Gaois

Treo cuardaigh

Modh cuardaigh

Scag na torthaí

Bailiúcháin

Foirmeacha na bhfocal

European

youth

work

16 toradh in 12 doiciméad

  1. #608267

    Fóram Eorpach na hÓige, ionaid acmhainní chun obair leis an óige a fhorbairt agus líonra Eurodesk.

    the European Youth Forum, resource centres for the development of youth work and the Eurodesk network.

    Rialachán (AE) Uimh 1288/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 lena mbunaítear "Erasmus+": clár an Aontais um oideachas, um oiliúint, um an óige agus um an spórt agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh, 1719/2006/CE, Cinneadh Uimh. 1720/2006/CE agus Cinneadh Uimh. 1298/2008/CE Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE

  2. #1998510

    Leis an mBliain Eorpach, ba cheart rannchuidiú leis an obair óige a aithint agus le cuspóirí an rúin ón gComhairle an 1 Nollaig 2020 maidir leis an gCreat chun Clár Oibre Eorpach don Obair Óige (“an Clár Oibre Eorpach don Obair Óige”) agus próiseas Bonn a bhunú, agus, dá bhrí sin, rannchuidiú le struchtúir na hoibre óige a neartú chun iad a dhéanamh níos inbhuanaithe agus níos athléimní ar fud an Aontais, agus comhar trasteorann.

    The European Year should contribute to the recognition of youth work and to the objectives of the resolution of the Council of 1 December 2020 on the Framework for establishing a European Youth Work Agenda (the ‘European Youth Work Agenda’) and the Bonn process, and thus contribute to strengthening youth work structures, in order to make them sustainable and more resilient in all parts of the Union, and cross-border cooperation.

    Cinneadh (AE) 2021/2316 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Nollaig 2021 maidir le Bliain Eorpach na hÓige (2022) (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

  3. #1998517

    Leis an mBliain Eorpach, ba cheart tacú le héifeacht a thabhairt do Chlár Oibre Eorpach don Obair Óige agus do na conclúidí ón gComhairle an 5 Meitheamh 2019 maidir le Daoine Óga agus Todhchaí na hOibre, an 10 Nollaig 2019 maidir le hobair óige dhigiteach agus an 7 Nollaig 2017 maidir le hobair óige chliste.

    The European Year should support giving effect to the European Youth Work Agenda and the Council conclusions of 5 June 2019 on Young People and the Future of Work, of 10 December 2019 on digital youth work and of 7 December 2017 on smart youth work.

    Cinneadh (AE) 2021/2316 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Nollaig 2021 maidir le Bliain Eorpach na hÓige (2022) (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

  4. #705889

    D'fhonn faisnéis iontaofa, cothrom le dáta a thabhairt d'oibrithe agus d'fhostóirí faoi na gnéithe éagsúla de shoghluaisteacht an lucht saothair agus den chosaint shóisialta laistigh den Aontas, ba cheart do líonra EURES oibriú i gcomhar le comhlachtaí, seirbhísí agus líonraí eile de chuid an Aontais a éascaíonn soghluaisteacht agus a chuireann saoránaigh an Aontais ar an eolas faoina gcearta faoi dhlí an Aontais, amhail líonra Eorpach na gcomhlachtaí comhionannais (Equinet), An Eoraip Agatsa, Tairseach Eorpach na hÓige agus SOLVIT, eagraíochtaí a oibríonn ar son an chomhair trasteorann agus na heagraíochtaí atá freagrach as cáilíochtaí gairmiúla a aithint agus na comhlachtaí atá freagrach as cothromaíocht d'oibrithe a chur chun cinn, anailís agus faireachán a dhéanamh uirthi agus tacú léi, a ainmnítear i gcomhréir le Treoir 2014/54/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle [14].

    In order to communicate reliable and up-to-date information to workers and to employers on the different aspects of labour mobility and social protection within the Union, the EURES network should cooperate with: other bodies, services and Union networks facilitating mobility and informing citizens of the Union about their rights under Union law, such as the European network of equality bodies (Equinet), Your Europe portal, the European Youth portal and Solvit; organisations working for cross-border cooperation; and the organisations responsible for the recognition of professional qualifications and the bodies for the promotion, analysis, monitoring and support of equal treatment of workers designated in accordance with Directive 2014/54/EU of the European Parliament and of the Council [14].

