#1858205
Déanfaidh Cathaoirligh agus rapóirtéirí an choiste fhreagraigh agus aon choistí comhlachaithe a sheiceáil i gcomhpháirt le chéile, i gcomhréir le hAirteagal 218(10) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, go ndéanann an Chomhairle, an Coimisiún, agus Leas-Uachtarán an Choimisiúin/Ard-Ionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála faisnéis iomlán a sholáthar láithreach agus go rialta don Pharlaimint, ar bhonn rúnda más gá sin, ag gach céim de na hullmhúcháin don chaibidlíocht, den chaibidlíocht féin agus de thabhairt i gcrích comhaontuithe idirnáisiúnta, lena n-áirítear an dréacht-téacs de threoracha caibidlíochta agus an téacs críochnaitheach de na treoracha sin de réir mar a ghlactar iad, chomh maith leis an bhfaisnéis a bhaineann le cur i bhfeidhm na gcomhaontuithe sin.
The Chairs and rapporteurs of the committee responsible, and of any associated committees, shall jointly check that, in accordance with Article 218(10) of the Treaty on the Functioning of the European Union, the Council, the Commission and the Vice-President of the Commission/High Representative of the Union for Foreign Affairs and Security Policy immediately and regularly provide Parliament with full information, if necessary on a confidential basis, at all stages of the preparations for the negotiation, the negotiation and the conclusion of international agreements, including information on the draft and the finally adopted text of negotiating directives, as well as information relating to the implementation of those agreements.