Gaois

Treo cuardaigh

Modh cuardaigh

Scag na torthaí

Bailiúcháin

Foirmeacha na bhfocal

reduction

hour

work

37 toradh in 20 doiciméad

  1. #3160683

    Ós rud é go bhféadfadh beartais agus cleachtais atá an-difriúil a bheith i gceist le ‘seachtain 4 lá’, breathnófar sa treoirthionscadal ar shamhlacha éagsúla cleachtas agus beartas, agus idirdhealú soiléir á dhéanamh idir samhlacha éagsúla amhail an méid seo a leanas: (1) seachtain 4 lá le laghdú suntasach ar uaireanta oibre (mar shampla, 32 uair an chloig sa tseachtain i gcomparáid le 38 n-uair an chloig ar an meán a oibríodh sa Fhrainc faoi ‘loi Robien’ in 1997), agus cruthú post agus laghdú ar spriocanna aschuir aonair, (2) seachtain 4 lá le laghdú suntasach ar uaireanta oibre ach gan aon laghdú ar spriocanna aschuir aonair agus gan aon chuspóir maidir le cruthú post (mar a rinneadh i bhformhór na dtrialacha 4 lá oibre a rinneadh in Éirinn agus sa Spáinn le blianta beaga anuas); agus, (3) ar bhonn níos lú, toisc nach beartais um ‘laghdú ama oibre’ iad per se, seachtain 4 lá gan laghdú suntasach ar uaireanta oibre (mar shampla beartais rialtais agus trialacha a rinneadh le déanaí sa Bheilg agus sa Fhrainc).

    As the ‘4-day week’ can mean substantially different policies and practices, the pilot project will look at different models of practices and policies, clearly differentiating different models such as the following: (1) a 4-day week with substantial reduction of working hours (for instance, 32 hours per week where the average is 38 hours as was done in France with the ‘loi Robien’ in 1997), with jobs creation and reduction of individual output targets, (2) a 4-day week with substantial reduction of working hours but no reduction of individual output targets and no purpose of job creation (as has been done in most of the 4-day week trials conducted in Ireland and Spain in recent years), and (3) to a lesser extent, as these do not really constitute ‘working time reduction’ policies per se, a 4-day week without a substantial reduction of working hours (for instance government policies and trials recently conducted in Belgium and France).

    Glacadh cinntitheach (AE, Euratom) 2024/207 Bhuiséad bliantúil an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2024

  2. #926968

    (b) ní dhéanfaidh an laigheadú no an t-atharú san ar na huaireanna oibre deireadh do chur leis an gconnradh seirbhíse gur fé bheidh an ball san ar fostú amhlaidh díreach roimh an tosach feidhme sin ná ní dhéanfaidh dochar don chonnradh san, agus leanfaidh gach connradh den tsórt san i bhfeidhm tar éis an tosach feidhme sin gus na hatharuithe sin amháin is gá chun déanamh do réir na Coda so den Acht so, agus go sonnrách gus an atharú ná déanfar, d'ainneoin an laigheaduithe no an atharuithe sin ar uaireanna oibre, an meán-tuilleamh seachtainiúil (gan áireamh do dhéanamh ar phágh bhreis-aimsire ná ar aon íocaíochtaí as obair do thosnú níos luaithe no obair do chríochnú níos déanaí ná baill eile d'fhuirinn an tsiopa san a bhíonn ar fostú in obair den tsamhail chéanna) is iníoctha i ngnáth-sheachtain iomlán oibre leis an mball san fén gconnradh san do laigheadú;

    ( b ) the said reduction or alteration of hours of work shall not terminate nor prejudicially affect the contract of service under which such member is so employed immediately before such commencement, and every such contract shall continue in force after such commencement with such modifications only as may be necessary in order to comply with this Part of this Act and in particular the modification that notwithstanding the said reduction or alteration of hours of work the average weekly earnings (excluding overtime pay and any payments made for commencing work earlier or finishing work later than other members of the staff of such shop employed in similar work) payable in a normal full working week to such member under such contract shall not be reduced;

    Uimhir 4 de 1938: ACHT NA SIOPAÍ (COINNÍOLLACHA FOSTAÍOCHTA), 1938

  3. #899810

    (b) ní dhéanfaidh an laigheadú no an t-atharú san ar na huaireanna oibre deireadh do chur leis an gconnradh seirbhíse fé n-a mbeidh aon duine den tsórt san ar fostú amhlaidh díreach roimh thosach feidhme an Achta so ná ní dhéanfaidh dochar don chonnradh san, agus leanfaidh gach connradh den tsórt san i bhfeidhm tar éis an tosach feidhme sin gus na hatharuithe sin amháin is gá chun déanamh do réir an Achta so, agus go sonnrách gus an atharú ná déanfar, d'ainneoin an laigheaduithe no an atharuithe sin ar uaireanna oibre, an meán-tuilleamh seachtainiúil is iníoctha i ngnáth-sheachtain iomlán oibre leis an duine sin fén gconnradh san do laigheadú;