    Rialachán (AE) 2016/589 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Aibreán 2016 maidir le líonra Eorpach seirbhísí fostaíochta (EURES), rochtain oibrithe ar sheirbhísí soghluaisteachta agus comhtháthú breise ar mhargaí saothair agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 492/2011 agus Rialachán (AE) Uimh. 1296/2013 (Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

  5. #1684027

    costais a bhaineann le gníomhaíochtaí Cheolfhoireann Óige an Aontais Eorpaigh, ar gníomhaíochtaí iad a chuireann le soghluaisteacht ceoltóirí, le cúrsaíocht saothar Eorpach thar theorainneacha agus le hidirnáisiúnú gairmeacha ceoltóirí óga.”;

    costs related to the activities of the European Union Youth Orchestra that contribute to the mobility of musicians, the circulation of European works across borders and to the internationalisation of the careers of young musicians.’.

    Rialachán (AE) 2018/596 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Aibreán 2018 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1295/2013 maidir le Clár Eoraip na Cruthaitheachta (2014 go 2020) a bhunú

  6. #2051794

    I gcomhréir le Straitéis an Aontais Eorpaigh maidir leis an Óige 2019-2027 agus leis an gcreat um chomhar Eorpach i réimse na hóige don tréimhse 2019-2027, bunaithe ar an teachtaireacht ón gCoimisiún an 22 Bealtaine 2018 dar teideal “Ról, gaol agus cumhacht a thabhairt do dhaoine óga: Straitéis nua an Aontais i leith na hÓige”, ba cheart don Chlár tacú le hobair ardcháilíochta don aos óg, uirlisí agus córais chun oibrithe don óige a oiliúint, bailíochtú na foghlama seachfhoirmiúla agus neamhfhoirmiúla agus cuir chuige ardcháilíochta chun eagraíochtaí don óige a chumhachtú.

    In line with the European Union Youth Strategy 2019-2027, the framework for European cooperation in the youth field for 2019-2027, based on the communication of the Commission of 22 May 2018 entitled ‘Engaging, connecting and empowering young people: a new EU Youth Strategy’, the Programme should support high-quality youth work, tools and systems for the training of youth workers, the validation of non-formal and informal learning and quality approaches to empower youth organisations.

    Rialachán (AE) 2021/817 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2021 lena mbunaítear Erasmus+: Clár an Aontais um oideachas agus oiliúint, an óige agus spórt agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1288/2013 (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

  7. #2636963

    Saincheisteanna Eorpacha i ndáil leis an óige – Ní mór don Aontas agus do na Ballstáit díriú ar riachtanais shonracha daoine óga i ngach beartas ábhartha, lena n-áirítear beartas réigiúnach an Aontais Eorpaigh d’fhonn na dálaí is fearr is féidir a thairiscint dóibh le haghaidh staidéir agus oibre agus le haghaidh tús a chur le saol neamhspleách, agus ag an am céanna iad a mhealladh sa saol daonlathach agus sna próisis chinnteoireachta, lena n-áirítear ar leibhéal na hEorpa.

    European youth issues – The EU and its Member States have to focus on the specific needs of young people across all relevant policies, including the European Union’s regional policy in order to offer them the best possible conditions for study and work and starting an independent life, while engaging them in the democratic life and decision making processes, including at European level.

    TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA, CHUIG AN gCOMHAIRLE EORPACH, CHUIG AN gCOMHAIRLE, CHUIG COISTE EACNAMAÍOCH AGUS SÓISIALTA NA hEORPA AGUS CHUIG COISTE NA RÉIGIÚN AN CHOMHDHÁIL AR THODHCHAÍ NA hEORPA Gníomhaíocht nithiúil a dhéanamh den fhís

  8. #1972561

    Ar na dúshláin reatha a bhaineann le fostaíocht, athléimneacht eacnamaíoch agus fás cliste na hEorpa, tá saincheisteanna socheacnamaíocha, amhail an dífhostaíocht a chomhrac (go háirithe an dífhostaíocht i measc na hóige), feabhas a chur ar scileanna agus ar thimpeallachtaí oibre, agus aghaidh a thabhairt ar iomaíocht dhomhanda.

