    (1) Tá sé de rún daingean ag an Aontas Eorpach feabhas a chur ar an gcomhar breithiúnach in ábhair choiriúla idir Ballstáit an Aontais Eorpaigh agus an Íoslainn agus an Iorua, gan dochar do na rialacha lena gcosnaítear saoirse an duine.

    (1) The European Union is determined to improve judicial cooperation in criminal matters between the Member States of the European Union and Iceland and Norway, without prejudice to the rules protecting individual freedom.

    Cinneadh ón gComhairle an 27 Meitheamh 2006 maidir le síniú an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua maidir leis an nós imeachta um thabhairt suas idir Ballstáit an Aontais Eorpaigh agus an Íoslainn agus an Iorua

  7. #279575

    (2) Tar éis Chinneadh ón gComhairle an 10 Iúil 2001 ag údarú d'Uachtaránacht na Comhairle Comhaontuithe a chaibidil leis an Iorua agus leis an Íoslainn maidir leis an gcomhar breithiúnach in ábhair choiriúla ar bhonn Airteagail 24 agus 38 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, a leasaíodh le Cinneadh ón gComhairle an 19 Nollaig 2002, rinne an Uachtaránacht, a raibh cúnamh aici ón gCoimisiún, comhaontú a chaibidil maidir leis an nós imeachta um thabhairt suas idir Ballstáit an Aontais Eorpaigh agus an Íoslainn agus an Iorua,

    (2) Following the Council Decision of 10 July 2001 authorising the Presidency of the Council to negotiate Agreements with Norway and Iceland on judicial cooperation in criminal matters on the basis of Articles 24 and 38 of the Treaty on European Union, which was amended by the Council Decision of 19 December 2002, the Presidency, assisted by the Commission, negotiated an agreement on the surrender procedure between the Member States of the European Union and Iceland and Norway,

    Cinneadh ón gComhairle an 27 Meitheamh 2006 maidir le síniú an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua maidir leis an nós imeachta um thabhairt suas idir Ballstáit an Aontais Eorpaigh agus an Íoslainn agus an Iorua

  8. #331295

    Na rialacha a leagtar síos ar bhonn Airteagal 16a den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus a bhaineann le daoine aonair a chosaint i dtaca le sonraí pearsanta a bheith á bpróiseáil ag na Ballstáit agus gníomhaíochtaí á gcur i gcrích acu a thig faoi raon feidhme Chaibidil 4 nó Chaibidil 5 de Theideal IV de Chuid a Trí den Chonradh sin, ní bheidh siad ina gceangal ar an Danmhairg nuair nach mbeidh na rialacha ina gceangal uirthi lena rialaítear cineálacha an chomhair bhreithiúnaigh in ábhair choiriúla nó cineálacha an chomhair phóilíneachta a cheanglaíonn na forálacha a leagtar síos ar bhonn Airteagal 16a a chomhlíonadh.

    Denmark shall not be bound by the rules laid down on the basis of Article 16 B of the Treaty on the Functioning of the European Union which relate to the processing of personal data by the Member States when carrying out activities which fall within the scope of Chapter 4 or Chapter 5 of Title IV of Part Three of that Treaty where Denmark is not bound by the rules governing the forms of judicial cooperation in criminal matters or police cooperation which require compliance with the provisions laid down on the basis of Article 16 B.

    Conradh Liospóin ag leasú an Chonartha ar an Aontas Eorpach agus an Chonartha ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh (2007)

  9. #332444

    Na rialacha a leagtar síos ar bhonn Airteagal 16b den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus a bhaineann le próiseáil sonraí pearsanta ag na Ballstáit agus gníomhaíochtaí á gcur i gcrích acu a thig faoi raon feidhme Chaibidil 4 nó Chaibidil 5 de Theideal IV de Chuid a Trí den Chonradh sin, ní bheidh siad ina gceangal ar an Ríocht Aontaithe ná ar Éirinn nuair nach mbeidh na rialacha ina gceangal orthu lena rialaítear cineálacha an chomhair bhreithiúnaigh in ábhair choiriúla nó cineálacha an chomhair phóilíneachta a cheanglaíonn na forálacha a leagtar síos ar bhonn Airteagal 16b a chomhlíonadh.’;»

    The United Kingdom and Ireland shall not be bound by the rules laid down on the basis of Article 16 B of the Treaty on the Functioning of the European Union which relate to the processing of personal data by the Member States when carrying out activities which fall within the scope of Chapter 4 or Chapter 5 of Title IV of Part Three of that Treaty where the United Kingdom and Ireland are not bound by the rules governing the forms of judicial cooperation in criminal matters or police cooperation which require compliance with the provisions laid down on the basis of Article 16 B.’;»

    Conradh Liospóin ag leasú an Chonartha ar an Aontas Eorpach agus an Chonartha ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh (2007)

  10. #607039

    Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, eadhon cuidiú chun limistéar Eorpach ceartais a fhorbairt a thuilleadh, ar limistéar é a bheidh bunaithe ar mhuinín agus ar aitheantas fhrithpháirteach, go háirithe trí chomhar breithiúnach in ábhair shibhialta agus tráchtála a chur chun cinna bhaint amach go leordhóthanach agus gur fearr, mar gheall ar a scála agus a éifeachtaí, is féidir é a bhaint amach ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta mar a leagtar amach in Airteagal 5 CAE é.

