Gaois

Treo cuardaigh

Modh cuardaigh

Scag na torthaí

Bailiúcháin

Foirmeacha na bhfocal

international

terrorist

57 toradh in 34 doiciméad

  1. #1756047

    (c)faisnéis a bhaineann le cionta sceimhlitheoireachta nó cionta coiriúla tromchúiseacha eile arna fáil trí chomhar idirnáisiúnta.

    (c)information related to terrorist offences or other serious criminal offences obtained through international cooperation.

    Togra le haghaidh RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena mbunaítear Córas an Aontais Eorpaigh um Fhaisnéis agus Údarú Taistil (ETIAS) agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 515/2014, (AE) 2016/399, (AE) 2016/794 agus (AE) 2016/1624

  2. #1960770

    Comhaontaíonn na Páirtithe tacú le hiarrachtaí idirnáisiúnta chun sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta a chosc agus a chomhrac.

    The Parties agree to support international efforts to prevent and combat money laundering and terrorist financing.

    Comhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt , agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile

  3. #734406

    Sa Treoir seo, liostaítear líon uileghabhálach de choireanna tromchúiseacha, amhail ionsaithe a chuireann beatha duine i mbaol, mar ghníomhartha a dhéantar d’aon ghnó agus ar féidir leo cáiliú mar chionta sceimhlitheoireachta nuair a dhéantar iad, agus a mhéid a dhéantar iad, ar mhaithe le haidhm shonrach sceimhlitheoireachta, eadhon imeaglú tromchúiseach a dhéanamh ar dhaonra, nó iallach míchuí a chur ar rialtas nó ar eagraíocht idirnáisiúnta gníomh a dhéanamh nó staonadh ó ghníomh a dhéanamh, nó struchtúir bhunúsacha pholaitiúla, bhunreachtúla, eacnamaíochta nó shóisialta tíre nó eagraíochta idirnáisiúnta a dhíchobhsú go tromchúiseach nó a scriosadh.

    This Directive exhaustively lists a number of serious crimes, such as attacks against a person’s life, as intentional acts that can qualify as terrorist offences when and insofar as committed with a specific terrorist aim, namely to seriously intimidate a population, to unduly compel a government or an international organisation to perform or abstain from performing any act, or to seriously destabilise or destroy the fundamental political, constitutional, economic or social structures of a country or an international organisation.

    Treoir (AE) 2017/541 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2017 maidir leis an sceimhlitheoireacht a chomhrac, agus lena n-ionadaítear Cinneadh Réime 2002/475/CGB ón gComhairle agus lena leasaítear Cinneadh 2005/671/CGB ón gComhairle

  4. #1681356

    Féadfaidh eagraíochtaí idirnáisiúnta agus lucht leagtha amach caighdeán atá inniúil i ndáil le sciúradh airgid a chosc agus maoiniú sceimhlitheoireachta a chomhrac a iarraidh go ndéanfaí frithbhearta iomchuí a chur i bhfeidhm chun an córas airgeadais idirnáisiúnta a chosaint ó na rioscaí leanúnacha agus substaintiúla a bhaineann le sciúradh airgid agus le maoiniú sceimhlitheoireachta a thagann ó thíortha áirithe.

    International organisations and standard setters with competence in the field of preventing money laundering and combating terrorist financing may call for the application of appropriate countermeasures to protect the international financial system from the ongoing and substantial risks relating to money laundering and terrorist financing emanating from certain countries.

    Treoir (AE) 2018/843 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 lena leasaítear Treoir (AE) 2015/849 maidir le húsáid an chórais airgeadais chun sciúradh airgid nó maoiniú sceimhlitheoireachta a chosc, agus lena leasaítear Treoir 2009/138/CE agus Treoir 2013/36/AE (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

  5. #685260

    Is é is aidhm leis an gcomhar idirnáisiúnta faoi chuimse an Tascfhórsa um Ghníomhaíocht Airgeadais (FATF) agus le cur chun feidhme domhanda a chuid moltaí sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta a chosc le linn cistí a aistriú.

    International cooperation within the framework of the Financial Action Task Force (FATF) and the global implementation of its recommendations aim to prevent money laundering and terrorist financing while transferring funds.

    Rialachán (AE) 2015/847 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2015 maidir le faisnéis a ghabhann le haistrithe cistí, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) 1781/2006 (Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE) 

  6. #685263

    D'fhonn cur chuige comhleanúnach a chothú sa chomhthéacs idirnáisiúnta agus an éifeachtacht a fheabhsú maidir leis an gcomhrac i gcoinne sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta, ba cheart d'aon ghníomhaíocht bhreise ón Aontas aird a thabhairt ar fhorbairtí ar an leibhéal idirnáisiúnta, eadhon na Moltaí leasaithe de chuid FATF.

    In order to foster a coherent approach in the international context and to increase the effectiveness of the fight against money laundering and terrorist financing, further Union action should take account of developments at international level, namely the revised FATF Recommendations.

    Rialachán (AE) 2015/847 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2015 maidir le faisnéis a ghabhann le haistrithe cistí, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) 1781/2006 (Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE) 

  7. #1680745

    Ba cheart, dá bhrí sin, go gcuirfí san áireamh Rún 2195 (2014) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe (UNSCR) maidir le bagairtí do shíocháin agus do shlándáil idirnáisiúnta, agus UNSCR 2199(2015) agus UNSCR 2253(2015) maidir le bagairtí do shíocháin agus do shlándáil idirnáisiúnta ó ghníomhartha sceimhlitheoireachta.

    Therefore, UN Security Council Resolution (UNSCR) 2195 (2014) on Threats to international peace and security and UNCSRs 2199(2015) and 2253(2015) on Threats to international peace and security caused by terrorist acts, should be taken into account.

    Treoir (AE) 2018/843 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 lena leasaítear Treoir (AE) 2015/849 maidir le húsáid an chórais airgeadais chun sciúradh airgid nó maoiniú sceimhlitheoireachta a chosc, agus lena leasaítear Treoir 2009/138/CE agus Treoir 2013/36/AE (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

  8. #1719443

    sonraí a iontráil i liosta faire ETIAS a bhaineann le cionta sceimhlitheoireachta nó cionta coiriúla tromchúiseacha eile arna bhfáil ag Europol, gan dochar do na coinníollacha lena rialaítear comhar idirnáisiúnta Europol;

    enter data into the ETIAS watchlist related to terrorist offences or other serious criminal offences obtained by Europol, without prejudice to the conditions regulating Europol’s international cooperation;

    Rialachán (AE) 2018/1241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Meán Fómhair 2018 lena leasaítear Rialachán (AE) 2016/794 chun Córas Eorpach um Fhaisnéis agus Údarú Taistil (ETIAS) a bhunú

  9. #1720080

    Le Rialachán (CE) Uimh. 1889/2005 cuireadh chun feidhme laistigh den Chomhphobal na caighdeáin idirnáisiúnta maidir le sciúradh airgid agus maoiniú na sceimhlitheoireachta a chomhrac a d’fhorbair an Tascfhórsa um Ghníomhaíocht Airgeadais (FATF).

    Regulation (EC) No 1889/2005 implemented within the Community the international standards on combating money laundering and terrorist financing developed by the Financial Action Task Force (FATF).

