Gaois

Treo cuardaigh

Modh cuardaigh

Scag na torthaí

Bailiúcháin

Foirmeacha na bhfocal

law

succession

estate

person

10 dtoradh in 2 dhoiciméad

  1. #520962

    (50) Ba cheart go mbeadh an dlí lena ndéanfar, faoin Rialachán seo, inghlacthacht agus bailíocht shubstainteach diúscartha maoine tráth báis a rialú agus, i gcás comhaontuithe maidir le comharbas, na héifeachtaí ceangailteacha idir na páirtithe, gan dochar do chearta aon duine a bhfuil an ceart chun scair fhorchoimeádta aige faoin dlí is infheidhme maidir leis an gcomharbas, nó a bhfuil ceart eile aige nach féidir leis an duine, ar leis an t-eastát lena mbaineann an comhaontú, a bhaint de.

    (50) The law which, under this Regulation, will govern the admissibility and substantive validity of a disposition of property upon death and, as regards agreements as to succession, the binding effects of such an agreement as between the parties, should be without prejudice to the rights of any person who, under the law applicable to the succession, has a right to a reserved share or another right of which he cannot be deprived by the person whose estate is involved.

    Rialachán (AE) Uimh. 650/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2012 maidir le dlínse, an dlí is infheidhme, aithint agus forfheidhmiú cinntí agus glacadh le hionstraimí barántúla agus iad a fhorfheidhmiú in ábhair chomharbais agus maidir le Deimhniú Eorpach Comharbais a chruthú

  2. #520946

    Más rud é nach leordhóthanach iad na cumhachtaí riaracháin a fhéadfar a fheidhmiú chun sócmhainní an eastáit a chaomhnú nó chun cearta na gcreidiúnaithe nó daoine eile a thug ráthaíocht maidir le fiacha an duine éagtha a chosaint, féadfaidh an riarthóir nó na riarthóirí a ceapadh i mBallstát na cúirte ar tugadh na himeachtaí os a comhair, ar bhonn iarmharaigh, na cumhachtaí riaracháin dá bhforáiltear i ndlí an Bhallstáit sin a fheidhmiú chun na críche sin.

    Where the powers of administration which may be exercised under the law applicable to the succession are not sufficient to preserve the assets of the estate or to protect the rights of the creditors or of other persons having guaranteed the debts of the deceased, the administrator(s) appointed in the Member State of the court seised may, on a residual basis, exercise powers of administration to that end provided for by the law of that Member State.

    Rialachán (AE) Uimh. 650/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2012 maidir le dlínse, an dlí is infheidhme, aithint agus forfheidhmiú cinntí agus glacadh le hionstraimí barántúla agus iad a fhorfheidhmiú in ábhair chomharbais agus maidir le Deimhniú Eorpach Comharbais a chruthú

  3. #521209

    3. D'ainneoin mhír 1 agus mhír 2, féadfaidh na páirtithe a roghnú mar an dlí lena rialófaí a gcomhaontú maidir le comharbas, i ndáil lena inghlacthacht, lena bhailíocht shubstainteach agus lena chuid éifeachtaí ceangailteacha idir na páirtithe, lena n-áirítear na coinníollacha lena dhíscaoileadh, an dlí a bhféadfadh an duine ar leis an t-eastát lena mbaineann an comhaontú, nó duine de na daoine ar leo an t-eastát lena mbaineann an comhaontú, a roghnú i gcomhréir le hAirteagal 22 faoi na coinníollacha a leagtar amach ann.

    3. Notwithstanding paragraphs 1 and 2, the parties may choose as the law to govern their agreement as to succession, as regards its admissibility, its substantive validity and its binding effects between the parties, including the conditions for its dissolution, the law which the person or one of the persons whose estate is involved could have chosen in accordance with Article 22 on the conditions set out therein.

    Rialachán (AE) Uimh. 650/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2012 maidir le dlínse, an dlí is infheidhme, aithint agus forfheidhmiú cinntí agus glacadh le hionstraimí barántúla agus iad a fhorfheidhmiú in ábhair chomharbais agus maidir le Deimhniú Eorpach Comharbais a chruthú

  4. #521247

    Más rud é nach bhforáiltear leis an dlí is infheidhme maidir leis an gcomharbas do chumhachtaí leordhóthanacha chun sócmhainní an eastáit a chaomhnú nó chun cearta na gcreidiúnaithe nó daoine eile a thug ráthaíocht maidir le fiacha an duine éagtha a chosaint, féadfaidh an chúirt cheapacháin cead a thabhairt don riarthóir nó do na riarthóirí, ar bhonn iarmharaigh, na cumhachtaí dá bhforáiltear chun na críche sin a fheidhmiú le dlí a Ballstáit féin agus féadfaidh sí coinníollacha sonracha maidir le feidhmiú na gcumhachtaí sin i gcomhréir leis an dlí sin a shainiú ina cinneadh.

    Where the law applicable to the succession does not provide for sufficient powers to preserve the assets of the estate or to protect the rights of the creditors or of other persons having guaranteed the debts of the deceased, the appointing court may decide to allow the administrator(s) to exercise, on a residual basis, the powers provided for to that end by its own law and may, in its decision, lay down specific conditions for the exercise of such powers in accordance with that law.

    Rialachán (AE) Uimh. 650/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2012 maidir le dlínse, an dlí is infheidhme, aithint agus forfheidhmiú cinntí agus glacadh le hionstraimí barántúla agus iad a fhorfheidhmiú in ábhair chomharbais agus maidir le Deimhniú Eorpach Comharbais a chruthú

  5. #253637

    Ar Bhille Sibhialta Tiomnach nó Bille Sibhialta um an Dlí Comharbais a eisiúint, déanfaidh an gearánaí, mura mbeidh sin déanta cheana féin aige, caveat a thaisceadh san Oifig Phrobháide faoin teideal maidir le heastát an duine éagtha.