    Since the objective of this Regulation, namely to contribute to the further development of a European area of justice based on mutual recognition and mutual trust, in particular by promoting judicial cooperation in civil and criminal matters, cannot be sufficiently achieved by the Member States but can rather, by reason of its scale and effects, be better achieved at Union level, the Union may adopt measures, in accordance with the principle of subsidiarity as set out in Article 5 TEU.

    Rialachán (AE) Uimh. 1382/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear Clár um Cheartas don tréimhse 2014 go 2020 Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE

  11. #697190

    D’imigh an Cinneadh sin as feidhm tar éis theacht i bhfeidhm an Choinbhinsiúin um Chúnamh Frithpháirteach in Ábhair Choiriúla idir Ballstáit an Aontais Eorpaigh, a bunaíodh le Gníomh 2000/C-197/01 ón gComhairle, ar coinbhinsiún é lena bhforáiltear do chomhar níos doimhne idir na Ballstáit i réimse an chúnaimh fhrithpháirtigh maidir le gach cion agus dá bhrí sin maidir le gáinneáil drugaí.

    That Decision became obsolete after the entry into force of the Convention on Mutual Assistance in Criminal Matters between the Member States of the European Union established by Council Act 2000/C-197/01,which provides for deeper cooperation among Member States in the field of mutual assistance on all offences and therefore also on drug trafficking.

    Rialachán (AE) 2016/94 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Eanáir 2016 lena n-aisghairtear gníomhartha áirithe ó acquis Schengen i réimse an chomhair phóilíneachta agus an chomhair bhreithiúnaigh in ábhair choiriúla

  12. #697202

    Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, eadhon roinnt gníomhartha de chuid an Aontais i réimse an chomhair phóilíneachta agus an chomhair bhreithiúnaigh in ábhair choiriúla atá imithe as feidhm, agus ar cuid de acquis Schengen iad, a aisghairm, a ghnóthú go leordhóthanach ach gur féidir é a ghnóthú níos fearr ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta faoi mar a leagtar amach iad in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE).

    Since the objective of this Regulation, namely the repeal of a number of obsolete Union acts in the field of police cooperation and judicial cooperation in criminal matters and belonging to the Schengen acquis, cannot be sufficiently achieved by the Member States but can rather be better achieved at Union level, the Union may adopt measures, in accordance with the principle of subsidiarity as set out in Article 5 of the Treaty on European Union (TEU).

    Rialachán (AE) 2016/94 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Eanáir 2016 lena n-aisghairtear gníomhartha áirithe ó acquis Schengen i réimse an chomhair phóilíneachta agus an chomhair bhreithiúnaigh in ábhair choiriúla

  13. #697232

    Gníomh ón gComhairle an 29 Bealtaine 2000 lena mbunaítear, i gcomhréir le hAirteagal 34 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, an Coinbhinsiún um Chúnamh Frithpháirteach in Ábhair Choiriúla idir Ballstáit an Aontais Eorpaigh (IO C 197, 12.7.2000, lch. 1).

    Council Act of 29 May 2000 establishing in accordance with Article 34 of the Treaty on European Union the Convention on Mutual Assistance in Criminal Matters between the Member States of the European Union (OJ C 197, 12.7.2000, p. 1).

    Rialachán (AE) 2016/94 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Eanáir 2016 lena n-aisghairtear gníomhartha áirithe ó acquis Schengen i réimse an chomhair phóilíneachta agus an chomhair bhreithiúnaigh in ábhair choiriúla

  14. #697266

    D’imigh an Ghníomhaíocht Chomhpháirteach sin as feidhm tar éis theacht i bhfeidhm an Choinbhinsiúin um Chúnamh Frithpháirteach in Ábhair Choiriúla idir Ballstáit an Aontais Eorpaigh a bunaíodh le Gníomh 2000/C 197/01 ón gComhairle agus theacht i bhfeidhm Chinneadh Réime 2004/757/CGB ón gComhairle.

    That Joint Action became obsolete after the entry into force of the Convention on Mutual Assistance in Criminal Matters between the Member States of the European Union established by Council Act 2000/C-197/01 and of Council Framework Decision 2004/757/JHA.