    Rialachán (AE) 2018/1672 Ó Pharlaimint na hEorpa agus Ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le rialuithe ar airgead tirim atá ag teacht isteach san Aontas nó ag dul amach as agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1889/2005

  10. #1850570

    Leis na leasuithe a rinne an Chomhairle dírítear ar neart a chur le cosaintí an Aontais i gcoinne sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta agus, ag an am céanna, áirithítear go mbeidh comhsheasmhacht ann leis an gcur chuige a leantar ar an leibhéal idirnáisiúnta, go háirithe leis na moltaí ón Tascfhórsa um Ghníomhaíocht Airgeadais (FATF).

    The amendments of the Council aim to strengthen the EU’s defences against money laundering and terrorist financing while ensuring consistency with the approach followed at international level, notably the FATF recommendations.

    Ráiteas ar chúiseanna na Comhairle: Seasamh (AE) Uimh. 8/2015 ón gComhairle ar an gcéad léamh chun go nglacfar Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le faisnéis a ghabhann le haistrithe cistí agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1781/2006

  11. #1861702

    Tá na Páirtithe ar aon fhocal maidir le tacaíocht a thabhairt d’iarrachtaí idirnáisiúnta chun frithsciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta a chosc agus a chomhrac, go sonrach trí choinbhinsiúin agus caighdeáin idirnáisiúnta an Tascfhórsa um Ghníomhaíocht Airgeadais (FATF) a chomhlíonadh.

    The Parties agree to support international efforts to prevent and fight against money laundering and terrorist financing, particularly through compliance with Financial Action Task Force (FATF) standards and associated cooperation.

    Dearbhú polaitiúil lena leagtar amach an creat don chaidreamh sa todhchaí idir an tAontas Eorpach agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire

  12. #2375613

    Dul i mbun comhair chun go ndoimhneofar an comhdhearcadh idirnáisiúnta ar chomhrac, a bheadh bunaithe ar chearta an duine, in aghaidh na sceimhlitheoireachta, lena n-áirítear comhdhearcadh ar an sainmhíniú dlíthiúil ar ghníomhartha sceimhlitheoireachta, lena n-áirítear trí chomhaontú a chur chun cinn maidir leis an gCoinbhinsiún Cuimsitheach maidir le Sceimhlitheoireacht Idirnáisiúnta;

    Cooperate so as to deepen international consensus on a human rights-based fight against terrorism, including on the legal definition of terrorist acts, including by promoting an agreement on the Comprehensive Convention on International Terrorism;

    Moladh Uimh. 1/2022 ó Chomhairle Comhlachais Ae-an tSeoirsia an 16 Lúnasa 2022 maidir le Clár Oibre Comhlachais AE-an tSeoirsia 2021-2027 [2022/1422]

  13. #2788503

    Is é is cuspóir don bheart cúnaimh acmhainneacht Fhórsaí Armtha na Nígire (Forces armées nigériennes – FAN) a neartú chun iomláine chríochach agus ceannasacht Phoblacht na Nígire a chosaint agus chun cosaint níos fearr a thabhairt don phobal sibhialta, lena n-áirítear i gcoinne na bagartha sceimhlitheoireachta atá ag dul i méid, agus an dlí idirnáisiúnta ábhartha á chomhlíonadh go hiomlán, go háirithe an dlí idirnáisiúnta um chearta an duine agus an dlí daonnúil idirnáisiúnta.

    The objective of the assistance measure is to strengthen the capacity of the Nigerien Armed Forces (Forces armées nigériennes – FAN) in order to defend the territorial integrity and sovereignty of the Republic of Niger and to better protect the civilian population, including against the mounting terrorist threat, in full compliance with relevant international law, in particular international human rights law and international humanitarian law.

    Cinneadh (CBES) 2023/1136 ón gComhairle an 8 Meitheamh 2023 maidir le beart cúnaimh faoin tSaoráid Eorpach Síochána chun tacú le Fórsaí Armtha na Nígire le trealamh míleata a cheaptar chun fórsa marfach a sheachadadh

  14. #2788571

    Is é cuspóir an bhirt cúnaimh acmhainneacht Fhórsaí Armtha na Nígire (Forces armées nigériennes – FAN) a neartú chun iomláine chríochach agus ceannasacht Phoblacht na Nígire a chosaint agus chun cosaint níos fearr a thabhairt don phobal sibhialta, lena n-áirítear i gcoinne na bagartha sceimhlitheoireachta atá ag dul i méid, agus an dlí idirnáisiúnta ábhartha á chomhlíonadh go hiomlán, go háirithe an dlí idirnáisiúnta um chearta an duine agus an dlí daonnúil idirnáisiúnta.

    The objective of the assistance measure is to strengthen the capacity of the Nigerien Armed Forces (Forces armées nigériennes – FAN) in order to defend the territorial integrity and sovereignty of the Republic of Niger and to better protect the civilian population, including against the mounting terrorist threat, in full compliance with relevant international law, in particular international human rights law and international humanitarian law.

    Cinneadh (CBES) 2023/1137 ón gComhairle an 8 Meitheamh 2023 maidir le beart cúnaimh faoin tSaoráid Eorpach Síochána chun tacú le Fórsaí Armtha na Nígire

  15. #2835733

    Is é is aidhm leis an gcomhar idirnáisiúnta faoi chuimsiú FATF agus le cur chun feidhme domhanda a chuid moltaí sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta a chosc le linn cistí nó sócmhainní fíorúla a aistriú.

    International cooperation within the framework of FATF and the global implementation of its recommendations aim to prevent money laundering and terrorist financing while transferring funds or virtual assets.

    Rialachán (AE) 2023/1113 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Bealtaine 2023 maidir le faisnéis a ghabhann le haistrithe cistí agus le cripteashócmhainní áirithe agus lena leasaítear Treoir (AE) 2015/849 (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

  16. #2835736

    D’fhonn cur chuige comhleanúnach a chothú sa chomhthéacs idirnáisiúnta agus an éifeachtacht a fheabhsú maidir le sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta a chomhrac, ba cheart d’aon ghníomhaíocht bhreise ón Aontas aird a thabhairt ar fhorbairtí ar an leibhéal idirnáisiúnta, go háirithe Moltaí athbhreithnithe FATF.

    In order to foster a coherent approach in the international context and to increase the effectiveness of the fight against money laundering and terrorist financing, further Union action should take account of developments at international level, in particular the revised FATF Recommendations.

    Rialachán (AE) 2023/1113 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Bealtaine 2023 maidir le faisnéis a ghabhann le haistrithe cistí agus le cripteashócmhainní áirithe agus lena leasaítear Treoir (AE) 2015/849 (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

  17. #290476

    Féadfar, áfach, i gcás eisceachtúil práinne na sonraí sin a aistriú nó a chur ar fáil do thríú tír nó d'eagraíocht idirnáisiúnta chun cionta sceimhlitheoireachta agus cionta tromchúiseacha coiriúla eile a chosc, a bhrath agus a imscrúdú, agus chun na críche sin amháin, faoi na coinníollacha a leagtar amach sa Chinneadh sin.

