Gaois

Treo cuardaigh

Modh cuardaigh

Scag na torthaí

Bailiúcháin

Foirmeacha na bhfocal

prótacal

breis

breise

gabh

leis

coinbhinsiún

ceart

duine

bain

1 toradh i ndoiciméad amháin

  1. #2393522

    Mheabhraigh an Chomhairle sna conclúidí sin go bhféadfadh baint a bheith ag roinnt gnéithe den chaibidlíocht sin le haghaidh coinbhinsiún cuimsitheach idirnáisiúnta maidir le cur i gcoinne úsáid na dteicneolaíochtaí faisnéise agus cumarsáide chun críoch coiriúil leis an gComhbheartas Eachtrach agus Slándála, trína chur i bhfios go láidir go ndéanann sí an méid seo a leanas: ‘tacaíonn sí agus cuireann sí chun cinn Coinbhinsiún Bhúdaipeist maidir leis an gCibearchoireacht agus tacaíonn sí agus cuireann sí chun cinn an obair atá ar bun ar an Dara Prótacal Breise a ghabhann leis an gCoinbhinsiún seo. Thairis sin, leanann sí de mhalartuithe iltaobhacha maidir leis an gcibearchoireacht a dhéanamh, lena n-áirítear sna próisis a bhaineann leis an gComhairle Eorpach, le hOifig na Náisiún Aontaithe i leith Drugaí agus Coireachta (UNODC) agus leis an gCoimisiún um Choireacht a Chosc agus um Cheartas Coiriúil, chun comhar idirnáisiúnta feabhsaithe a áirithiú chun cur i gcoinne na cibearchoireachta, lena n-áirítear dea-chleachtais agus eolas teicniúil a mhalartú agus tacú le fothú acmhainneachta agus, ag an am céanna, cearta an duine agus saoirsí bunúsacha a urramú, a chur chun cinn agus a chosaint’.

    Therein, the Council recalled that several aspects of the negotiations on a comprehensive international convention on countering the use of information and communications technologies for criminal purposes could relate to the Common Foreign and Security Policy, by stressing that it ‘supports and promotes the Budapest Convention on Cybercrime and the ongoing work on the Second Additional Protocol to this Convention. Furthermore, it continues to engage in multilateral exchanges on cybercrime, including in processes related to the Council of Europe, the United Nations Office on Drugs and Crime (UNODC) and the Commission on Crime Prevention and Criminal Justice (CCPCJ), to ensure an enhanced international cooperation to counter cybercrime, including the exchange of best practices and technical knowledge and support for capacity building, while respecting, promoting and protecting human rights and fundamental freedoms’.

    Cinneadh (AE) 2022/895 ón gComhairle an 24 Bealtaine 2022 lena n-údaraítear tús a chur leis an gcaibidlíocht thar ceann an Aontais Eorpaigh le haghaidh coinbhinsiún cuimsitheach idirnáisiúnta maidir le cur i gcoinne úsáid na dteicneolaíochtaí faisnéise agus cumarsáide chun críoch coiriúil