Léim go dtí an príomhábhar
CORPAS COMHTHREOMHAREolasFoinsíFógra séantaÍoslódáil
Torthaí (15)
Le linn oibríochtaí um fhaireachas ar theorainneacha ar muir, ba cheart do na Ballstáit a n-oibleagáidí faoi seach a urramú faoin Dlí Idirnáisiúnta, go háirithe faoi Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige, faoin gCoinbhinsiún Idirnáisiúnta um Shábháilteacht Anama ar Muir, faoin gCoinbhinsiún Idirnáisiúnta maidir le Cuardach agus Tarrtháil ar Muir, faoi Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe in aghaidh Coireachta Eagraithe Trasnáisiúnta agus a Phrótacal in aghaidh Imircigh a Smuigleáil ar Tír, ar Muir agus san Aer, faoi Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe i dTaobh Stádas Dídeanaithe, faoin gCoinbhinsiún Eorpach chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint, faoin gCúnant Idirnáisiúnta ar Chearta Sibhialta agus Polaitiúla, faoi Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe in aghaidh Céastóireachta agus in aghaidh Íde nó Pionóis eile atá Cruálach, Mídhaonna nó Táireach, faoi Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe um Chearta an Linbh agus faoi ionstraimí idirnáisiúnta ábhartha eile.
During border surveillance operations at sea, Member States should respect their respective obligations under international law, in particular the United Nations Convention on the Law of the Sea, the International Convention for the Safety of Life at Sea, the International Convention on Maritime Search and Rescue, the United Nations Convention against Transnational Organized Crime and its Protocol against the Smuggling of Migrants by Land, Sea and Air, the United Nations Convention relating to the Status of Refugees, the European Convention for the Protection of Human Rights and Fundamental Freedoms, the International Covenant on Civil and Political Rights, the United Nations Convention against Torture and Other Cruel, Inhuman or Degrading Treatment or Punishment, the United Nations Convention on the Rights of the Child and other relevant international instruments.
Rialachán (AE) Uimh. 656/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 lena mbunaítear rialacha i gcomhair faireachais ar na teorainneacha farraige seachtracha i gcomhthéacs comhair oibríochtúil a chomhordaíonn an Ghníomhaireacht Eorpach chun Comhar Oibríochtúil a Bhainistiú ag Teorainneacha Seachtracha Bhallstáit an Aontais Eorpaigh
Ní dhéanfaidh cur chun feidhme an Rialacháin seo difear do roinnt na hinniúlachta idir an tAontas agus na Ballstáit, ná d'oibleagáidí na mBallstát faoi Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige, faoin gCoinbhinsiún Idirnáisiúnta um Shábháilteacht Anama ar Muir, faoin gCoinbhinsiún Idirnáisiúnta maidir le Cuardach agus Tarrtháil ar Muir, faoi Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe in aghaidh Coireachta Eagraithe Trasnáisiúnta agus an Prótacal in aghaidh Inimircigh a Smuigleáil ar Tír, ar Muir nó san Aer, faoin gCoinbhinsiún i dTaobh Stádas Dídeanaithe, faoin gCoinbhinsiún chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a chosaint agus faoi ionstraimí eile idirnáisiúnta ábhartha.
The implementation of this Regulation does not affect the division of competence between the Union and the Member States or the obligations of Member States under the United Nations Convention on the Law of the Sea, the International Convention for the Safety of Life at Sea, the International Convention on Maritime Search and Rescue, the United Nations Convention against Transnational Organized Crime and its Protocol against the Smuggling of Migrants by Land, Sea and Air, the Convention Relating to the Status of Refugees, the Convention for the Protection of Human Rights and Fundamental Freedoms and other relevant international instruments.