    However, in an exceptional case of urgency, such data may be transferred or made available to a third country or an international organisation exclusively for the purposes of the prevention and detection of terrorist offences and of other serious criminal offences and under the conditions set out in that Decision.

    Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Iúil 2008 maidir leis an gCóras Faisnéise Víosaí (VIS) agus maidir le sonraí ar víosaí gearrfhanachta a mhalartú idir Bhallstáit (Rialachán VIS)

  18. #595324

    Ina theachtaireacht chuig an gComhairle agus chuig Parlaimint na hEorpa an 24 Samhain 2005 maidir le héifeachtacht fheabhsaithe, idir-inoibritheacht fheabhsaithe agus sineirgíochtaí idir bunachair shonraí Eorpacha i réimse an Cheartais agus Gnóthaí Baile, cuireann an Coimisiún in iúl go bhféadfadh rochtain a bheith ag na húdaráis atá freagrach as slándáil inmheánach ar shonraí Eurodac i gcásanna a bheadh sainithe go maith, nuair atá amhras ann a bhfuil bunús tugtha leis go bhfuil déantóir ciona sceimhlitheoireachta nó déantóir ciona choiriúil thromchúisigh tar éis iarratas ar chosaint idirnáisiúnta a dhéanamh.

    The Commission outlines in its Communication to the Council and the European Parliament of 24 November 2005 on improved effectiveness, enhanced interoperability and synergies among European databases in the area of Justice and Home Affairs that authorities responsible for internal security could have access to Eurodac in well defined cases, when there is a substantiated suspicion that the perpetrator of a terrorist or other serious criminal offence has applied for international protection.

    Rialachán (AE) Uimh. 603/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le bunú “Eurodac” chun méarloirg a chur i gcomparáid lena chéile ar mhaithe le cur i bhfeidhm éifeachtach Rialachán (CE) Uimh. 604/2013 lena mbunaítear na critéir agus na sásraí lena gcinntear cé acu Ballstát atá freagrach as scrúdú a dhéanamh ar iarratas ar chosaint idirnáisiúnta arna thaisceadh i mBallstát ag náisiúnach tríú tír nó ag duine gan stát agus maidir le hiarrataí ó údaráis forghníomhaithe dlí na mBallstát agus ó Europol ar chomparáidí le sonraí Eurodac chun críocha forghníomhaithe dlí, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1077/2011 lena mbunaítear Gníomhaireacht Eorpach le haghaidh bainistiú oibríochtúil córas TF ar mhórscála sa limistéar saoirse, slándála agus ceartais

  19. #734400

    Agus aird á tabhairt ar fhorbairt na mbagairtí sceimhlitheoireachta atá ar an Aontas agus ar na Ballstáit agus ar na hoibleagáidí dlíthiúla atá orthu siúd faoin dlí idirnáisiúnta, ba cheart an sainmhíniú ar chionta sceimhlitheoireachta, ar chionta a bhaineann le grúpa sceimhlitheoireachta agus ar chionta a bhaineann le gníomhaíochtaí sceimhlitheoireachta a chomhfhogasú tuilleadh sna Ballstáit uile, ionas go gcumhdaítear leis iompar a bhaineann go háirithe le trodaithe eachtracha sceimhlitheoireachta agus le maoiniú sceimhlitheoireachta, ar bhealach níos cuimsithí.

    Taking account of the evolution of terrorist threats to and legal obligations on the Union and Member States under international law, the definition of terrorist offences, of offences related to a terrorist group and of offences related to terrorist activities should be further approximated in all Member States, so that it covers conduct related to, in particular, foreign terrorist fighters and terrorist financing more comprehensively.

    Treoir (AE) 2017/541 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2017 maidir leis an sceimhlitheoireacht a chomhrac, agus lena n-ionadaítear Cinneadh Réime 2002/475/CGB ón gComhairle agus lena leasaítear Cinneadh 2005/671/CGB ón gComhairle

  20. #734512

    Maidir leis na gníomhartha intinniúla seo a leanas, a shainítear mar chionta faoin dlí náisiúnta agus a d’fhéadfadh, i bhfianaise a gcineáil nó a gcomhthéacs, damáiste tromchúiseach a dhéanamh do thír nó d’eagraíocht idirnáisiúnta, glacfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go ndéanfar iad a shainiú mar chionta sceimhlitheoireachta i gcás ina ndéanfar iad agus ceann amháin de na haidhmeanna a liostaítear i mír 2 a bheith mar aidhm acu:

    Member States shall take the necessary measures to ensure that the following intentional acts, as defined as offences under national law, which, given their nature or context, may seriously damage a country or an international organisation, are defined as terrorist offences where committed with one of the aims listed in paragraph 2:

    Treoir (AE) 2017/541 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2017 maidir leis an sceimhlitheoireacht a chomhrac, agus lena n-ionadaítear Cinneadh Réime 2002/475/CGB ón gComhairle agus lena leasaítear Cinneadh 2005/671/CGB ón gComhairle

  21. #734646

    Glacfaidh gach Ballstát na bearta is gá chun a áirithiú go ndéanfar an fhaisnéis ábhartha a bhailíonn a údaráis inniúla i gcreat imeachtaí coiriúla i dtaca le cionta sceimhlitheoireachta a chur ar fáil a luaithe is féidir d’údaráis inniúla Ballstáit eile, i gcás ina bhféadfaí an fhaisnéis a úsáid chun cionta sceimhlitheoireachta amhail dá dtagraítear i dTreoir (AE) 2017/541 a chomhrac, a chosc, a bhrath, a imscrúdú nó a ionchúiseamh, arna iarraidh sin nó go spontáineach, agus i gcomhréir leis an dlí náisiúnta agus le hionstraimí dlíthiúla ábhartha idirnáisiúnta.”;

    Each Member State shall take the necessary measures to ensure that relevant information gathered by its competent authorities in the framework of criminal proceedings in connection with terrorist offences is made accessible as soon as possible to the competent authorities of another Member State where the information could be used in the prevention, detection, investigation or prosecution of terrorist offences as referred to in Directive (EU) 2017/541, in that Member State, either upon request or spontaneously, and in accordance with national law and relevant international legal instruments.’;

    Treoir (AE) 2017/541 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2017 maidir leis an sceimhlitheoireacht a chomhrac, agus lena n-ionadaítear Cinneadh Réime 2002/475/CGB ón gComhairle agus lena leasaítear Cinneadh 2005/671/CGB ón gComhairle

  22. #1603748

    An Bille um Cheartas Coiriúil (Cionta Sceimhlitheoireachta) 2002 dá chumasú don Stát gealltanais faoina ndeachthas mar chuid den chomhphobal idirnáisiúnta a chomhall, do leasú na nAchtanna um Chiontaí in aghaidh an Stáit 1939 go 1998 agus an Achta um Barántas Gabhála Eorpach 2003, agus do dhéanamh socrú i dtaobh nithe gaolmhara, lena n-áirítear sonraí cumarsáide a choinneáil

    CRIMINAL JUSTICE (TERRORIST OFFENCES) BILL 2002 TO ENABLE THE STATE TO MEET COMMITMENTS UNDERTAKEN AS PART OF THE INTERNATIONAL COMMUNITY, TO AMEND THE OFFENCES AGAINST THE STATE ACTS 1939 TO 1998 AND THE EUROPEAN ARREST WARRANT ACT 2003, AND TO MAKE PROVISION FOR RELATED MATTERS INCLUDING THE RETENTION OF COMMUNICATIONS DATA

    Riar na hOibre (Dáil Éireann/Seanad Éireann)

  23. #1680746

    Déileálann na UNSCRanna sin, faoi seach, leis na naisc idir sceimhlitheoireacht agus coireacht eagraithe trasnáisiúnta, le grúpaí sceimhlitheoireachta a chosc ó rochtain a fháil ar institiúidí airgeadais idirnáisiúnta agus leis an gcreat smachtbhannaí a leathnú chun an Stát Ioslamach san Iaráic agus sa Leiveaint a áireamh.