    Rialachán (AE) 2016/95 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Eanáir 2016 lena n-aisghairtear gníomhartha áirithe i réimse an chomhair phóilíneachta agus an chomhair bhreithiúnaigh in ábhair choiriúla

  15. #697281

    Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, eadhon roinnt gníomhartha de chuid an Aontais i réimse an chomhair phóilíneachta agus an chomhair bhreithiúnaigh in ábhair choiriúla atá imithe as feidhm a aisghairm, a ghnóthú go leordhóthanach ach gur féidir é a bhaint amach níos fearr ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE).

    Since the objective of this Regulation, namely the repeal of a number of obsolete Union acts in the field of police cooperation and judicial cooperation in criminal matters cannot be sufficiently achieved by the Member States but can rather be better achieved at Union level, the Union may adopt measures in accordance with the principle of subsidiarity as set out in Article 5 of the Treaty on European Union (TEU).

    Rialachán (AE) 2016/95 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Eanáir 2016 lena n-aisghairtear gníomhartha áirithe i réimse an chomhair phóilíneachta agus an chomhair bhreithiúnaigh in ábhair choiriúla

  16. #697318

    Gníomh 2000/C-197/01 ón gComhairle an 29 Bealtaine 2000 lena mbunaítear, i gcomhréir le hAirteagal 34 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, an Coinbhinsiún um Chúnamh Frithpháirteach in Ábhair Choiriúla idir Ballstáit an Aontais Eorpaigh (IO C 197, 12.7.2000, lch. 1)

    Council Act 2000/C-197/01 of 29 May 2000 establishing in accordance with Article 34 of the Treaty on European Union the Convention on Mutual Assistance in Criminal Matters between the Member States of the European Union (OJ C 197, 12.7.2000, p. 1).

    Rialachán (AE) 2016/95 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Eanáir 2016 lena n-aisghairtear gníomhartha áirithe i réimse an chomhair phóilíneachta agus an chomhair bhreithiúnaigh in ábhair choiriúla

  17. #723662

    Na rialacha a leagtar síos ar bhonn Airteagal 16 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus a bhaineann le próiseáil sonraí pearsanta ag na Ballstáit agus gníomhaíochtaí á gcur i gcrích acu a thig faoi raon feidhme Chaibidil 4 nó Chaibidil 5 de Theideal V de Chuid a Trí den Chonradh sin, ní bheidh siad ina gceangal ar an Ríocht Aontaithe ná ar Éirinn nuair nach mbeidh na rialacha ina gceangal orthu lena rialaítear cineálacha an chomhair bhreithiúnaigh in ábhair choiriúla nó cineálacha an chomhair phóilíneachta a cheanglaíonn na forálacha a leagtar síos ar bhonn Airteagal 16 a chomhlíonadh.

    The United Kingdom and Ireland shall not be bound by the rules laid down on the basis of Article 16 of the Treaty on the Functioning of the European Union which relate to the processing of personal data by the Member States when carrying out activities which fall within the scope of Chapter 4 or Chapter 5 of Title V of Part Three of that Treaty where the United Kingdom and Ireland are not bound by the rules governing the forms of judicial cooperation in criminal matters or police cooperation which require compliance with the provisions laid down on the basis of Article 16.

    Conradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (leagan comhdhlúite 2016)

  18. #723713

    Na rialacha a leagtar síos ar bhonn Airteagal 16 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus a bhaineann le daoine aonair a chosaint i dtaca le sonraí pearsanta a bheith á bpróiseáil ag na Ballstáit agus gníomhaíochtaí á gcur i gcrích acu a thig faoi raon feidhme Chaibidil 4 nó Chaibidil 5 de Theideal V de Chuid a Trí den Chonradh sin, ní bheidh siad ina gceangal ar an Danmhairg nuair nach mbeidh na rialacha ina gceangal uirthi lena rialaítear cineálacha an chomhair bhreithiúnaigh in ábhair choiriúla nó cineálacha an chomhair phóilíneachta a cheanglaíonn na forálacha a leagtar síos ar bhonn Airteagal 16 a chomhlíonadh.

    Denmark shall not be bound by the rules laid down on the basis of Article 16 of the Treaty on the Functioning of the European Union which relate to the processing of personal data by the Member States when carrying out activities which fall within the scope of Chapter 4 or Chapter 5 of Title V of Part Three of that Treaty where Denmark is not bound by the rules governing the forms of judicial cooperation in criminal matters or police cooperation which require compliance with the provisions laid down on the basis of Article 16.

    Conradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (leagan comhdhlúite 2016)

  19. #736886

    Gan dochar do na rialacha maidir le comhar trasteorann agus le cúnamh dlíthiúil frithpháirteach in imeachtaí coiriúla ná do rialacha eile faoi dhlí an Aontais, go háirithe faoi Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle [11], tá gá le foráil iomchuí a dhéanamh do chomhar idir na Ballstáit agus an Coimisiún chun gníomhaíocht éifeachtach a áirithiú i gcoinne na gcionta coiriúla a shainmhínítear sa Treoir seo lena ndéantar difear do leasanna airgeadais an Aontais, lena n-áirítear malartú faisnéise idir na Ballstáit agus an Coimisiún mar aon le cúnamh teicniúil agus oibríochtúil a sholáthraíonn an Coimisiún do na húdaráis náisiúnta inniúla agus a theastódh uathu chun comhordú ar a gcuid imscrúduithe a éascú.

    Without prejudice to the rules on cross-border cooperation and mutual legal assistance in criminal matters and to other rules under Union law, in particular under Regulation (EU, Euratom) No 883/2013 of the European Parliament and of the Council [11], there is a need for appropriate provision to be made for cooperation to ensure effective action against the criminal offences defined in this Directive affecting the Union's financial interests, including exchange of information between the Member States and the Commission as well as technical and operational assistance provided by the Commission to the competent national authorities as they may need to facilitate coordination of their investigations.

    Treoir (AE) 2017/1371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Iúil 2017 maidir leis an gcomhrac in aghaidh na calaoise ar leasanna airgeadais an Aontais trí bhíthin an dlí choiriúil

  20. #1626448

    Togra le haghaidh Cinneadh ón gComhairle lena n-údaraítear do Bhallstáit daingniú a dhéanamh, ar mhaithe leis an Aontas Eorpach, ar Phrótacal 2014 a ghabhann leis an gCoinbhinsiún um Shaothar faoi Chuing, 1930, de chuid na hEagraíochta Oibreachais Idirnáisiúnta maidir le nithe a bhaineann le comhar breithiúnach in ábhair choiriúla mar aon le nóta faisnéise míniúcháin. COM (2014) 559.

    PROPOSAL FOR A COUNCIL DECISION AUTHORISING MEMBER STATES TO RATIFY, IN THE INTEREST OF THE EUROPEAN UNION, THE PROTOCOL OF 2014 TO THE FORCED LABOUR CONVENTION, 1930, OF THE INTERNATIONAL LABOUR ORGANISATION WITH REGARD TO MATTERS RELATED TO JUDICIAL COOPERATION IN CRIMINAL MATTERS TOGETHER WITH EXPLANATORY INFORMATION NOTE. COM (2014) 559.

    Riar na hOibre (Dáil Éireann/Seanad Éireann)

  21. #1876604

    Gníomh ón gComhairle an 29 Bealtaine 2000 lena mbunaítear, i gcomhréir le hAirteagal 34 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, an Coinbhinsiún um Chúnamh Frithpháirteach in Ábhair Choiriúla idir Ballstáit an Aontais Eorpaigh (forálacha dá dtagraítear in Airteagal 2(1) den Choinbhinsiún sin) (IO C 197, 12.7.2000, lch. 1).

    Council Act of 29 May 2000 establishing in accordance with Article 34 of the Treaty on European Union the Convention on Mutual Assistance in Criminal Matters between the Member States of the European Union (provisions referred to in Article 2(1) of that Convention) (OJ C 197, 12.7.2000, p. 1).

    Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1745 ón gComhairle an 18 Samhain 2020 maidir le cur i bhfeidhm fhorálacha acquis Schengen maidir le cosaint sonraí agus maidir le cur i bhfeidhm sealadach fhorálacha áirithe an acquis céanna sin in Éirinn

  22. #1876606

    Gníomh ón gComhairle an 16 Deireadh Fómhair 2001 lena mbunaítear, i gcomhréir le hAirteagal 34 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, an Prótacal a ghabhann leis an gCoinbhinsiún Eorpach maidir le Cúnamh Frithpháirteach in Ábhair Choiriúla idir Ballstáit an Aontais Eorpaigh (forálacha dá dtagraítear in Airteagal 15 den Phrótacal sin) (IO C 326, 21.11.2001, lch. 1).

    Council Act of 16 October 2001 establishing, in accordance with Article 34 of the Treaty on European Union, the Protocol to the Convention on Mutual Assistance in Criminal Matters between the Member States of the European Union (provisions referred to in Article 15 of that Protocol) (OJ C 326, 21.11.2001, p. 1).

    Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1745 ón gComhairle an 18 Samhain 2020 maidir le cur i bhfeidhm fhorálacha acquis Schengen maidir le cosaint sonraí agus maidir le cur i bhfeidhm sealadach fhorálacha áirithe an acquis céanna sin in Éirinn

  23. #1946557

    Féadfaidh údaráis inniúla na Ríochta Aontaithe leanúint de bheith rannpháirteach sna foirne comhpháirteacha um imscrúdú ina raibh siad rannpháirteach roimh dheireadh na hidirthréimhse, i gcás inar bunaíodh na foirne um imscrúdú sin i gcomhréir le hAirteagal 13 den Choinbhinsiún ar Chúnamh Frithpháirteach in Ábhair Choiriúla idir Ballstáit an Aontais Eorpaigh, a bhunaigh an Chomhairle i gcomhréir le hAirteagal 34 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, nó i gcomhréir le Cinneadh Réime 2002/465/CGB.

    The competent authorities of the United Kingdom may continue to participate in the joint investigation teams in which they were participating before the end of the transition period, where those investigation teams were set up either in accordance with Article 13 of the Convention established by the Council in accordance with Article 34 of the Treaty on European Union, on Mutual Assistance in Criminal Matters between the Member States of the European Union or in accordance with Council Framework Decision 2002/465/JHA.

    Comhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach

  24. #2034758

    Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo, eadhon cuidiú le forbairt bhreise ar limistéar Eorpach ceartais a bheidh bunaithe ar an smacht reachta, aitheantas frithpháirteach agus muinín fhrithpháirteach, go háirithe trí chomhar breithiúnach in ábhair shibhialta agus choiriúla a chur chun cinn, a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr fhairsinge agus éifeachtaí na gníomhaíochta, gur fearr is féidir é a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 CAE.

    Since the objectives of this Regulation, namely to contribute to the further development of a European area of justice based on the rule of law, mutual recognition and mutual trust, in particular by promoting judicial cooperation in civil and criminal matters, cannot be sufficiently achieved by the Member States but can rather, by reason of the scale and effect of the action, be better achieved at Union level, the Union may adopt measures, in accordance with the principle of subsidiarity as set out in Article 5 of the TEU.

    Rialachán (AE) 2021/693 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Aibreán 2021 lena mbunaítear an Clár um Cheartas agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1382/2013

  25. #2363464

    A áirithiú go mbeidh rochtain éifeachtach ag saoránaigh agus gnólachtaí ar cheartas agus an comhar breithiúnach idir na Ballstáit in ábhair shibhialta, lena n-áirítear ábhair thráchtála, agus ábhair choiriúla a éascú, tá siad sin ar phríomhchuspóirí limistéar saoirse, slándála agus ceartais an Aontais a chumhdaítear i gCuid III, Teideal V den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE).

    Ensuring the effective access of citizens and businesses to justice and facilitating judicial cooperation in civil, including commercial, and criminal matters between the Member States are among the main objectives of the Union’s area of freedom, security and justice enshrined in Part three, Title V of the Treaty on the Functioning of the European Union (TFEU).

    Rialachán (AE) 2022/850 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2022 maidir le córas ríomhairithe le haghaidh malartú trasteorann leictreonach sonraí i réimse an chomhair bhreithiúnaigh in ábhair sibhialta agus coiriúla (an córas e-CODEX), agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/1726 (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

  26. #2690341

    Tá feidhm ag Treoir 2014/41/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an Ordú Imscrúdaithe Eorpach in ábhair choiriúla agus Gníomh ón gComhairle an 29 Bealtaine 2000 ag bunú i gcomhréir le hAirteagal 34 den Chonradh ar an Aontas Eorpach an Coinbhinsiún um Chúnamh Frithpháirteach in Abhair Choiriúla idir Ballstáit an Aontais Eorpaigh i gcomhréir leis na Conarthaí.

    Directive 2014/41/EU of the European Parliament and of the Council regarding the European Investigation Order in criminal matters and the Council Act of 29 May 2000 establishing the Convention on Mutual Assistance in Criminal Matters between the Member States of the European Union apply in accordance with the Treaties.

    Cinneadh (AE) 2023/940 ón gComhairle an 4 Bealtaine 2023 maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Choiste Speisialaithe um Fhorfheidhmiú an Dlí agus um Chomhar Breithiúnach arna bhunú leis an gComhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile, a mhéid a bhaineann le foirm chaighdeánach a bhunú le haghaidh iarrataí ar chúnamh frithpháirteach dá dtagraítear in Airteagal 635(1) den Chomhaontú sin

  27. #2805253

    Ba cheart na bunaíochtaí ainmnithe agus na hionadaithe dlíthiúla dá bhforáiltear sa Treoir seo fónamh mar sheolaithe le haghaidh cinntí agus orduithe chun críche fianaise leictreonach a bhailiú ar bhonn Rialachán (AE) 2023/1543 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Threoir 2014/41/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus an Choinbhinsiúin arna bhunú ag an gComhairle i gcomhréir le hAirteagal 34 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, um Chúnamh Frithpháirteach in Ábhair Choiriúla idir Ballstáit an Aontais Eorpaigh, lena n-áirítear i gcás ina ndéantar na cinntí agus na horduithe sin a tharchur i bhfoirm deimhnithe.