    Current challenges related to European employment, economic resilience, and smart growth, include socio-economic issues such as tackling unemployment (in particular youth unemployment), improving skills and working environments and facing global competition.

    Cinneadh (AE) 2021/820 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2021 maidir le Clár Oibre Straitéiseach um Nuálaíocht na hInstitiúide Eorpaí um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht (EIT) 2021-2027: Borradh a chur faoi Thallann Nuálaíochta agus faoi Chumas Nuálaíochta na hEorpa agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 1312/2013/AE (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

  9. #2051827

    Rannchuidítear leis an fhéiniúlacht Eorpach sin, ina héagsúlacht uile, a neartú nuair a théitear thar lear chun bheith ag staidéar, ag foghlaim, ag traenáil agus ag obair nó chun bheith páirteach i ngníomhaíochtaí óige agus spóirt.

    Going abroad to study, learn, train and work or to participate in youth and sport activities contributes to strengthening that European identity in all its diversity.

    Rialachán (AE) 2021/817 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2021 lena mbunaítear Erasmus+: Clár an Aontais um oideachas agus oiliúint, an óige agus spórt agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1288/2013 (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

  10. #669719

    straitéis an Aontais um shláinte agus um shábháilteacht san ionad oibre (2007-2012), an clár le haghaidh Iomaíochais Fiontar agus Fiontair bheaga agus mheánmhéide (COSME), a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1287/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle [13], an Clár um Ghníomhaíocht Chomhshaoil agus Aeráide (LIFE), a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 1293/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle [14], an Clár Tomhaltóirí, an Clár um Cheartas, a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 1382/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle [15] an Clár Comhpháirteach um Maireachtáil Chuidithe Chomhthimpeallach, an clár um oideachas, um oiliúint, um an óige agus um an spórt (Erasmus+), a bunaíodh ag Rialachán (AE) Uimh. 1288/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle [16] agus an Clár Staidrimh Eorpach, a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 99/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle [17] agus an Chomhpháirtíocht Eorpach um Nuálaíocht maidir le hAoisiú Gníomhach, Folláin, laistigh dá ngníomhaíochtaí faoi seach.(22) I gcomhréir le hAirteagal 168(3) CFAE, cothóidh an tAontas agus na Ballstáit comhar le tríú tíortha agus leis na heagraíochtaí idirnáisiúnta inniúla i réimse na sláinte poiblí.

    the Union strategy on health and safety at work (2007-2012), the Programme for the Competitiveness of Enterprises and small and medium sized enterprises (COSME), established by Regulation (EU) No 1287/2013 of the European Parliament and of the Council [13], the Programme for Environment and Climate Action (LIFE), established by Regulation (EU) No 1293/2013 of the European Parliament and of the Council [14], the Consumer Programme, the Justice Programme, established by Regulation (EU) 1382/2013 of the European Parliament and of the Council [15], the Ambient Assisted Living Joint Programme, the programme for education, training, youth and sport (Erasmus+), established by Regulation (EU) No 1288/2013 of the European Parliament and of the Council [16], the European Statistical Programme, established by Regulation (EU) No 99/2013 of the European Parliament and of the Council [17] and the European Innovation Partnership on Active and Healthy Ageing, within their respective activities.(22) In accordance with Article 168(3) TFEU, the Union and the Member States are to foster cooperation with third countries and the competent international organisations in the sphere of public health.