    On issuing a Testamentary Civil Bill or a Succession Law Civil Bill the plaintiff shall, if he has not already done so, lodge a caveat in the Probate Office entitled in the estate of the deceased person.

    I.R. Uimh 510 de 2001: Na Rialacha Cúirte Cuarda

  6. #520847

    (9) Ba cheart go gcumhdófaí le raon feidhme an Rialacháin seo gach gné den dlí sibhialta a bhaineann le comharbas ar eastát duine éagtha, eadhon gach cineál aistriú sócmhainní, ceart agus oibleagáidí mar gheall ar bhás, bíodh sé ina aistriú toilteanach faoi dhiúscairt maoine tráth báis, nó ina aistriú trí chomharbas díthiomnach.

    (9) The scope of this Regulation should include all civil-law aspects of succession to the estate of a deceased person, namely all forms of transfer of assets, rights and obligations by reason of death, whether by way of a voluntary transfer under a disposition of property upon death or a transfer through intestate succession.

    Rialachán (AE) Uimh. 650/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2012 maidir le dlínse, an dlí is infheidhme, aithint agus forfheidhmiú cinntí agus glacadh le hionstraimí barántúla agus iad a fhorfheidhmiú in ábhair chomharbais agus maidir le Deimhniú Eorpach Comharbais a chruthú

  7. #520941

    D'fhonn comhordú rianúil a áirithiú idir an dlí is infheidhme maidir leis an gcomharbas agus dlí Bhallstát na cúirte ceapacháin, ba cheart go gceapfadh an chúirt an duine nó na daoine a bheadh i dteideal an t-eastát a riar faoin dlí is infheidhme don chomharbas, amhail, mar shampla, seiceadóir uacht an duine éagtha nó na hoidhrí iad féin nó, má cheanglaítear leis an dlí is infheidhme don chomharbas é sin, riarthóir tríú páirtí.

    In order to ensure a smooth coordination between the law applicable to the succession and the law of the Member State of the appointing court, the court should appoint the person(s) who would be entitled to administer the estate under the law applicable to the succession, such as for instance the executor of the will of the deceased or the heirs themselves or, if the law applicable to the succession so requires, a third-party administrator.

    Rialachán (AE) Uimh. 650/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2012 maidir le dlínse, an dlí is infheidhme, aithint agus forfheidhmiú cinntí agus glacadh le hionstraimí barántúla agus iad a fhorfheidhmiú in ábhair chomharbais agus maidir le Deimhniú Eorpach Comharbais a chruthú

  8. #521242

    Is é a bheidh sa riarthóir nó sna riarthóirí a cheapfar de bhun na míre seo ná an duine nó na daoine a bheidh i dteideal uacht an duine éagtha a fhorghníomhú agus/nó an t-eastát a riar faoin dlí is infheidhme maidir leis an gcomharbas.

    The administrator(s) appointed pursuant to this paragraph shall be the person(s) entitled to execute the will of the deceased and/or to administer the estate under the law applicable to the succession.

    Rialachán (AE) Uimh. 650/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2012 maidir le dlínse, an dlí is infheidhme, aithint agus forfheidhmiú cinntí agus glacadh le hionstraimí barántúla agus iad a fhorfheidhmiú in ábhair chomharbais agus maidir le Deimhniú Eorpach Comharbais a chruthú

  9. #521245

    2. Déanfaidh an duine nó na daoine a cheapfar mar riarthóir nó mar riarthóirí de bhun mhír 1 na cumhachtaí maidir le riaradh an eastáit a fheidhmiú, agus féadfaidh sé nó siad na cumhachtaí sin a fheidhmiú faoin dlí is infheidhme maidir leis an gcomharbas.

    2. The person(s) appointed as administrator(s) pursuant to paragraph 1 shall exercise the powers to administer the estate which he or they may exercise under the law applicable to the succession.

    Rialachán (AE) Uimh. 650/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2012 maidir le dlínse, an dlí is infheidhme, aithint agus forfheidhmiú cinntí agus glacadh le hionstraimí barántúla agus iad a fhorfheidhmiú in ábhair chomharbais agus maidir le Deimhniú Eorpach Comharbais a chruthú

  10. #521262

    Faoin dlí is infheidhme maidir leis an gcomharbas de bhun an Rialacháin seo, sa mhéid nach mbeidh aon oidhre ná leagáidí ann le haghaidh aon sócmhainní faoi dhiúscairt maoine tráth báis, agus nach bhfuil aon duine nádúrtha lena bheith ina oidhre trí oibriú an dlí, ní dhéanfar, le cur i bhfeidhm an dlí a chinnfear amhlaidh, bac a chur ar é a bheith de cheart ag Ballstát nó eintiteas arna cheapadh chun na críche sin ag an mBallstát sin sócmhainní an eastáit a bheidh lonnaithe ar a chríoch a leithreasú faoina dhlí féin ar choinníoll go bhfuil na creidiúnaithe i dteideal a lorg go gcomhlíonfar a n-éilimh as sócmhainní an eastáit ina iomláine.

    To the extent that, under the law applicable to the succession pursuant to this Regulation, there is no heir or legatee for any assets under a disposition of property upon death and no natural person is an heir by operation of law, the application of the law so determined shall not preclude the right of a Member State or of an entity appointed for that purpose by that Member State to appropriate under its own law the assets of the estate located on its territory, provided that the creditors are entitled to seek satisfaction of their claims out of the assets of the estate as a whole.