    The designated establishments and legal representatives provided for in this Directive should serve as addressees for decisions and orders for the purpose of gathering electronic evidence on the basis of Regulation (EU) 2023/1543 of the European Parliament and of the Council, of Directive 2014/41/EU of the European Parliament and of the Council and of the Convention established by the Council in accordance with Article 34 of the Treaty on the European Union, on Mutual Assistance in Criminal Matters between Member States of the European Union, including where those decisions and orders are transmitted in the form of a certificate.

    Treoir (AE) 2023/1544 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Iúil 2023 lena leagtar síos rialacha comhchuibhithe maidir le bunaíochtaí ainmnithe a ainmniú agus ionadaithe dlíthiúla a cheapadh chun críche fianaise a bhailiú in imeachtaí coiriúla

  28. #2805275

    Dá bhrí sin, ba cheart aon bhunaíocht ainmnithe amháin nó aon ionadaí dlíthiúil amháin ar a laghad a ainmniú nó a cheapadh i mBallstát atá rannpháirteach sna hionstraimí dlí ábhartha de chuid an Aontais chun nach lagófar éifeachtacht an ainmniúcháin nó an cheapúcháin dá bhforáiltear sa Treoir seo agus chun úsáid a bhaint as na sineirgí a bhaineann le bunaíocht ainmnithe nó ionadaí dlíthiúil a bheith ann chun cinntí agus orduithe a fháil, a chomhlíonadh agus a fhorfheidhmiú, ar cinntí agus orduithe iad a thagann faoi raon feidhme na Treorach seo, lena n-áirítear faoi Rialachán (AE) 2023/1543, Treoir 2014/41/AE agus an Coinbhinsiún arna bhunú ag an gComhairle i gcomhréir le hAirteagal 34 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, um Chúnamh Frithpháirteach in Ábhair Choiriúla idir Ballstáit an Aontais Eorpaigh.

    Therefore, at least one designated establishment or legal representative should be designated or appointed in a Member State that participates in the relevant Union legal instruments to avoid the risk of weakening the effectiveness of the designation or appointment provided for in this Directive and to make use of the synergies of having a designated establishment or a legal representative for the receipt of, compliance with and enforcement of decisions and orders falling within the scope of this Directive, including under Regulation (EU) 2023/1543, Directive 2014/41/EU and the Convention established by the Council in accordance with Article 34 of the Treaty on the European Union, on Mutual Assistance in Criminal Matters between Member States of the Union.

    Treoir (AE) 2023/1544 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Iúil 2023 lena leagtar síos rialacha comhchuibhithe maidir le bunaíochtaí ainmnithe a ainmniú agus ionadaithe dlíthiúla a cheapadh chun críche fianaise a bhailiú in imeachtaí coiriúla

  29. #2805338

    Tá feidhm ag an Treoir seo i leith cinntí agus orduithe chun críche fianaise leictreonach a bhailiú ar bhonn Rialachán (AE) 2023/1543, Threoir 2014/41/AE agus an Choinbhinsiúin arna bhunú ag an gComhairle i gcomhréir le hAirteagal 34 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, um Chúnamh Frithpháirteach in Ábhair Choiriúla idir Ballstáit an Aontais Eorpaigh.

    This Directive applies to decisions and orders for the purpose of gathering electronic evidence on the basis of Regulation (EU) 2023/1543, Directive 2014/41/EU and of the Convention established by the Council in accordance with Article 34 of the Treaty on European Union, on Mutual Assistance in Criminal Matters between Member States of the Union.

    Treoir (AE) 2023/1544 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Iúil 2023 lena leagtar síos rialacha comhchuibhithe maidir le bunaíochtaí ainmnithe a ainmniú agus ionadaithe dlíthiúla a cheapadh chun críche fianaise a bhailiú in imeachtaí coiriúla

  30. #2805427

    An Coinbhinsiún arna bhunú ag an gComhairle i gcomhréir le hAirteagal 34 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, um Chúnamh Frithpháirteach in Ábhair Choiriúla idir Ballstáit an Aontais Eorpaigh (IO C 197, 12.7.2000, lch. 3) agus an Prótacal a ghabhann leis (IO C 326, 21.11.2001, lch. 2).

    Convention established by the Council in accordance with Article 34 of the Treaty on the European Union, on Mutual Assistance in Criminal Matters between the Member States of the European Union (OJ C 197, 12.7.2000, p. 3) and its Protocol (OJ C 326, 21.11.2001, p. 2).