    Those UNSCRs deal with, respectively, the links between terrorism and transnational organised crime, preventing terrorist groups from gaining access to international financial institutions and expanding the sanctions framework to include Islamic State in Iraq and Levant.

    Treoir (AE) 2018/843 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 lena leasaítear Treoir (AE) 2015/849 maidir le húsáid an chórais airgeadais chun sciúradh airgid nó maoiniú sceimhlitheoireachta a chosc, agus lena leasaítear Treoir 2009/138/CE agus Treoir 2013/36/AE (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

  24. #1680768

    Chun faireachán a dhéanamh ar thrasuí ceart cheanglais an Aontais i gcórais AML/CFT náisiúnta, ar chur chun feidhme éifeachtach na gceanglas sin agus ar chumas na gcóras sin creat coisctheach éifeachtach a chur i gcrích, ba cheart don Choimisiún a mheasúnú a bhunú ar na córais AML/CFT náisiúnta ar cheart nár dhochar é do mheasúnuithe arna ndéanamh ag eagraíochtaí idirnáisiúnta agus ag lucht leagtha amach caighdeán atá inniúil i ndáil le sciúradh airgid a chosc agus maoiniú sceimhlitheoireachta a chomhrac, amhail FATF nó an Coiste Saineolaithe maidir le Meastóireacht ar Bhearta Frithsciúrtha Airgid agus ar Mhaoiniú Sceimhlitheoireachta.

    For the purpose of monitoring the correct transposition of the Union requirements in national AML/CFT regimes, the effective implementation of those requirements and the capacity of those regimes to achieve an effective preventive framework, the Commission should base its assessment on the national AML/CFT regimes, which should be without prejudice to assessments conducted by international organisations and standard setters with competence in the field of preventing money laundering and combating terrorist financing, such as the FATF or the Committee of Experts on the Evaluation of Anti-Money Laundering Measures and the Financing of Terrorism.

    Treoir (AE) 2018/843 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 lena leasaítear Treoir (AE) 2015/849 maidir le húsáid an chórais airgeadais chun sciúradh airgid nó maoiniú sceimhlitheoireachta a chosc, agus lena leasaítear Treoir 2009/138/CE agus Treoir 2013/36/AE (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

  25. #1680795

    Ba cheart do FIUnna, go tapa, go cuiditheach agus go héifeachtúil, an raon is leithne comhair idirnáisiúnta a thabhairt do FIUnna tríú tíortha i ndáil le sciúradh airgid, le cionta preideacáide bainteacha agus le maoiniú sceimhlitheoireachta i gcomhréir le Moltaí FATF agus le Prionsabail Egmont maidir le Malartú Faisnéise idir Aonaid um Fhaisnéis Airgeadais.

    FIUs should rapidly, constructively and effectively ensure the widest range of international cooperation with third countries’ FIUs in relation to money laundering, associated predicate offences and terrorist financing in accordance with the FATF Recommendations and Egmont Principles for Information Exchange between Financial Intelligence Units.

    Treoir (AE) 2018/843 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 lena leasaítear Treoir (AE) 2015/849 maidir le húsáid an chórais airgeadais chun sciúradh airgid nó maoiniú sceimhlitheoireachta a chosc, agus lena leasaítear Treoir 2009/138/CE agus Treoir 2013/36/AE (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

  26. #1680972

    Cuirfidh an Coimisiún san áireamh, le linn dó na gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear i mír 2 a tharraingt suas, na meastóireachtaí, na measúnuithe nó na tuarascálacha ábhartha arna dtarraingt suas ag eagraíochtaí idirnáisiúnta agus lucht leagtha amach caighdeán a bhfuil inniúlacht acu i ndáil le sciúradh airgid a chosc agus maoiniú sceimhlitheoireachta a chomhrac.”;

    The Commission, when drawing up the delegated acts referred to in paragraph 2, shall take into account relevant evaluations, assessments or reports drawn up by international organisations and standard setters with competence in the field of preventing money laundering and combating terrorist financing.’;

    Treoir (AE) 2018/843 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 lena leasaítear Treoir (AE) 2015/849 maidir le húsáid an chórais airgeadais chun sciúradh airgid nó maoiniú sceimhlitheoireachta a chosc, agus lena leasaítear Treoir 2009/138/CE agus Treoir 2013/36/AE (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

  27. #1681024

    Le linn do na Ballstáit na bearta a leagtar amach i mír 2 agus mír 3 a achtú nó a chur i bhfeidhm, cuirfidh na Ballstáit san áireamh, de réir mar is iomchuí, meastóireachtaí, measúnuithe nó tuarascálacha ábhartha arna dtarraingt suas ag eagraíochtaí idirnáisiúnta agus ag lucht leagtha amach caighdeán a bhfuil inniúlacht acu maidir le sciúradh airgid a chosc agus le maoiniú sceimhlitheoireachta a chomhrac, i ndáil leis na rioscaí a bhaineann le tríú tíortha aonair.

    When enacting or applying the measures set out in paragraphs 2 and 3, Member States shall take into account, as appropriate relevant evaluations, assessments or reports drawn up by international organisations and standard setters with competence in the field of preventing money laundering and combating terrorist financing, in relation to the risks posed by individual third countries.

    Treoir (AE) 2018/843 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 lena leasaítear Treoir (AE) 2015/849 maidir le húsáid an chórais airgeadais chun sciúradh airgid nó maoiniú sceimhlitheoireachta a chosc, agus lena leasaítear Treoir 2009/138/CE agus Treoir 2013/36/AE (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

  28. #1681290

    Déanfaidh an Coimisiún, más iomchuí, tuarascáil a eisiúint chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle chun measúnú a dhéanamh an gá agus an comhréireach an céatadán a ísliú i ndáil le húinéireacht thairbhiúil eintiteas dlíthiúil a shainaithint i bhfianaise aon mholadh arna eisiúint sa chiall sin ag eagraíochtaí idirnáisiúnta agus ag lucht leagtha amach caighdeán a bhfuil inniúlacht acu i ndáil le sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta a chosc mar thoradh ar mheasúnú nua, agus togra reachtach a thíolacadh, más iomchuí.”;

    The Commission shall, if appropriate, issue a report to the European Parliament and to Council to assess the need and proportionality of lowering the percentage for the identification of beneficial ownership of legal entities in light of any recommendation issued in this sense by international organisations and standard setters with competence in the field of preventing money laundering and combating terrorist financing as a result of a new assessment, and present a legislative proposal, if appropriate.’;

    Treoir (AE) 2018/843 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 lena leasaítear Treoir (AE) 2015/849 maidir le húsáid an chórais airgeadais chun sciúradh airgid nó maoiniú sceimhlitheoireachta a chosc, agus lena leasaítear Treoir 2009/138/CE agus Treoir 2013/36/AE (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

  29. #1708192

    Agus bearta á ndéanamh ar leibhéal an Aontais, ba cheart leanúint d’aird ar leith a thabhairt ar mholtaí an Tascfhórsa um Ghníomhaíocht Airgeadais (FATF) agus ar ionstraimí de chuid eagraíochtaí agus comhlachtaí idirnáisiúnta eile atá ag glacadh páirt ghníomhach sa chomhrac i gcoinne sciúradh airgid agus mhaoiniú na sceimhlitheoireachta.

