Gaois

Treo cuardaigh

Modh cuardaigh

Scag na torthaí

Bailiúcháin

Foirmeacha na bhfocal

prótacal

rochtain

ar

acmhainn

acmhainneach

géiniteach

tairbhe

tairbheach

tairbhí

bain

6 thoradh i ndoiciméad amháin

  1. #640272

    Le Prótacal Nagoya, déantar forbairt bhreise ar rialacha ginearálta an Choinbhinsiúin maidir le rochtain ar acmhainní géiniteacha agus comhroinnt tairbhí, idir thairbhí airgeadaíochta agus neamhairgeadaíochta, a eascraíonn as acmhainní géiniteacha agus eolas traidisiúnta a bhaineann le hacmhainní géiniteacha a úsáid (“rochtain agus comhroinnt tairbhí”).

    The Nagoya Protocol further elaborates upon the general rules of the Convention on access to genetic resources and sharing of monetary and non-monetary benefits arising from the utilisation of genetic resources and traditional knowledge associated with genetic resources (‘access and benefit-sharing’).

    Rialachán (AE) Uimh. 511/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 i ndáil le bearta comhlíonta d’úsáideoirí ó Phrótacal Nagoya maidir le Rochtain ar Acmhainní Géiniteacha agus Comhroinnt Chothrom agus Chothromasach na dTairbhí a eascraíonn as a nÚsáid san Aontas Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE

  2. #640314

    D’fhonn cur chun feidhme éifeachtach Phrótacal Nagoya a áirithiú, ba cheart do gach úsáideoir acmhainní géiniteacha agus eolais thraidisiúnta a bhaineann le hacmhainní géiniteacha dícheall cuí a fheidhmiú le fionnadh an bhfuarthas rochtain ar acmhainní géiniteacha agus ar eolas traidisiúnta a bhaineann le hacmhainní géiniteacha i gcomhréir le ceanglais dhlíthiúla nó rialála is infheidhme agus lena áirithiú go ndéantar tairbhí a chomhroinnt go cothrom agus go cothromasach, i gcás inarb ábhartha.

    With a view to ensuring the effective implementation of the Nagoya Protocol, all users of genetic resources and traditional knowledge associated with genetic resources should exercise due diligence to ascertain whether genetic resources and traditional knowledge associated with genetic resources have been accessed in accordance with applicable legal or regulatory requirements and to ensure that, where relevant, benefits are fairly and equitably shared.

    Rialachán (AE) Uimh. 511/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 i ndáil le bearta comhlíonta d’úsáideoirí ó Phrótacal Nagoya maidir le Rochtain ar Acmhainní Géiniteacha agus Comhroinnt Chothrom agus Chothromasach na dTairbhí a eascraíonn as a nÚsáid san Aontas Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE

  3. #640356

    Ba cheart comhchoibhneas díreach a bheith ann idir an dáta a thiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm agus an dáta a thiocfaidh Prótacal Nagoya i bhfeidhm don Aontas d’fhonn a áirithiú go mbeidh coinníollacha comhionanna ann ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal domhanda sna gníomhaíochtaí a bhaineann le rochtain agus comhroinnt tairbhí na n-acmhainní géiniteacha,

    The date of entry into force of this Regulation should be directly correlated to the entry into force of the Nagoya Protocol for the Union in order to ensure equal conditions at Union and global level in activities relating to access and benefit-sharing of genetic resources,

    Rialachán (AE) Uimh. 511/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 i ndáil le bearta comhlíonta d’úsáideoirí ó Phrótacal Nagoya maidir le Rochtain ar Acmhainní Géiniteacha agus Comhroinnt Chothrom agus Chothromasach na dTairbhí a eascraíonn as a nÚsáid san Aontas Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE

  4. #640382

    ciallaíonn “acmhainní géiniteacha a bhfuarthas rochtain orthu go mídhleathach” acmhainní géiniteacha agus eolas traidisiúnta a bhaineann le hacmhainní géiniteacha a bhfuarthas rochtain orthu ar chaoi nach raibh i gcomhréir le reachtaíocht náisiúnta nó le ceanglais rialála de chuid na tíre is soláthraí ar Páirtí í i bPrótacal Nagoya maidir le rochtain agus comhroinnt tairbhí agus dá dteastaíonn toiliú feasach roimh ré;

    ‘illegally accessed genetic resources’ means genetic resources and traditional knowledge associated with genetic resources which were not accessed in accordance with the national access and benefit-sharing legislation or regulatory requirements of the provider country that is a Party to the Nagoya Protocol requiring prior informed consent;

    Rialachán (AE) Uimh. 511/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 i ndáil le bearta comhlíonta d’úsáideoirí ó Phrótacal Nagoya maidir le Rochtain ar Acmhainní Géiniteacha agus Comhroinnt Chothrom agus Chothromasach na dTairbhí a eascraíonn as a nÚsáid san Aontas Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE

  5. #640292

    Tá sé ríthábhachtach freisin go gcoiscfear úsáid acmhainní géiniteacha agus eolais thraidisiúnta a bhaineann le hacmhainní géiniteacha san Aontas a bhfuarthas rochtain orthu ar chaoi nach raibh i gcomhréir leis an reachtaíocht náisiúnta nó na ceanglais rialála de chuid Páirtí i bPrótacal Nagoya maidir le rochtain agus comhroinnt tairbhí agus tacú le cur chun feidhme éifeachtach na ngealltanas maidir le comhroinnt tairbhí a leagtar amach i dtéarmaí arna gcomhaontú go frithpháirteach idir soláthraithe agus úsáideoirí.

    It is also essential to prevent the utilisation in the Union of genetic resources or traditional knowledge associated with genetic resources, which were not accessed in accordance with the national access and benefit-sharing legislation or regulatory requirements of a Party to the Nagoya Protocol, and to support the effective implementation of benefit-sharing commitments set out in mutually agreed terms between providers and users.

    Rialachán (AE) Uimh. 511/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 i ndáil le bearta comhlíonta d’úsáideoirí ó Phrótacal Nagoya maidir le Rochtain ar Acmhainní Géiniteacha agus Comhroinnt Chothrom agus Chothromasach na dTairbhí a eascraíonn as a nÚsáid san Aontas Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE

  6. #640362

    Bunaítear rialacha leis an Rialachán seo a rialaíonn comhlíonadh le rochtain agus comhroinnt tairbhí le haghaidh acmhainní géiniteacha agus eolas traidisiúnta a bhaineann le hacmhainní géiniteacha, i gcomhréir le forálacha Phrótacal Nagoya maidir le Rochtain ar Acmhainní Géiniteacha agus Comhroinnt Chothrom agus Chothromasach na dTairbhí a eascraíonn as a nÚsáid a ghabhann leis an gCoinbhinsiún maidir leis an Éagsúlacht Bhitheolaíoch (“Prótacal Nagoya”).

    This Regulation establishes rules governing compliance with access and benefit-sharing for genetic resources and traditional knowledge associated with genetic resources in accordance with the provisions of the Nagoya Protocol on Access to Genetic Resources and the Fair and Equitable Sharing of Benefits Arising from their Utilization to the Convention on Biological Diversity (the ‘Nagoya Protocol’).