    Treoir (AE) 2023/1544 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Iúil 2023 lena leagtar síos rialacha comhchuibhithe maidir le bunaíochtaí ainmnithe a ainmniú agus ionadaithe dlíthiúla a cheapadh chun críche fianaise a bhailiú in imeachtaí coiriúla

  31. #2817271

    bunaítear ardán TF (‘ardán comhoibrithe na JITanna’) atá le húsáid ar bhonn deonach, chun comhar na n-údarás inniúil atá rannpháirteach i bhfoirne comhpháirteacha um imscrúdú (‘JITanna’) arna mbunú ar bhonn Airteagal 13 den Choinbhinsiún um Chúnamh Frithpháirteach in Ábhair Choiriúla idir Ballstáit an Aontais Eorpaigh, arna bhunú ag an gComhairle i gcomhréir le hAirteagal 34 den Chonradh ar an Aontas Eorpach nó ar bhonn Chinneadh Réime 2002/465/CGB, a éascú;

    establishes an IT platform (the ‘JITs collaboration platform’), to be used on a voluntary basis, to facilitate the cooperation of competent authorities participating in joint investigation teams (‘JITs’) set up on the basis of Article 13 of the Convention established by the Council in accordance with Article 34 of the Treaty on European Union, on Mutual Assistance in Criminal Matters between the Member States of the European Union or of Framework Decision 2002/465/JHA;

    Rialachán (AE) 2023/969 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Bealtaine 2023 lena mbunaítear ardán comhoibrithe chun tacú le feidhmiú na bhfoirne comhpháirteacha um imscrúdú agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/1726

  32. #2871389

    Coinbhinsiún a bhunaigh an Chomhairle i gcomhréir le hAirteagal 34 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, maidir le Cúnamh Frithpháirteach in Ábhair Choiriúla idir Ballstáit an Aontais Eorpaigh (IO C 197, 12.7.2000, lch. 3).

    Convention established by the Council in accordance with Article 34 of the Treaty on European Union, on Mutual Assistance in Criminal Matters between the Member States of the European Union (OJ C 197, 12.7.2000, p. 3).

    Rialachán (AE) 2023/1543 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Iúil 2023 maidir le hOrduithe Eorpacha chun Fianaise a Thabhairt ar Aird agus Orduithe Caomhnaithe Eorpacha i gcomhair fianaise leictreonach in imeachtaí coiriúla agus chun pianbhreitheanna coimeádta a fhorghníomhú tar éis imeachtaí coiriúla

  33. #3049506

    á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé dul i mbun idirphlé táirgiúil leis na Ballstáit neamh-rannpháirteacha; ag tabhairt dá haire gur oscail OIPE, in 2021, 48 n-imscrúdú a bhain le Ballstáit neamh-rannpháirteacha; ag tabhairt dá haire maidir le comhar a bhfuil na hionstraimí ábhartha Aontais maidir le comhar breithiúnach in ábhair choiriúla mar bhunús leis, go n-oibríonn sé go réidh leis an Danmhairg, an Ungáir agus an tSualainn, fiú más ar ráta é atá éagsúil leis an ráta leis na tíortha rannpháirteacha; á chur in iúl go n-aontaíonn sí leis an ábhar imní atá curtha in iúl ag an bPríomh-Ionchúisitheoir Eorpach maidir leis an easpa comhair ó Éirinn agus ón bPolainn in imscrúduithe sin OIPE nach mór fianaise ón dá Bhallstát neamh-rannpháirteacha sin a bhailiú dóibh;

    Underlines the importance of engaging in productive dialogue with non-participating Member States; notes that, in 2021, the EPPO opened 48 investigations involving non-participating Member States; observes that cooperation, grounded on the relevant Union acts on judicial cooperation in criminal matters, works smoothly with Denmark, Hungary and Sweden, even if at a different pace than with the participating countries; shares the concern expressed by the Chief European Prosecutor on the lack of cooperation from Ireland and Poland in the EPPO investigations which require evidence to be gathered from these two non-participating Member States;

    Rún (AE) 2023/1908 ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Bealtaine 2023 ina bhfuil barúlacha atá ina gcuid dhílis den chinneadh maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE) don bhliain airgeadais 2021

  34. #2938577

    I gcomhréir le hAirteagal 6a de Phrótacal Uimh. 21 maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann i dtaca leis an limistéar saoirse, slándála agus ceartais, mar atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach (CAE) agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), na rialacha a leagtar síos sa Treoir seo a bhaineann le sonraí pearsanta a bheith á bpróiseáil ag na Ballstáit agus gníomhaíochtaí á gcur i gcrích acu a thagann faoi raon feidhme Chaibidil 4 nó Chaibidil 5 de Theideal V de Chuid a Trí de CFAE, níl siad ina gceangal ar Éirinn i gcás nach bhfuil Éire faoi cheangal ag na rialacha lena rialaítear cineálacha an chomhair bhreithiúnaigh in ábhair choiriúla nó cineálacha an chomhair póilíneachta lena gceanglaítear na forálacha a leagtar síos ar bhonn Airteagal 16 CFAE a chomhlíonadh.

