Gaois

Treo cuardaigh

Modh cuardaigh

Scag na torthaí

Bailiúcháin

Foirmeacha na bhfocal

act

airport

serve

serving

international

2 thoradh in 2 dhoiciméad

  1. #1967576

    Agus ráthaíocht sábháilteachta le haghaidh aerárthaí sibhialta, a bpaisinéirí agus a gcriú ina réamhchoinníoll bunúsach chun aersheirbhísí idirnáisiúnta a oibriú, athdhearbhaíonn na Páirtithe a n-oibleagáidí dá chéile chun foráil a dhéanamh maidir le slándáil na heitlíochta sibhialta in aghaidh gníomhartha de chur isteach neamhdhleathach, agus go háirithe a n-oibleagáidí faoin gCoinbhinsiún, an Coinbhinsiún um Chionta agus Gníomhartha áirithe eile a dhéantar ar Bord Aerárthaí, a síníodh i dTóiceo an 14 Meán Fómhair 1963, an Coinbhinsiún chun Cosc a chur le hUrghabháil Neamhdhleathach Aerárthaí, a síníodh sa Háig an 16 Nollaig 1970, an Coinbhinsiún chun Cosc a chur le Gníomhartha Neamhdhleathacha in aghaidh Shábháilteacht na hEitlíochta Sibhialta, a síníodh in Montréal an 23 Meán Fómhair 1971, Prótacal maidir le Cosc a chur le Gníomhartha Neamhdhleathacha Foréigin in Aerfoirt a Fhónann don Eitlíocht Shibhialta Idirnáisiúnta, a síníodh in Montréal an 24 Feabhra 1988 agus an Coinbhinsiún maidir le Pléascáin Phlaisteacha a Mharcáil chun críoch a mBraite, a síníodh in Montréal an 1 Márta 1991, a mhéid a bhfuil an dá Pháirtí ina bpáirtithe sna coinbhinsiúin sin, chomh maith le gach coinbhinsiún agus prótacal eile a bhaineann le slándáil eitlíocht shibhialta a bhfuil an dá Pháirtí ina bpáirtithe iontu.

    The assurance of safety for civil aircraft, their passengers and crew being a fundamental pre-condition for the operation of international air services, the Parties reaffirm their obligations to each other to provide for the security of civil aviation against acts of unlawful interference, and in particular their obligations under the Convention, the Convention on Offences and Certain Other Acts Committed on Board Aircraft, signed at Tokyo on 14 September 1963, the Convention for the Suppression of Unlawful Seizure of Aircraft, signed at The Hague on 16 December 1970, the Convention for the Suppression of Unlawful Acts against the Safety of Civil Aviation, signed at Montreal on 23 September 1971, the Protocol for the Suppression of Unlawful Acts of Violence at Airports Serving International Civil Aviation, signed at Montreal on 24 February 1988 and the Convention on the Marking of Plastic Explosives for purpose of Detection, signed at Montreal on 1 March 1991, insofar as both Parties are parties to these conventions, as well as all other conventions and protocols relating to civil aviation security of which both Parties are parties.

    An Comhaontú um an gComhlimistéar Eitlíochta IDIR AN tAONTAS EORPACH AGUS A BHALLSTÁIT, DE PHÁIRT, AGUS AN ÚCRÁIN, DEN PHÁIRT EILE

  2. #1968622

    Athdhearbhaíonn na Páirtithe na hoibleagáidí atá orthu dá chéile i dtaca le soláthar a dhéanamh le haghaidh shlándáil na heitlíochta sibhialta in aghaidh bearta neamhdhleathacha cur isteach, agus athdhearbhaíonn siad go háirithe na hoibleagáidí atá orthu faoin gCoinbhinsiún, faoin gCoinbhinsiún um Chionta agus Gníomhartha Áirithe Eile a dhéantar ar Bord Aerárthaí, a síníodh i dTóiceo an 14 Meán Fómhair 1963, faoin gCoinbhinsiún chun Cosc a chur le hUrghabháil Neamhdhleathach Aerárthaí, a síníodh sa Háig an 16 Nollaig 1970, faoin gCoinbhinsiún chun Cosc a chur le Gníomhartha Neamhdhleathacha in aghaidh Shábháilteacht na hEitlíochta Sibhialta, a síníodh in Montréal an 23 Meán Fómhair 1971, faoin bPrótacal maidir le Cosc a chur le Gníomhartha Neamhdhleathacha Foréigin in Aerfoirt a fhónann don Eitlíocht Shibhialta Idirnáisiúnta, a síníodh in Montréal an 24 Feabhra 1988 agus faoin gCoinbhinsiún maidir le Pléascáin Phlaisteacha a Mharcáil chun Críoch a mBraite, a síníodh in Montréal an 1 Márta 1991, a mhéid atá na Páirtithe ina bpáirtithe de na coinbhinsiúin sin, agus faoi na coinbhinsiúin agus na prótacail eile uile a bhfuil na Páirtithe ina bpáirtithe díobh a bhaineann leis an tslándáil eitlíochta sibhialta.

    The Parties reaffirm their obligations to each other to provide for the security of civil aviation against acts of unlawful interference, and in particular their obligations under the Convention, the Convention on Offences and Certain Other Acts Committed on Board Aircraft, signed at Tokyo on 14 September 1963, the Convention for the Suppression of Unlawful Seizure of Aircraft, signed at The Hague on 16 December 1970, the Convention for the Suppression of Unlawful Acts against the Safety of Civil Aviation, signed at Montreal on 23 September 1971, the Protocol for the Suppression of Unlawful Acts of Violence at Airports Serving International Civil Aviation, signed at Montreal on 24 February 1988 and the Convention on the marking of plastic explosives for purpose of detection signed at Montreal on 1 March 1991, insofar as the Parties are parties to these conventions, as well as all other conventions and protocols relating to civil aviation security to which the Parties are parties.

    Comhaontú maidir le haeriompar idir an Taontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus Stát Chatar, den pháirt eile,