Rialachán (AE) Uimh. 1052/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2013 lena mbunaítear an Córas Eorpach um Fhaireachas ar Theorainneacha (EUROSUR)
Le cur chun feidhme an Rialacháin seo, ní dhéantar difear do dheighilt na hinniúlachta idir an tAontas agus na Ballstáit, ná d’oibleagáidí na mBallstát faoi Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige, faoin gCoinbhinsiún Idirnáisiúnta um Shábháilteacht Anama ar Muir, faoin gCoinbhinsiún Idirnáisiúnta maidir le Cuardach agus Tarrtháil ar Muir, faoi Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe in aghaidh Coireachta Eagraithe Trasnáisiúnta agus an Prótacal in aghaidh Inimircigh a Smuigleáil ar Tír, ar Muir nó san Aer, faoi Choinbhinsiún 1951 i dtaobh Stádas Dídeanaithe, faoi Phrótacal 1967 a ghabhann leis, faoin gCoinbhinsiún Eorpach chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint, faoi Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe i dtaobh Stádas Daoine gan Stát agus faoi ionstraimí idirnáisiúnta ábhartha eile.
The implementation of this Regulation does not affect the division of competence between the Union and the Member States or the obligations of Member States under the United Nations Convention on the Law of the Sea, the International Convention for the Safety of Life at Sea, the International Convention on Maritime Search and Rescue, the United Nations Convention against Transnational Organized Crime and its Protocol against the Smuggling of Migrants by Land, Sea and Air, the 1951 Convention relating to the Status of Refugees, the 1967 Protocol thereto, the European Convention for the Protection of Human Rights and Fundamental Freedoms, the United Nations Convention relating to the Status of Stateless Persons and other relevant international instruments.
Rialachán (AE) 2019/1896 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Samhain 2019 maidir leis an nGarda Teorann agus Cósta Eorpach agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1052/2013 agus (AE) 2016/1624
Tagann an ghníomhaíocht sin sna sála ar Rún ón gComhairle an 2 Deireadh Fómhair 2003 maidir le straitéis don chomhar custaim [8] agus ar Chinneadh ón gComhairle an 6 Nollaig 2001 a shíneann sainordú Europol chuig an gcomhrac in aghaidh na bhfoirmeacha tromchúiseacha sin den choireacht idirnáisiúnta a liostaítear san Iarscríbhinn a ghabhann le Coinbhinsiún Europol [9].
Such action follows on from the Council Resolution of 2 October 2003 concerning a strategy for customs cooperation [8] and the Council Decision of 6 December 2001 extending the mandate of Europol to the fight against the serious forms of international crime listed in the Annex to the Europol Convention [9].
Rialachán (CE) Uimh. 766/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Iúil 2008 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 515/97 ón gComhairle maidir le cúnamh frithpháirteach idir údaráis riaracháin na mBallstát agus maidir le comhar idir na Ballstáit agus an Coimisiún chun a áirithiú go gcuirfear an dlí ar ábhair chustaim agus ar ábhair thalmhaíochta i bhfeidhm i gceart
Ó tharla nach féidir cuspóirí an Rialacháin seo, eadhon an eitlíocht shibhialta a chosaint ar ghníomhartha cur isteach neamhdhleathaigh agus bonn a leagan síos le go mbeifear in ann léirmhíniú comhchoiteann a dhéanamh ar Iarscríbhinn 17 a ghabhann le Coinbhinsiún Chicago um Eitlíocht Shibhialta Idirnáisiúnta, a ghnóthú go leordhóthanach ar leibhéal na mBallstát agus gur fearr, de bharr fhairsinge agus iarmhairtí an Rialacháin seo, is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Chomhphobail, féadfaidh an Comhphobal bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh.
Since the objectives of this Regulation, namely to safeguard civil aviation against acts of unlawful interference and to provide a basis for a common interpretation of Annex 17 to the Chicago Convention on International Civil Aviation, cannot be sufficiently achieved by the Member States and can therefore, by reason of the scale and effects of this Regulation, be better achieved at Community level, the Community may adopt measures, in accordance with the principle of subsidiarity as set out in Article 5 of the Treaty.
