#1665446
Níl sé d'aidhm ag an Rialachán seo dlí substainteach na mBallstát a athrú maidir leis na nithe seo leanas: breith, deimhniú an bhfuil duine beo, bás, ainm, pósadh (lena n-áirítear an cumas chun pósadh agus an stádas pósta), colscaradh, idirscaradh dlíthiúil nó neamhniú pósta, páirtnéireacht chláraithe (lena n-áirítear an cumas dul i mbun páirtnéireacht chláraithe agus stádas páirtnéireachta cláraithe), díscaoileadh páirtnéireachta cláraithe, idirscaradh dlíthiúil páirtnéireachta cláraithe nó páirtnéireacht chláraithe a neamhniú, tuismíocht, uchtú, sainchónaí agus/nó gnáthchónaí, náisiúntacht, éagmais taifid choiriúil, nó na doiciméid phoiblí a bhféadfaidh Ballstát a gcur i láthair a éileamh ar iarrthóir i dtoghcháin do Pharlaimint na hEorpa nó i dtoghcháin bhardasacha nó ar vótálaí i dtoghcháin den sórt sin ar náisiúnach é den Bhallstát sin.
The aim of this Regulation is not to change the substantive law of the Member States relating to birth, a person being alive, death, name, marriage (including capacity to marry and marital status), divorce, legal separation or marriage annulment, registered partnership (including capacity to enter into a registered partnership and registered partnership status), dissolution of a registered partnership, legal separation or annulment of a registered partnership, parenthood, adoption, domicile and/or residence, nationality, the absence of a criminal record, or to public documents the presentation of which can be required by a Member State from a candidate in elections to the European Parliament or in municipal elections or from a voter in such elections who is a national of that Member State.