    In accordance with Article 6a of Protocol No 21 on the position of the United Kingdom and Ireland in respect of the area of freedom, security and justice, as annexed to the Treaty on European Union (TEU) and the Treaty on the Functioning of the European Union (TFEU), Ireland is not bound by the rules laid down in this Directive which relate to the processing of personal data by the Member States when carrying out activities which fall within the scope of Chapter 4 or Chapter 5 of Title V of Part Three of the TFEU where Ireland is not bound by the rules governing the forms of judicial cooperation in criminal matters or police cooperation which require compliance with the provisions laid down on the basis of Article 16 TFEU.

    Treoir (AE) 2023/2123 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Deireadh Fómhair 2023 lena leasaítear Cinneadh 2005/671/CGB ón gComhairle a mhéid a bhaineann lena ailíniú le rialacha an Aontais maidir le sonraí pearsanta a chosaint

  35. #2393546

    Gníomh ón gComhairle an 29 Bealtaine 2000 lena mbunaítear, i gcomhréir le hAirteagal 34 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, an Coinbhinsiún um Chúnamh Frithpháirteach in Ábhair Choiriúla idir Ballstáit an Aontais Eorpaigh (forálacha dá dtagraítear in Airteagal 2(1) den Choinbhinsiún sin) (IO C 197, 12.7.2000, lch. 1); Rialachán (AE) 2018/1727 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Samhain 2018 maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar Ceartais Choiriúil (Eurojust), agus a ghabhann in ionad Chinneadh 2002/187/CGB ón gComhairle agus lena n-aisghairtear an cinneadh sin (IO L 295, 21.11.2018, lch. 138); Rialachán (AE) 2016/794 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2016 maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol) agus lena n-aisghairtear Cinntí 2009/371/CGB, 2009/934/CGB, 2009/935/CGB, 2009/936/CGB agus 2009/968/CGB ón gComhairle agus a ghabhann ionad na gCinntí sin, (IO L 135, 24.5.2016, lch. 53); Cinneadh Réime 2002/465/CGB ón gComhairle an 13 Meitheamh 2002 maidir le foirne comhpháirteacha um imscrúdú, (IO L 162, 20.6.2002, lch. 1); Cinneadh Réime 2009/948/CGB ón gComhairle an 30 Samhain 2009 maidir le coinbhleachtaí i bhfeidhmiú dlínse in imeachtaí coiriúla a chosc agus a shocrú (IO L 328, 15.12.2009, lch. 42); Treoir 2014/41/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 3 Aibreán 2014 maidir leis an Ordú Imscrúdaithe Eorpach in ábhair choiriúla, (IO L 130, 1.5.2014, lch. 1).

    Council Act of 29 May 2000 establishing in accordance with Article 34 of the Treaty on European Union the Convention on Mutual Assistance in Criminal Matters between the Member States of the European Union (OJ C 197, 12.7.2000, p. 1); Regulation (EU) 2018/1727 of the European Parliament and of the Council of 14 November 2018 on the European Union Agency for Criminal Justice Cooperation (Eurojust), and replacing and repealing Council Decision 2002/187/JHA (OJ L 295, 21.11.2018, p. 138); Regulation (EU) 2016/794 of the European Parliament and of the Council of 11 May 2016 on the European Union Agency for Law Enforcement Cooperation (Europol) and replacing and repealing Council Decisions 2009/371/JHA, 2009/934/JHA, 2009/935/JHA, 2009/936/JHA and 2009/968/JHA (OJ L 135, 24.5.2016, p. 53); Council Framework Decision 2002/465/JHA of 13 June 2002 on joint investigation teams (OJ L 162, 20.6.2002, p. 1); Council Framework Decision 2009/948/JHA of 30 November 2009 on prevention and settlement of conflicts of exercise of jurisdiction in criminal proceedings (OJ L 328, 15.12.2009, p. 42); Directive 2014/41/EU of the European Parliament and of the Council of 3 April 2014 regarding the European Investigation Order in criminal matters (OJ L 130, 1.5.2014, p. 1).

    Cinneadh (AE) 2022/895 ón gComhairle an 24 Bealtaine 2022 lena n-údaraítear tús a chur leis an gcaibidlíocht thar ceann an Aontais Eorpaigh le haghaidh coinbhinsiún cuimsitheach idirnáisiúnta maidir le cur i gcoinne úsáid na dteicneolaíochtaí faisnéise agus cumarsáide chun críoch coiriúil