    Rialachán (AE) Uimh. 282/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2014 maidir le tríú Clár a bhunú do ghníomhaíocht an Aontais i réimse na sláinte (2014-2020) agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 1350/2007/CE Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE

  11. #1943385

    Ba cheart go n-oibreodh an Clár i sineirgíocht le beartais, le cláir agus le cistí eile de chuid an Aontais agus ar bhealach lena gcomhlánaítear iad, amhail an Clár don Eoraip Dhigiteach, an Fhís Eorpach, cúlchiste rescEU faoin Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta arna bhunú le Cinneadh (AE) 2019/420 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (“stoc-charn rescEU”), an Ionstraim Tacaíochta Éigeandála arna bunú le Rialachán (AE) 2016/369 ón gComhairle, CSE+, a bhfuil an tsnáithe um Fhostaíocht agus um Nuálaíocht Shóisialta cuid de, lena n-áirítear maidir le sineirgí i dtaca le sláinte agus sábháilteacht na milliún oibrithe a chosaint san Aontas, lena n-áirítear an tSraith, Clár InvestEU, Clár an Mhargaidh Aonair arna bhunú le Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear an Clár don mhargadh aonair, d’iomaíochas fiontar, lena n-áirítear fiontair bheaga agus mheánmhéide, don réimse plandaí, ainmhithe, bia agus beatha, agus don staidreamh Eorpach agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 99/2013, (AE) Uimh. 1287/2013, (AE) Uimh. 254/2014, (AE) Uimh. 652/2014, an CFRE, an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, Erasmus+ arna bhunú le Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear Erasmus+: Clár an Aontais um oideachas, um oiliúint, um an óige agus um an spórt agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1288/2013, Clár an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh arna bhunú le Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear Clár an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) 2018/1475 agus (AE) Uimh. 375/2014,

    The Programme should work in synergy with and in a manner that complements other Union policies, programmes and funds, such as the Digital Europe Programme, Horizon Europe, the rescEU reserve under the Union Civil Protection Mechanism established by Decision (EU) 2019/420 of the European Parliament and of the Council (the ‘rescEU reserve’), the Emergency Support Instrument established by Council Regulation (EU) 2016/369, the ESF+, of which the Employment and Social Innovation strand forms part, including as regards synergies in relation to better protecting the health and safety of millions of workers in the Union, the InvestEU Programme, the Single Market Programme established by a Regulation of the European Parliament and of the Council establishing a programme for the internal market, competitiveness of enterprises, including small and medium-sized enterprises, the area of plants, animals, food and feed, and European statistics (Single Market Programme) and repealing Regulations (EU) No 99/2013, (EU) No 1287/2013, (EU) No 254/2014 and (EU) No 652/2014, the ERDF, the Recovery and Resilience Facility, Erasmus+ established by a Regulation of the European Parliament and of the Council establishing Erasmus+: the Union Programme for education and training, youth and sport and repealing Regulation (EU) No 1288/2013, the European Solidarity Corps Programme established by a Regulation of the European Parliament and of the Council establishing the European Solidarity Corps Programme and repealing Regulations (EU) 2018/1475 and (EU) No 375/2014,

    Rialachán (AE) 2021/522 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Márta 2021 lena mbunaítear Clár do ghníomhaíochtaí an Aontais i réimse na sláinte (“Clár EU4Health”) don tréimhse 2021-2027, agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 282/2014 (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