Rialachán (CE) Uimh. 300/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2008 maidir le rialacha comhchoiteanna i réimse slándála na heitlíochta sibhialta agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2320/2002
Tá beartas agus gníomhaíocht idirnáisiúnta an Aontais le haghaidh comhair um fhorbairt á stiúradh freisin ag a ghealltanais agus ag a oibleagáidí a bhaineann le cearta an duine agus le forbairt, lena n-áirítear Dearbhú Uilechoiteann Chearta an Duine, an Cúnant Idirnáisiúnta ar Chearta Sibhialta agus Polaitiúla, an Cúnant Idirnáisiúnta ar Chearta Eacnamaíocha, Sóisialta agus Cultúrtha, an Coinbhinsiún maidir le gach cineál Idirdhealaithe in aghaidh na mBan a Dhíothú, Coinbhinsiún NA um Chearta an Linbh agus Dearbhú NA maidir leis an gCeart i leith Forbartha.
The Union's policy and international action are also guided by its commitments and obligations concerning human rights and development, including the Universal Declaration on Human Rights, the International Covenant on Civil and Political Rights, the International Covenant on Economic, Social and Cultural Rights, the Convention on the Elimination of All Forms of Discrimination against Women, the UN Convention on the Rights of the Child, and the UN Declaration on the Right to Development.
Rialachán (AE) Uimh. 233/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2014 lena mbunaítear ionstraim maoinithe maidir le comhar um fhorbairt don tréimhse 2014-2020
Tá forálacha an Ailt seo de bhreis ar na rialacha maidir le coimirce dhaonchairdiúil atá sa Cheathrú Coinbhinsiún, go háirithe i gCuid II den Choinbhinsiún sin, agus i gcomhaontuithe idirnáisiúnta eile atá ina gceangal ar na hArdpháirtithe Conarthacha, chomh maith le rialacha eile an dlí idirnáisiúnta a bhaineann le sibhialtaigh agus nithe sibhialta ar talamh, ar farraige nó san aer a choimirciú ar iarsmaí cogaíochta.
The provisions of this Section are additional to the rules concerning humanitarian protection contained in the Fourth Convention, particularly in Part II thereof, and in other international agreements binding upon the High Contracting Parties, as well as to other rules of international law relating to the protection of civilians and civilian objects on land, at sea or in the air against the effects of hostilities.
Uimhir 35 de 1998: AN tACHT UM CHOINBHINSIÚIN NA GINÉIVE (LEASÚ), 1998
Beidh an chumhacht ag an mBinse Idirnáisiúnta ionchúiseamh a dhéanamh ar dhaoine a dhéanfaidh sáruithe tromchúiseacha ar Choinbhinsiúin na Ginéive den 12 Lúnasa 1949 nó a ordóidh go ndéanfar sáruithe tromchúiseacha den sórt sin, is é sin le rá, na gníomhartha seo a leanas i gcoinne daoine nó maoine a choimircítear faoi fhorálacha an Choinbhinsiúin iomchuí de Choinbhinsiúin na Ginéive:
The International Tribunal shall have the power to prosecute persons committing or ordering to be committed grave breaches of the Geneva Conventions of 12 August 1949, namely the following acts against persons or property protected under the provisions of the relevant Geneva Convention:
Uimhir 40 de 1998: AN tACHT UM BINSÍ COIREANNA IDIRNÁISIÚNTA COGAIDH, 1998
Ó tharla nach féidir cuspóirí an Rialacháin seo, eadhon an eitlíocht shibhialta a chosaint ar ghníomhartha cur isteach neamhdhleathaigh agus bonn a leagan síos le go mbeifear in ann léirmhíniú comhchoiteann a dhéanamh ar Iarscríbhinn 17 a ghabhann le Coinbhinsiún Chicago um Eitlíocht Shibhialta Idirnáisiúnta, a ghnóthú go leordhóthanach ar leibhéal na mBallstát agus gur fearr, de bharr fhairsinge agus iarmhairtí an Rialacháin seo, is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Chomhphobail, féadfaidh an Comhphobal bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh.
Since the objectives of this Regulation, namely to safeguard civil aviation against acts of unlawful interference and to provide a basis for a common interpretation of Annex 17 to the Chicago Convention on International Civil Aviation, cannot be sufficiently achieved by the Member States and can therefore, by reason of the scale and effects of this Regulation, be better achieved at Community level, the Community may adopt measures, in accordance with the principle of subsidiarity as set out in Article 5 of the Treaty.