    Union action should continue to take particular account of the Financial Action Task Force (FATF) Recommendations and instruments of other international organisations and bodies active in the fight against money laundering and terrorist financing.

    Treoir (AE) 2018/1673 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le sciúradh airgid a chomhrac tríd an dlí coiriúil

  30. #1720081

    Is comhlacht idir-rialtasach é FATF, a bunaíodh ag cruinniú mullaigh G7 i bPáras in 1989, a leagann síos caighdeáin agus a chuireann cur chun feidhme éifeachtach beart dlíthiúil, rialála agus oibríochtúil chun cinn maidir le sciúradh airgid, maoiniú na sceimhlitheoireachta agus bagairtí gaolmhara eile ar shláine an chórais airgeadais idirnáisiúnta a chomhrac.

    The FATF, established at the G7 summit held in Paris in 1989, is an inter-governmental body that sets standards and promotes the effective implementation of legal, regulatory and operational measures to combat money laundering, terrorist financing and other related threats to the integrity of the international financial system.

    Rialachán (AE) 2018/1672 Ó Pharlaimint na hEorpa agus Ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le rialuithe ar airgead tirim atá ag teacht isteach san Aontas nó ag dul amach as agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1889/2005

  31. #1821673

    Agus na hathbhreithnithe piaraí sin á ndéanamh ag ÚBE i gcomhréir le hAirteagal 30 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, ba cheart dó aird a thabhairt ar mheastóireachtaí, measúnuithe nó tuarascálacha ábhartha arna gcur i dtoll a chéile ag eagraíochtaí idirnáisiúnta agus comhlachtaí idir-rialtasacha a bhfuil inniúlacht acu i ndáil leis an sciúradh airgid nó an maoiniú sceimhlitheoireachta a chosc agus a chomhrac chomh maith le tuarascáil leathbhliantúil an Choimisiúin faoi Airteagal 6 de Threoir (AE) 2015/849 agus an Measúnú Náisiúnta ar Riosca an Bhallstáit ábhartha arna ullmhú faoi Airteagal 7 den Treoir sin.

    When conducting such peer reviews in accordance with Article 30 of Regulation (EU) No 1093/2010, EBA should take into account relevant evaluations, assessments or reports drawn up by international organisations and intergovernmental bodies with competence in the field of preventing and countering money laundering or terrorist financing as well as the biannual Report of the Commission under Article 6 of Directive (EU) 2015/849 and the National Risk Assessment of the relevant Member State prepared under Article 7 of that Directive.

    RIALACHÁN (AE) 2019/2175 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 18 Nollaig 2019 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Baincéireachta Eorpach); Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde); Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí); Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais; Rialachán (AE) 2016/1011 maidir le hinnéacsanna a úsáidtear mar thagarmharcanna in ionstraimí airgeadais agus i gconarthaí airgeadais nó chun feidhmíocht cistí infheistíochta a thomhas; agus Rialachán (AE) 2015/847 maidir le faisnéis a ghabhann le haistrithe cistí (Téacs atá ábhartha maidir le LEE) (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

  32. #1821935

    Agus athbhreithnithe á ndéanamh ag an Údarás i gcomhréir le hAirteagal 30 den Rialachán seo, cuirfidh sé san áireamh meastóireachtaí, measúnuithe nó tuarascálacha ábhartha arna gcur i dtoll a chéile ag eagraíochtaí idirnáisiúnta agus comhlachtaí idir-rialtasacha a bhfuil inniúlacht acu i ndáil leis an sciúradh airgid nó an maoiniú sceimhlitheoireachta a chosc chomh maith leis an tuarascáil leathbhliantúil ón gCoimisiúin arna déanamh faoi Airteagal 6 de Threoir (AE) 2015/849 agus na measúnuithe ar riosca arna ndéanamh ag na Ballstáit de bhun Airteagal 7 den Treoir sin.

    The Authority, when conducting such reviews in accordance with Article 30 of this Regulation, shall take into account relevant evaluations, assessments or reports drawn up by international organisations and intergovernmental bodies competent in the field of preventing money laundering or terrorist financing as well as the biannual report made by the Commission under Article 6 of Directive (EU) 2015/849, and the risk assessments carried out by Member States pursuant to Article 7 of that Directive.

    RIALACHÁN (AE) 2019/2175 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 18 Nollaig 2019 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Baincéireachta Eorpach); Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde); Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí); Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais; Rialachán (AE) 2016/1011 maidir le hinnéacsanna a úsáidtear mar thagarmharcanna in ionstraimí airgeadais agus i gconarthaí airgeadais nó chun feidhmíocht cistí infheistíochta a thomhas; agus Rialachán (AE) 2015/847 maidir le faisnéis a ghabhann le haistrithe cistí (Téacs atá ábhartha maidir le LEE) (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

  33. #1821938

    Na measúnaithe riosca a dhéanfaidh an tÚdarás, is ar an bhfaisnéis atá ar fáil dó a bheidh siad bunaithe, lena n-áirítear athbhreithnithe piaraí i gcomhréir le hAirteagal 30 den Rialachán seo, an anailís a rinne sé ar bhonn comhiomlán ar an bhfaisnéis atá bailithe chun críocha an bhunachair sonraí lárnach de bhun mhír 2 den Airteagal seo, chomh maith le meastóireachtaí ábhartha, measúnuithe ábhartha nó tuarascálacha ábhartha arna gcur i dtoll a chéile ag eagraíochtaí idirnáisiúnta agus ag comhlachtaí idir-rialtasacha a bhfuil inniúlacht acu i réimse an choisc ar an sciúradh airgid agus an maoiniú sceimhlitheoireachta agus measúnuithe náisiúnta riosca an Bhallstáit ábhartha arna ullmhú de bhun Airteagal 7 de Threoir (AE) 2015/849.

    The Authority shall perform risk assessments on the basis of the information available to it, including peer reviews in accordance with Article 30 of this Regulation, the analysis that it has conducted on an aggregate basis of the information collected for the purposes of the central database pursuant to paragraph 2 of this Article, as well as relevant evaluations, assessments or reports drawn up by international organisations and intergovernmental bodies with competence in the field of preventing money laundering and terrorist financing and the risk assessments by the Member States prepared pursuant to Article 7 of Directive (EU) 2015/849.