  12. #3046851

    ag tabhairt chun suntais a thábhachtaí atá a straitéis chumarsáide chun teagmháil a dhéanamh le saoránaigh an Aontais trí shraith éagsúil tionscadal agus gníomhaíochtaí ilchainéil in ainneoin na ndúshlán a tháinig chun cinn in 2021; ag cur suntas i meánfhás 69 % ar chainéil meán sóisialta na Parlaiminte idir 2020 agus 2021 agus meánfhás 11 % ar líon na leantóirí in 2021; ag tabhairt dá haire, tar éis cinneadh ón Uachtarán i mí an Mheithimh 2021, go ndearnadh saoráidí cuairteoirí a athoscailt go páirteach agus go raibh siad in ann freastal ar 337984 cuairteoir ar an iomlán go dtí deireadh na bliana agus gealltanais bhuiséadacha de EUR 15982020 do 2021 a dhéanamh; ag tabhairt dá haire gur leanadh d’oibreacha Ionad Cuairteoirí Zweig mar a bhí beartaithe in 2021 agus gur tionscnaíodh é i mí na Samhna 2022, agus á iarraidh, i ndáil leis sin, go ndéanfaí breithniú ar an méid ama a infheistíonn grúpaí cuairteoirí chun bogadh ó fhoirgneamh Zweig go foirgneamh Spaak, lena n-áirítear seiceálacha slándála agus sainaitheantais, rud a d’fhéadfadh líon na ngrúpaí is féidir a fháil ar bhonn laethúil a laghdú; ag tabhairt dá haire go raibh Áras Stair na hEorpa, an Parlamentarium agus Europa Experiences fós dúnta nó á n-oibriú ar acmhainneacht laghdaithe do chodanna de 2021; á chur in iúl gur geal léi go bhféadfaí an Cruinniú Eorpach um an Óige a reáchtáil ar deireadh in 2021 i bhformáid hibrideach agus go raibh rath air agus 10000 duine óg ag glacadh páirte ann, cé gur oth léi easpa ullmhúcháin áirithe do na seiceálacha slándála a chuir moill ar rochtain ar áitreabh na Parlaiminte; ag tabhairt dá haire gur reáchtáladh na chéad eagráin de ghradam Lucht Féachana LUX, le 6000 vótálaí, agus Duais Daphne Caruana Galizia don iriseoireacht, a tharraing os cionn 200 iarratas ó gach cearn den Aontas;

    Highlights the importance of its communication strategy to engage with Union citizens through a varied multichannel series of projects and activities despite the challenges encountered in 2021; notes an average growth in engagement rate of 69 % on Parliament social media channels between 2020 and 2021 and an average growth of 11 % in the number of followers in 2021; notes that, following a President decision in June 2021, visitors’ facilities were partially reopened and were able to welcome a total of 337984 visitors until the end of the year and budgetary commitments of EUR 15982020 for 2021; notes that the works of the Zweig Visitor Centre continued as planned in 2021 and it was inaugurated in November 2022, and in this respect asks that consideration be given to the amount of time visitors’ groups invest in moving from the Zweig building to the Spaak building, including security and identification checks, which may reduce the number of groups that can be received on a daily basis; notes that the House of European History, the Parlamentarium and the Europa Experiences remained closed or operated at reduced capacity for parts of 2021; welcomes the fact that the European Youth Event could finally be held in 2021 in a hybrid format and that it was a success with 10000 young people taking part, although regrets a certain lack of preparation for the security checks which delayed access to Parliament’s premises; notes the first editions of the LUX Audience award, with 6000 voters, and the Daphne Caruana Galizia Prize for journalism, which drew over 200 applications from across the Union;

    Rún (AE) 2023/1814 ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Bealtaine 2023 ina bhfuil barúlacha atá ina gcuid dhílis den chinneadh maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2021, Roinn I – Parlaimint na hEorpa

  13. #1719576

    Chun cuspóirí an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh a bhaint amach ar bhealach níos fearr, ba cheart, mar rogha, don Choimisiún, do na Ballstáit agus do na ngníomhaireachtaí náisiúnta oibriú i ndlúthchomhar le ENRanna, le heagraíochtaí don aon óg agus le geallsealbhóirí áitiúla a bhfuil saineolas i ngníomhaíochtaí dlúthpháirtíochta acu.

    In order to better achieve the objectives of the European Solidarity Corps, the Commission, Member States and national agencies should preferably work closely together in partnership with NGOs, youth organisations and local stakeholders that have expertise in solidarity actions.

    Rialachán (AE) 2018/1475 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 2 Deireadh Fómhair 2018 lena leagtar síos creat dlíthiúil an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1288/2013, Rialachán (AE) Uimh. 1293/2013 agus Cinneadh Uimh. 1313/2013/AE

  14. #1998511

    Ba cheart freisin bailíochtú na n-inniúlachtaí a fuarthas trí fhoghlaim neamhfhoirmiúil agus neamhfhoirmeálta a chur chun cinn leis an mBliain Eorpach, lena n-áirítear trí obair óige, agus aitheantas á thabhairt ag an am céanna do luach ard na foghlama san obair óige in éineacht leis an oideachas foirmiúil agus don ghá atá ann leis an gcomhpháirtíocht atá idir an obair óige agus an t-oideachas foirmiúil a neartú.