Rialachán (CE) Uimh. 300/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2008 maidir le rialacha comhchoiteanna i réimse slándála na heitlíochta sibhialta agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2320/2002 Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE
(a) tréas, (b) cion faoi alt 2 agus 3 den Acht Tréasa 1939, (c) cion faoi alt 6, 7 agus 8 den Acht um Chiontaí in Aghaidh an Stáit 1939, (d) sárú tromchúiseach den saghas dá dtagraítear in alt 3(1)(i) den Acht um Choinbhinsiúin na Ginéive 1962, (e) cion faoi alt 9 den Acht um Rúin Oifigiúla 1963, nó cion faoi Chuid II den Acht sin a rinneadh ar dhóigh ba dhochar do shlándáil nó caomhnú an Stáit, (f) dúnmharú, iarracht ar dhúnmharú, comhcheilg um dhúnmharú nó píoráideacht, lena n-áirítear cúlpháirtí roimh an ngníomh nó i ndiaidh an ghnímh, (g) cion faoi alt 3, arna leasú, den Acht um Choinbhinsiúin na Ginéive 1962 nó cion faoi alt 7 nó 8 den Acht um an gCúirt Choiriúil Idirnáisiúnta 2006, (h) cion faoin Acht um Cheartas Coiriúil (Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe in aghaidh Céastóireachta) 2000, (i) cion dúnmharaithe faoi alt 2 den Acht um Cheartas Coiriúil (Sábháilteacht Oibrithe na Náisiún Aontaithe), 2000, nó iarracht nó comhcheilg an cion sin a dhéanamh, (j) cion arb éard é marú nó iarracht ar mharú faoi mhír (h)nó(j) d’alt 2(1) den Acht um Shlándáil Mhuirí 2004, (k) cion dúnmharaithe faoi alt 6 nó 11 den Acht um Cheartas Coiriúil (Cionta Sceimhlitheoireachta) 2005, nó iarracht cion den sórt sin a dhéanamh, (l) cion faoi alt 71, 71A, 72 nó 73 den Acht um Cheartas Coiriúil 2006.”; (vi)
(a) treason, (b) an offence under section 2 and 3 of the Treason Act 1939, (c) an offence under section 6, 7 and 8 of the Offences Against the State Act 1939, (d) a grave breach such as is referred to in section 3(1)(i) of the Geneva Conventions Acts 1962, (e) an offence under section 9 of the Official Secrets Act 1963 or an offence under Part II of that Act committed in a manner prejudicial to the safety or preservation of the State, (f) murder, attempt to murder, conspiracy to murder or piracy, including an accessory before or after the fact, (g) an offence under section 3, as amended, of the Geneva Conventions Act 1962 or an offence under section 7 or 8 of the International Criminal Court Act 2006, (h) an offence under the Criminal Justice (United Nations Convention against Torture) Act 2000, (i) the offence of murder under section 2 of the Criminal Justice (Safety of United Nations Workers) Act, 2000, or an attempt or conspiracy to commit that offence, (j) the offence of killing or attempted killing under paragraph (h)or (j) of section 2(1) of the Maritime Security Act 2004, (k) the offence of murder under section 6 or 11 of the Criminal Justice (Terrorist Offences) Act 2005 or an attempt to commit such offence, (l) an offence under section 71, 71A, 72 or 73 of the Criminal Justice Act 2006.”; (vi)
SI No 33 of 2010
(2) Níl feidhm ag fo-riail (1) maidir leis na cionta seo a leanas: (a) cion faoin Acht Tréasa 1939, (b) dúnmharú, iarracht ar dhúnmharú, comhcheilg um dhúnmharú, píoráideacht, (c) cion faoi alt 7 (cinedhíothú, coireanna in aghaidh na daonnachta agus coireanna cogaidh) nó 8 (cionta coimhdeacha) den Acht um an gCúirt Choiriúil Idirnáisiúnta 2006, (d) cion faoin Acht um Cheartas Coiriúil (Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe in aghaidh Céastóireachta) 2000, (e) cion dúnmharaithe faoi alt 2 den Acht um Cheartas Coiriúil (Sábháilteacht Oibrithe na Náisiún Aontaithe) 2000, nó iarracht nó comhcheilg an cion sin a dhéanamh, (f) cion arb éard é marú nó iarracht ar mharú faoi mhír (h)nó(j) d’alt 2(1) den Acht um Shlándáil Mhuirí 2004, (g) cion dúnmharaithe faoi alt 6 nó 11 den Acht um Cheartas Coiriúil (Cionta Sceimhlitheoireachta) 2005 nó iarracht cion den sórt sin a dhéanamh, (h) cion faoi alt 71, 71A, 72 nó 73 den Acht um Cheartas Coiriúil 2006, (i) sárú tromchúiseach den saghas dá dtagraítear in alt 3(1)(i) den Acht um Choinbhinsiúin na Ginéive 1962, lena n-áirítear cion ag cúlpháirtí roimh an ngníomh nó i ndiaidh an ghnímh.”,
