#3047673
Ag cur sonrú sa rannpháirtíocht leathan agus san aiseolas dearfach i dtaobh sheimineáir ghréasáin dhémhíosúla phobal an gheilleagair chiorclaigh Eorpaigh (Cainteanna ciorclacha AE), agus i dtaobh Ghradaim Orgánacha an Aontais arb iad an chéad sampla iad de ghradaim orgánacha uile-Aontais, arna n-eagrú go comhpháirteach ag an gCoimisiún, ag an gCoiste, ag CnaR, ag Guth Eorpach na bhFeirmeoirí agus ag Agra-chomharchumainn agus ag an mbrateagraíocht Eorpach um bia agus um fheirmeoireacht orgánach (IFOAM – Organics Europe); ag tabhairt dá haire gurb amhlaidh, in 2021, a eagraíodh roinnt comhdhálacha ardleibhéil lenar ghabh torthaí dearfacha tinrimh, amhail comhdháil na sochaí sibhialta maidir le Geopholaitíocht an Chomhaontaithe Ghlais, an chomhdháil phoiblí ardleibhéil maidir le bochtaineacht fuinnimh ag crosbhealach Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta agus an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip, agus an chomhdháil ardleibhéil maidir le Beartas Óige sna Balcáin Thiar; á chur in iúl go dtuigeann sí a thábhachtaí atá an Coiste chun gné shóisialta an aistrithe ghlais a áirithiú;
Notes the wide participation and positive feedback with regard to the bimonthly webinars of the European circular economy community (EU Circular Talks), and to the EU Organic Awards representing the first example of Union-wide organic awards, jointly organised by the Commission, the Committee, the CoR, the European Voice of Farmers and Agri-Cooperatives and the European umbrella organisation for organic food and farming (IFOAM – Organics Europe); observes that, in 2021, some high-level conferences were organised with positive attendance results, such as the civil society conference on the Geopolitics of the Green Deal, the high-level public conference on Energy poverty at the crossroads of the European Pillar of Social Rights and the European Green Deal, and the high level conference on Youth Policy in the Western Balkans; appreciates the importance of the Committee in ensuring the social aspect of the green transition;