    RIALACHÁN (AE) 2019/2175 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 18 Nollaig 2019 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Baincéireachta Eorpach); Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde); Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí); Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais; Rialachán (AE) 2016/1011 maidir le hinnéacsanna a úsáidtear mar thagarmharcanna in ionstraimí airgeadais agus i gconarthaí airgeadais nó chun feidhmíocht cistí infheistíochta a thomhas; agus Rialachán (AE) 2015/847 maidir le faisnéis a ghabhann le haistrithe cistí (Téacs atá ábhartha maidir le LEE) (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

  34. #1824389

    Cé nach de ghinealach Cadis é agus nár thosaigh sé ach in 2012, bhí Houka Houka in ann cur lena údarás mar Cadi agus lena chumas slándáil phoiblí a choinneáil i limistéir áirithe trí leas a bhaint as sócmhainní Al-Furqan agus as an eagla a spreagann an eagraíocht sceimhlitheoireachta sin i réigiún Thimbeactú trí ionsaithe casta i gcoinne fhórsaí cosanta agus slándála Mhailí agus idirnáisiúnta agus trí fheallmharuithe dírithe.

    Even though he is not from a lineage of Cadis and that he started only in 2012, Houka Houka was able to extend his authority as a Cadi and his capacity to maintain public security in certain areas by using Al-Furqan assets and the fear that this terrorist organisation instigates in the Timbuktu region through complex attacks against international and Malian defence and security forces and targeted assassinations.

    Cinneadh cur Chun Feidhme (CBES) 2020/118 ón Gcomhairle an 27 Eanáir 2020 lena gcuirtear chun feidhme Cinneadh (CBES) 2017/1775 maidir le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i Mailí

  35. #1827358

    Cé nach de ghinealach Cadis é agus nár thosaigh sé ach in 2012, bhí Houka Houka in ann cur lena údarás mar Cadi agus lena chumas slándáil phoiblí a choinneáil i limistéir áirithe trí leas a bhaint as sócmhainní Al-Furqan agus as an eagla a spreagann an eagraíocht sceimhlitheoireachta sin i réigiún Thimbeactú trí ionsaithe casta i gcoinne fhórsaí cosanta agus slándála Mhailí agus idirnáisiúnta agus trí fheallmharuithe dírithe.

    Even though he is not from a lineage of Cadis and that he started only in 2012, Houka Houka was able to extend his authority as a Cadi and his capacity to maintain public security in certain areas by using Al-Furqan assets and the fear that this terrorist organisation instigates in the Timbuktu region through complex attacks against international and Malian defence and security forces and targeted assassinations.

    Rialachán cur chun Feidhme (AE) 2020/116 ón Gcomhairle an 27 Eanáir 2020 lena gcuirtear chun feidhme Airteagal 12(1) de Rialachán (AE) 2017/1770 maidir le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i Mailí

  36. #2383088

    Malartú faisnéise a chur chun cinn maidir le heagraíochtaí agus grúpaí sceimhlitheoireachta, a ngníomhaíochtaí agus a líonraí tacaíochtaí, i gcomhréir leis an dlí idirnáisiúnta agus leis an reachtaíocht arna rith ag na páirtithe, lena n-áirítear tríd an gComhaontú maidir le Comhar Oibríochtúil agus Straitéiseach idir Poblacht na Moldóive agus Europol, agus tríd an gcomhaontú comhair idir Poblacht na Moldóive agus Eurojust.

    Advance information exchange on terrorist organisations, groups, their activities and their support networks, in accordance with international law and the legislation passed by the parties, including via the operational and strategic cooperation agreement between the Republic of Moldova and Europol, as well as via the cooperation agreement between the Republic of Moldova and Eurojust.

    Moladh Uimh. 1/2022 ó Chomhairle Comhlachais AE-Poblacht na Moldóive an 22 Lúnasa 2022 maidir leis an gClár Oibre Comhlachais AE-Poblacht na Moldóive 2022 [2022/1997]

  37. #2413841

    (‘Maidir leis an gceathrú deartháir, rinne an mílíste de chuid na Houthis Mutlaq Al-Marrani ina bhriogáidire ginearálta agus thug siad an leasainm Abu Emad dó. Is cúis imní idirnáisiúnta a chuid gníomhaíochtaí sceimhlitheoireachta ós rud é go bhfuil sé ar cheann de na ceannairí is contúirtí ar an tseirbhís faisnéise a bhfuil baint acu leis an deargshárú ar shaolta mhuintir Éimin.’)

    (“As for the fourth brother, Mutlaq Al-Marrani is granted the rank of brigadier general and the nickname Abu Emad by the Houthi militia. His terrorist activities have become a source of international concern, as he is one of the most dangerous leaders of the intelligence service involved in the flagrant violation of the lives of Yemenis.”)

    Cinneadh Cur Chun Feidhme (CBES) 2022/1902 ón gComhairle an 6 Deireadh Fómhair 2022 lena gcuirtear chun feidhme Cinneadh 2014/932/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide san Éimin

  38. #2426213

    I litir dar dáta an 30 Samhain 2022, d’iarr Aire Gnóthaí Eachtracha agus Comhair Phoblacht na Nígire ar an Aontas misean comhpháirtíochta míleata CBSC de chuid an Aontais a imscaradh sa Nígir chun cur le hacmhainneacht mhíleata Fhórsaí Armtha na Nígire chun tacú leis an Nígir sa chomhrac atá aici i gcoinne grúpaí armtha sceimhlitheoireachta, i gcomhréir leis an dlí um chearta an duine agus leis an dlí daonnúil idirnáisiúnta.

    By letter dated 30 November 2022, the Minister for Foreign Affairs and Cooperation of the Republic of Niger invited the Union to deploy an EU CSDP military partnership mission in Niger to contribute to enhancing the military capacity of the Niger Armed Forces in order to support Niger in its fight against terrorist armed groups, in compliance with human rights law and international humanitarian law.

    Cinneadh (CBES) 2022/2444 ón gComhairle an 12 Nollaig 2022 maidir le misean comhpháirtíochta míleata de chuid an Aontais Eorpaigh sa Nígir(EUMPM Niger)

  39. #2426222

    Seolfaidh an tAontas misean comhpháirtíochta míleata sa Nígir (EUMPM Niger), chun tacú leis an Nígir sa chomhrac atá aici, i gcomhréir leis an dlí um chearta an duine agus leis an dlí daonnúil idirnáisiúnta, i gcoinne grúpaí armtha sceimhlitheoireachta.

    The Union shall conduct a military partnership mission in Niger (EUMPM Niger) in order to support Niger in its fight, in compliance with human rights law and international humanitarian law, against terrorist armed groups.

    Cinneadh (CBES) 2022/2444 ón gComhairle an 12 Nollaig 2022 maidir le misean comhpháirtíochta míleata de chuid an Aontais Eorpaigh sa Nígir(EUMPM Niger)

  40. #2475452

    Chun an bhearna a líonadh i dtaca le comhroinnt faisnéise maidir leis an gcoireacht thromchúiseach agus an sceimhlitheoireacht, go háirithe maidir le trodaithe eachtracha sceimhlitheoireachta, i gcás inar ríthábhachtach é faireachán a dhéanamh ar a ngluaiseachtaí, is gá a áirithiú, ar thogra ó Europol, gur féidir le Ballstáit foláirimh faisnéise a iontráil in SIS maidir le náisiúnaigh tríú tír chun leas an Aontais, chun an fhaisnéis sin a sholáthraíonn tríú tíortha agus eagraíochtaí idirnáisiúnta a chur ar fáil, go díreach agus i bhfíor-am, d’oifigigh thúslíne sna Ballstáit.