(2) Sub-rule (1) does not apply to the following offences: (a) an offence under the Treason Act 1939, (b) murder, attempt to murder, conspiracy to murder, piracy, (c) an offence under section 7 (genocide, crimes against humanity and war crimes) or 8 (ancillary offences) of the International Criminal Court Act 2006, (d) an offence under the Criminal Justice (United Nations Convention against Torture) Act 2000, (e) the offence of murder under section 2 of the Criminal Justice (Safety of United Nations Workers) Act 2000, or an attempt or conspiracy to commit that offence, (f) the offence of killing or attempted killing under paragraph (h)or(j) of section 2 (1) of the Maritime Security Act 2004, (g) the offence of murder under section 6 or 11 of the Criminal Justice (Terrorist Offences) Act 2005 or an attempt to commit such offence, (h) an offence under section 71, 71A, 72 or 73 of the Criminal Justice Act 2006. (i) a grave breach such as is referred to in section 3(1)(i) of the Geneva Conventions Act 1962, including an offence by an accessory before or after the fact.”,
SI No 33 of 2010
— go bhfuil Éire faoi mheastóireacht leanúnach sheachtrach maidir le héifeachtacht a cuid bearta frithéillithe faoi líon sásraí meastóireachta idirnáisiúnta lena n-áirítear an Grúpa Stát In Aghaidh an Éillithe (GRECO) de chuid Chomhairle na hEorpa, Gasra Oibre na hEagraíochta um Chomhar Eacnamaíochta agus Forbartha um Breabaireacht in Idirbhearta Gnó Idirnáisiúnta, an Gasra Athbhreithnithe ar Chur i nGníomh de chuid Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe in aghaidh an Éillithe agus Tuarascáil Frithéillithe an Aontais Eorpaigh;
— THAT IRELAND IS SUBJECT TO ONGOING EXTERNAL EVALUATION OF THE EFFECTIVENESS OF ITS ANTI-CORRUPTION MEASURES UNDER A NUMBER OF INTERNATIONAL EVALUATION MECHANISMS INCLUDING THE COUNCIL OF EUROPE’S GROUP OF STATES AGAINST CORRUPTION (GRECO), THE ORGANISATION FOR ECONOMIC CO-OPERATION AND DEVELOPMENT (OECD) WORKING GROUP ON BRIBERY IN INTERNATIONAL BUSINESS TRANSACTIONS, THE IMPLEMENTATION REVIEW GROUP OF THE UNITED NATIONS CONVENTION AGAINST CORRUPTION AND THE EUROPEAN UNION ANTI-CORRUPTION REPORT;
Riar na hOibre (Dáil Éireann/Seanad Éireann)
Ba cheart do Gharda Teorann agus Cósta na hEorpa, lena n-áirítear an Ghníomhaireacht agus údaráis náisiúnta na mBallstát atá freagrach as bainistiú teorann, lena n-áirítear gardaí cósta sa mhéid is go ndéanann siad cúraimí rialaithe ag teorainneacha, a gcuid cúraimí a chomhall i lán-urraim do chearta bunúsacha, go háirithe Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (“an Chairt”), an Coinbhinsiún Eorpach chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint, an dlí idirnáisiúnta ábhartha, lena n-áirítear Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe um Chearta an Linbh, an Coinbhinsiún maidir le gach Cineál Idirdhealaithe in aghaidh na mBan a Dhíothú, an Coinbhinsiún i dtaobh Stádas Dídeanaithe agus oibleagáidí a bhaineann le rochtain ar chosaint idirnáisiúnta, go háirithe prionsabal an non-refoulement, Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige, an Coinbhinsiún Idirnáisiúnta um Shábháilteacht Anama ar Muir agus an Coinbhinsiún Idirnáisiúnta maidir le Cuardach agus Tarrtháil ar Muir.