    The European Year should also promote the validation of competences acquired through non-formal and informal learning, including through youth work, while recognising the high value of learning in youth work alongside formal education and the need to strengthen the partnership between youth work and formal education.

    Cinneadh (AE) 2021/2316 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Nollaig 2021 maidir le Bliain Eorpach na hÓige (2022) (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

  15. #1998556

    tacaíocht a thabhairt do dhaoine óga agus iad a chumhachtú, lena n-áirítear trí obair óige, go háirithe daoine óga a bhfuil níos lú deiseanna acu, daoine óga ó chúlraí atá faoi mhíbhuntáiste agus ó chúlraí éagsúla, daoine óga a bhaineann le grúpaí leochaileacha agus imeallaithe, daoine óga ó cheantair thuaithe, iargúlta, fhorimeallacha agus bheagfhorbartha agus daoine óga ó na réigiúin is forimeallaí, le heolas agus inniúlachtaí ábhartha a fháil agus, ar an gcaoi sin, le bheith ina saoránaigh ghníomhacha agus rannpháirteacha agus ina ngníomhaithe ar son an athraithe, arna spreagadh ag an muintearas Eorpach, lena n-áirítear iarrachtaí breise maidir le fothú acmhainneachta i ndáil le rannpháirtíocht óige agus rannpháirtíocht saoránach i measc daoine óga agus i measc na ngeallsealbhóirí uile a oibríonn chun ionadaíocht a dhéanamh ar a leasanna agus le rannchuidiú daoine óga ó chúlraí éagsúla a chur san áireamh i bpróisis chomhairliúcháin ríthábhachtacha, amhail an Chomhdháil ar Thodhchaí na hEorpa agus próiseas Idirphlé Óige an Aontais Eorpaigh;

    empower and support young people, including through youth work, especially young people with fewer opportunities, young people from disadvantaged and diverse backgrounds, young people belonging to vulnerable and marginalised groups, young people from rural, remote, peripheral and less-developed areas and young people from outermost regions, to acquire relevant knowledge and competences and thus become active and engaged citizens and actors of change, inspired by a European sense of belonging, including additional efforts at building capacity for youth participation and civic engagement among young people and among all stakeholders that work to represent their interests and involving the contribution of young people from diverse backgrounds in key consultation processes, such as the Conference on the Future of Europe and the EU Youth Dialogue process;

    Cinneadh (AE) 2021/2316 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Nollaig 2021 maidir le Bliain Eorpach na hÓige (2022) (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

  16. #2082809

    Agus iad ag obair ar bhonn na ngníomhaíochtaí a bhfuil an Tionscnamh um Fhostaíocht don Aos Óg ag tacú leo le linn chlárthréimhse 2014 go 2020 faoi Rialachán (AE) Uimh. 1304/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle atá dírithe ar dhaoine aonair agus ar bhonn na gceachtanna atá foghlamtha, ba cheart do na Ballstáit tuilleadh tacaíochta a thabhairt don fhostaíocht ardcháilíochta agus do chonairí chun an ath-lánpháirtithe san oideachas agus infheistíocht a dhéanamh i luathchosc agus i bhfor-rochtain éifeachtach trí thosaíocht a thabhairt, i gcás inarb ábhartha, do dhaoine óga atá dífhostaithe go fadtéarmach, atá neamhghníomhach agus atá faoi mhíbhuntáiste, lena n-áirítear trí obair óige.

    Building on the actions supported by the Youth Employment Initiative in the 2014 to 2020 programming period under Regulation (EU) No 1304/2013 of the European Parliament and of the Council, which target individuals and on the lessons learnt, Member States should further promote quality employment and education reintegration pathways and invest in early prevention and effective outreach by prioritising, where relevant, long-term unemployed, inactive and disadvantaged young people including through youth work.

    Rialachán (AE) 2021/1057 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 lena mbunaítear Ciste Sóisialta na hEorpa Plus (CSE+) agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1296/2013