    In order to bridge the gap in sharing information on serious crime and terrorism, in particular on foreign terrorist fighters, where the monitoring of their movement is crucial, it is necessary to ensure that, upon a proposal by Europol, Member States are able to enter information alerts into SIS on third-country nationals in the interest of the Union, in order to make that information provided by third countries and international organisations available, directly and in real time, to front-line officers in Member States.

    Rialachán (AE) 2022/1190 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Iúil 2022 lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/1862 a mhéid a bhaineann le foláirimh faisnéise a iontráil i gCóras Faisnéise Schengen (SIS) maidir le náisiúnaigh tríú tír chun leas an Aontais

  41. #2527200

    (‘Maidir leis an gceathrú deartháir, rinne an mílíste de chuid na Houthis Mutlaq Al-Marrani ina bhriogáidire ginearálta agus thug siad an leasainm Abu Emad dó. Is cúis imní idirnáisiúnta a chuid gníomhaíochtaí sceimhlitheoireachta ós rud é go bhfuil sé ar cheann de na ceannairí is contúirtí ar an tseirbhís faisnéise a bhfuil baint acu leis an deargshárú ar shaolta mhuintir Éimin.’)

    (‘As for the fourth brother, Mutlaq Al-Marrani is granted the rank of brigadier general and the nickname Abu Emad by the Houthi militia. His terrorist activities have become a source of international concern, as he is one of the most dangerous leaders of the intelligence service involved in the flagrant violation of the lives of Yemenis.’)

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1901 ón gComhairle an 6 Deireadh Fómhair 2022 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 1352/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide san Éimin

  42. #2681094

    bealaí agus eintitis a nochtadh a bhfuil baint acu le gnáth-airm mar aon lena n-armlón a atreorú chuig réigiúin ina bhfuil coinbhleacht nó chuig eagraíochtaí idirnáisiúnta sceimhlitheoireachta agus fianaise a sholáthar de ghrúpaí agus de dhaoine aonair atá i mbun trádáil aindleathach, mar thaca le himeachtaí náisiúnta dlíthiúla;

    expose routes and entities involved in the diversion of conventional arms and their ammunition into conflict-affected regions or to international terrorist organisations and to provide evidence of groups and individuals engaged in illicit trade, in support of national legal proceedings;

    Cinneadh (CBES) 2023/387 ón gComhairle an 20 Feabhra 2023 mar thaca le sásra tuairiscithe domhanda ar ghnáth-airm aindleathacha agus a n-armlón chun an baol a bhaineann lena n-atreorú agus lena n-aistriú aindleathach a laghdú (“iTrace V”)

  43. #2835738

    Chun aghaidh a thabhairt go héifeachtach ar na rioscaí a bhaineann le mí-úsáid sócmhainní fíorúla chun críocha sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoireachta, ba cheart don Aontas cur i bhfeidhm na gcaighdeán arna gcur chun feidhme leis an Rialachán seo agus forbairt ghné idirnáisiúnta agus thrasdlínse an chreata rialála agus maoirseachta a chur chun cinn ar an leibhéal domhanda le haghaidh aistrithe sócmhainní fíorúla a bhaineann le sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta.

    In order to effectively address the risks posed by the misuse of virtual assets for money laundering and terrorist financing purposes, the Union should promote the application at global level of the standards implemented by this Regulation and the development of the international and cross-jurisdictional dimension of the regulatory and supervisory framework for transfers of virtual assets in relation to money laundering and terrorist financing.

    Rialachán (AE) 2023/1113 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Bealtaine 2023 maidir le faisnéis a ghabhann le haistrithe cistí agus le cripteashócmhainní áirithe agus lena leasaítear Treoir (AE) 2015/849 (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

  44. #2835749

    Sa bhreis air sin, i dteachtaireacht ón gCoimisiún an 7 Bealtaine 2020 dar teideal Action Plan for a comprehensive Union policy on preventing money laundering and terrorist financing [Plean Gníomhaíochta le haghaidh beartas cuimsitheach de chuid an Aontais maidir le sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta a chosc], sainaithníodh sé réimse tosaíochta i dtaca le gníomhaíocht phráinneach chun feabhas a chur ar chóras an Aontais maidir le sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta a chomhrac, lena n-áirítear creat rialála comhleanúnach a bhunú san Aontas le haghaidh an chóras sin chun rialacha níos mionsonraithe agus níos comhchuibhithe a fháil, go háirithe chun aghaidh a thabhairt ar impleachtaí na nuálaíochta teicneolaíochta agus forbairtí i gcaighdeáin idirnáisiúnta agus chun cur chun feidhme ilchineálach na rialacha atá ann faoi láthair a sheachaint.

    In addition, the Commission in its communication of 7 May 2020 on an Action Plan for a comprehensive Union policy on preventing money laundering and terrorist financing identified six priority areas for urgent action to improve the Union’s anti-money laundering and counter-terrorist financing regime, including the establishment of a coherent regulatory framework for that regime in the Union to obtain more detailed and harmonised rules, in particular to address the implications of technological innovation and developments in international standards and to avoid diverging implementation of existing rules.

    Rialachán (AE) 2023/1113 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Bealtaine 2023 maidir le faisnéis a ghabhann le haistrithe cistí agus le cripteashócmhainní áirithe agus lena leasaítear Treoir (AE) 2015/849 (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

  45. #2835850

    Chun na lúba ar lár atá sa chreat um an sciúradh airgid agus maoiniú na sceimhlitheoireachta a chomhrac a dhúnadh agus chun dlí an Aontais a ailíniú le moltaí idirnáisiúnta, ba cheart Treoir (AE) 2015/849 a leasú chun gach catagóir de sholáthraithe seirbhísí cripteashócmhainní a áireamh mar a shainmhínítear i Rialachán (AE) 2023/1114 lena gcumhdaítear raon níos leithne soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní.

    In order to close existing loopholes in the anti-money laundering and counter-terrorist financing framework and to align Union law with international recommendations, Directive (EU) 2015/849 should be amended to include all categories of crypto-asset service providers as defined in Regulation (EU) 2023/1114, which covers a broader range of crypto-asset service providers.

    Rialachán (AE) 2023/1113 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Bealtaine 2023 maidir le faisnéis a ghabhann le haistrithe cistí agus le cripteashócmhainní áirithe agus lena leasaítear Treoir (AE) 2015/849 (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

  46. #2836205

    Cuirfear san áireamh sa tuarascáil sin forbairtí nua i réimse chomhrac an sciúrtha airgid agus mhaoiniú na sceimhlitheoireachta, chomh maith le meastóireachtaí, measúnuithe agus tuarascálacha ábhartha sa réimse sin arna dtarraingt suas ag eagraíochtaí idirnáisiúnta agus ag bunaitheoirí caighdeán, údaráis forfheidhmithe dlí agus gníomhaireachtaí faisnéise, soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní nó foinsí iontaofa eile.