The European Border and Coast Guard, which includes the Agency and the national authorities of Member States which are responsible for border management, including coast guards to the extent that they carry out border control tasks, should fulfil its tasks in full respect for fundamental rights, in particular the Charter of Fundamental Rights of the European Union (‘the Charter’), the European Convention for the Protection of Human Rights and Fundamental Freedoms, relevant international law, including the United Nations Convention on the Rights of the Child, the Convention on the Elimination of All Forms of Discrimination Against Women, the Convention Relating to the Status of Refugees and obligations related to access to international protection, in particular the principle of non-refoulement, the United Nations Convention on the Law of the Sea, the International Convention for the Safety of Life at Sea, and the International Convention on Maritime Search and Rescue.
Rialachán (AE) 2016/1624 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meán Fómhair 2016 maidir leis an nGarda Teorann agus Cósta Eorpach agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2016/399 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 863/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 2007/2004 ón gComhairle agus Cinneadh 2005/267/CE ón gComhairle
Togra le haghaidh Cinnidh ón gComhairle lena leagtar amach éifeachtaí aontachas Phoblacht na Seice agus aontachas na Polainne ar rannpháirtíocht an Chomhphobail Eorpaigh sa Choinbhinsiún maidir leis an gCoimisiún Idirnáisiúnta um an Oder a Chosaint in aghaidh Truailliú agus sa Choinbhinsiún maidir leis an gCoimisiún Idirnáisiúnta um an Eilbe a Chosaint mar aon le nóta faisnéise míniúcháin. COM (2004) 810.
PROPOSAL FOR A COUNCIL DECISION SETTING OUT THE EFFECTS OF THE ACCESSION OF THE CZECH REPUBLIC AND POLAND ON THE PARTICIPATION OF THE EUROPEAN COMMUNITY TO THE CONVENTION ON THE INTERNATIONAL COMMISSION FOR THE PROTECTION OF THE ODER AGAINST POLLUTION AND THE CONVENTION ON THE INTERNATIONAL COMMISSION FOR THE PROTECTION OF THE ELBE TOGETHER WITH EXPLANATORY INFORMATION NOTE. COM (2004) 810.
Riar na hOibre (Dáil Éireann/Seanad Éireann)
Sraith Conarthaí Uimh. 6 de 2004. An Coinbhinsiún chun Cosc a chur le Gníomhartha Neamhdhleathacha in aghaidh Shábháilteacht na Loingseoireachta Muirí. Rinneadh sa Róimh an 10 Márta, 1988. Taisceadh Ionstraim Aontachais na hÉireann le hArd_Rúnaí na hEagraíochta Muirí Idirnáisiúnta an 10 Meán Fómhair, 2004. Tháinig i bhfeidhm maidir le hÉirinn an 9 Nollaig, 2004.
TREATY SERIES NO. 6 OF 2004. CONVENTION FOR THE SUPPRESSION OF UNLAWFUL ACTS AGAINST THE SAFETY OF MARITIME NAVIGATION. DONE AT ROME ON 10 MARCH, 1988. IRELAND’S INSTRUMENT OF ACCESSION DEPOSITED WITH THE SECRETARY-GENERAL OF THE INTERNATIONAL MARITIME ORGANISATION ON 10 SEPTEMBER, 2004. ENTERED INTO FORCE WITH RESPECT TO IRELAND ON 9 DECEMBER, 2004.
Riar na hOibre (Dáil Éireann/Seanad Éireann)
Lógó gaois.ie
gaois.ie