    That report shall take into account new developments in the field of anti-money laundering and counter-terrorist financing, as well as relevant evaluations, assessments and reports in that field drawn up by international organisations and standard setters, law enforcement authorities and intelligence agencies, crypto-asset service providers or other reliable sources.

    Rialachán (AE) 2023/1113 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Bealtaine 2023 maidir le faisnéis a ghabhann le haistrithe cistí agus le cripteashócmhainní áirithe agus lena leasaítear Treoir (AE) 2015/849 (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

  47. #2836441

    Ar an gcúis sin, ba cheart d’eintitis a thairgeann seirbhísí a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo rialacha infheidhme an Aontais maidir le frithsciúradh airgid agus maoiniú frithsceimhlitheoireachta a chomhlíonadh, ar rialacha iad lena gcomhtháthaítear caighdeáin idirnáisiúnta.

    For that reason, entities offering services falling within the scope of this Regulation should also comply with applicable anti-money laundering and counter-terrorist financing rules of the Union, which integrate international standards.

    Rialachán (AE) 2023/1114 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Bealtaine 2023 maidir le margaí i gcripteashócmhainní, agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010 agus (AE) Uimh. 1095/2010 agus Treoracha 2013/36/AE agus (AE) 2019/1937 (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

  48. #2997047

    De bhun Airteagal 9(4) de Threoir (AE) 2015/849, cuirfidh an Coimisiún san áireamh, agus tríú tíortha ardriosca á sainaithint aige, meastóireachtaí, measúnuithe nó tuarascálacha ábhartha arna dtarraingt suas ag eagraíochtaí idirnáisiúnta agus ag lucht leagtha síos caighdeán a bhfuil inniúlacht acu maidir le cosc a chur le sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta a chomhrac.

    Pursuant to Article 9(4) of Directive (EU) 2015/849, the Commission, when identifying high-risk third countries, is to take into account relevant evaluations, assessments or reports drawn up by international organisations and standard setters with competence in the field of preventing money laundering and combating terrorist financing.

    Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/2070 ón gCoimisiún an 18 Lúnasa 2023 lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/1675 chun Camarún agus Vítneam a chur le liosta na dtríú tíortha ardriosca (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

  49. #3170996

    An 12 Nollaig 2022, ghlac an Chomhairle conclúidí lena ndearbhaítear go bhfuil rannpháirtíocht an Aontais le hÉimin nasctha le príomhleasanna agus príomhghealltanais an Aontais, lena n-áirítear: tacú leis an tsíocháin agus le hord idirnáisiúnta riailbhunaithe; an riachtanas daonnúil chun tacú le muintir Éimin; cur chun feidhme an Chláir Oibre maidir le Mná, an tSíocháin agus an tSlándáil ar fud an domhain; a thábhachtaí atá Éimin do phríomhlínte soláthair fuinnimh agus tráchtearraí eile atá muirbhunaithe agus an cuspóir chun slándáil agus cobhsaíocht réigiún na Murascaille, na Mara Rua agus Chorn na hAfraice a áirithiú; agus an gá atá le leathadh breise eagraíochtaí sceimhlitheoireachta a chosc.

    On 12 December 2022, the Council adopted conclusions affirming that the Union’s engagement with Yemen is linked to core interests and commitments of the Union, including: supporting peace and a rules-based international order; the humanitarian imperative to support the people of Yemen; the implementation of the Women, Peace and Security Agenda across the globe; the importance of Yemen for key sea-based supply lines of energy and other commodities and the objective to ensure the security and stability of the Gulf region as well as the Red Sea and the Horn of Africa; and the need to prevent further proliferation of terrorist organisations.

    Cinneadh (CBES) 2024/583 ón gComhairle an 8 Feabhra 2024 maidir le hoibríocht slándála muirí de chuid an Aontais Eorpaigh chun saoirse loingseoireachta a chosaint i ndáil le géarchéim na Mara Rua (EUNAVFOR ASPIDES)

  50. #564722

    (a) tréas, (b) cion faoi alt 2 agus 3 den Acht Tréasa 1939, (c) cion faoi alt 6, 7 agus 8 den Acht um Chiontaí in Aghaidh an Stáit 1939, (d) sárú tromchúiseach den saghas dá dtagraítear in alt 3(1)(i) den Acht um Choinbhinsiúin na Ginéive 1962, (e) cion faoi alt 9 den Acht um Rúin Oifigiúla 1963, nó cion faoi Chuid II den Acht sin a rinneadh ar dhóigh ba dhochar do shlándáil nó caomhnú an Stáit, (f) dúnmharú, iarracht ar dhúnmharú, comhcheilg um dhúnmharú nó píoráideacht, lena n-áirítear cúlpháirtí roimh an ngníomh nó i ndiaidh an ghnímh, (g) cion faoi alt 3, arna leasú, den Acht um Choinbhinsiúin na Ginéive 1962 nó cion faoi alt 7 nó 8 den Acht um an gCúirt Choiriúil Idirnáisiúnta 2006, (h) cion faoin Acht um Cheartas Coiriúil (Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe in aghaidh Céastóireachta) 2000, (i) cion dúnmharaithe faoi alt 2 den Acht um Cheartas Coiriúil (Sábháilteacht Oibrithe na Náisiún Aontaithe), 2000, nó iarracht nó comhcheilg an cion sin a dhéanamh, (j) cion arb éard é marú nó iarracht ar mharú faoi mhír (h)nó(j) d’alt 2(1) den Acht um Shlándáil Mhuirí 2004, (k) cion dúnmharaithe faoi alt 6 nó 11 den Acht um Cheartas Coiriúil (Cionta Sceimhlitheoireachta) 2005, nó iarracht cion den sórt sin a dhéanamh, (l) cion faoi alt 71, 71A, 72 nó 73 den Acht um Cheartas Coiriúil 2006.”; (vi)

    (a) treason, (b) an offence under section 2 and 3 of the Treason Act 1939, (c) an offence under section 6, 7 and 8 of the Offences Against the State Act 1939, (d) a grave breach such as is referred to in section 3(1)(i) of the Geneva Conventions Acts 1962, (e) an offence under section 9 of the Official Secrets Act 1963 or an offence under Part II of that Act committed in a manner prejudicial to the safety or preservation of the State, (f) murder, attempt to murder, conspiracy to murder or piracy, including an accessory before or after the fact, (g) an offence under section 3, as amended, of the Geneva Conventions Act 1962 or an offence under section 7 or 8 of the International Criminal Court Act 2006, (h) an offence under the Criminal Justice (United Nations Convention against Torture) Act 2000, (i) the offence of murder under section 2 of the Criminal Justice (Safety of United Nations Workers) Act, 2000, or an attempt or conspiracy to commit that offence, (j) the offence of killing or attempted killing under paragraph (h)or (j) of section 2(1) of the Maritime Security Act 2004, (k) the offence of murder under section 6 or 11 of the Criminal Justice (Terrorist Offences) Act 2005 or an attempt to commit such offence, (l) an offence under section 71, 71A, 72 or 73 of the Criminal Justice Act 2006.”; (vi)

    District Court (Criminal Justice (Amendment) Act 2009) Rules 2010