    ( b ) the said reduction or alteration of hours of work shall not terminate nor prejudicially affect the contract of service under which any such person is so employed immediately before the commencement of this Act, and every such contract shall continue in force after such commencement with such modifications only as may be necessary in order to comply with this Act and in particular the modification that notwithstanding the said reduction or alteration of hours of work the average weekly earnings payable in a normal full working week to such person under such contract shall not be reduced;

    Uimhir 2 de 1936: ACHT UM CHOINNÍOLLACHA FOSTAÍOCHTA, 1936

  4. #2199831

    Tá sé sin de bharr an laghdaithe ar uaireanta an chloig a oibríodh atá bainteach le húsáid fhorleathan scéimeanna oibre gearr-ama.

    This is mainly due to the reduction of hours worked associated with the widespread use of short-time work schemes.

    TOGRA LE hAGHAIDH TUARASCÁIL CHOMHPHÁIRTEACH AR FHOSTAÍOCHT ÓN gCOIMISIÚN AGUS ÓN gCOMHAIRLE

  5. #2204495

    A bhuí leis an úsáid fhorleathan a baineadh as scéimeanna oibre gearr-ama, sin agus as an dlí foraithne dá dtagraítear i mír 20, ní hí an dífhostaíocht an toradh a bhí ar an laghdú i líon na n‑uaireanta an chloig a oibríodh.

    The reduction in the number of hours worked did not result in unemployment thanks to the extensive use of short-time work schemes and the decree law referred to in paragraph 20.

    Togra le haghaidh CINNEADH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir leis an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú d’Oibrithe Iomarcacha a shlógadh tar éis iarratas ón Iodáil – EGF/2021/002 IT/Air Italy

  6. #2368952

    Tháinig méadú ar an líon uaireanta oibrithe iomlána, rud lena léirítear, go príomha, laghdú breise ar úsáid na scéimeanna coinneála post, cé go bhfuil siad fós 1 % níos lú mar a bhí siad roimh an bpaindéim.

    Total hours worked have risen, largely reflecting a further reduction in the use of job retention schemes, although they remain 1% lower than before the pandemic.

    TUARASCÁIL ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA, CHUIG AN gCOMHAIRLE, CHUIG AN gCOISTE EACNAMAÍOCH AGUS AIRGEADAIS AGUS CHUIG AN gCOISTE FOSTAÍOCHTA Tuarascáil maidir leis an Ionstraim Eorpach le haghaidh Tacaíocht Shealadach chun Rioscaí Dífhostaíochta a mhaolú i gcás éigeandála (SURE) tar éis na ráige de COVID-19 de bhun Airteagal 14 de Rialachán (AE) 2020/672 ón gComhairle. SURE ag 18 mí – an 3ú tuarascáil dhébhliantúil

  7. #2641438

    D’fhéadfaí an tionchar ar fhostaíocht a mhaolú trí laghdú a dhéanamh ar na huaireanta oibre in aghaidh an duine fhostaithe.

    The impact on employment might be softened by a reduction of the hours worked per person employed.

    TUARASCÁIL ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA, CHUIG AN gCOMHAIRLE AGUS CHUIG COISTE EACNAMAÍOCH AGUS SÓISIALTA NA hEORPA Tuarascáil 2023 maidir leis an Sásra Foláirimh Arna hullmhú i gcomhréir le hAirteagail 3 agus 4 de Rialachán (AE) Uimh. 1176/2011 maidir le míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha a chosc agus a cheartú

  8. #428540

    (c) dualgais a aistriú, suíomh áite oibre a athrú, laghdú ar phá nó uaireanta oibre a athrú,

    (c) transfer of duties, change of location of place of work, reduction in wages or change in working hours,

    AN tACHT UM IASCACH INTÍRE 2010

  9. #483252

    (d) dualgais a aistriú, suíomh áite oibre a athrú, pá a laghdú nó uaireanta oibre a athrú,

    (d) transfer of duties, change of location of place of work, reduction in wages or change in working hours,

    AN tACHT UM ÉILLIÚ A CHOSC (LEASÚ) 2010

  10. #485966

    (i) aistriú dualgas, athrú ar shuíomh áite oibre, pá a laghdú nó athrú ar uaireanta oibre,

    (c) transfer of duties, change of location of place of work, reduction in wages or change in working hours,

    AN tACHT FÁN nGNÍOMHAIREACHT NÁISIÚNTA UM BAINISTÍOCHT SÓCMHAINNÍ 2009

  11. #488790

    (c) dualgais a aistriú, suíomh áite oibre a athrú, pá a laghdú nó uaireanta oibre a athrú,

    (c) transfer of duties, change of location of place of work, reduction in wages or change in working hours,

    AN tACHT UM ÁISEANNA SAOTHAIR (LEASÚ) 2009

  12. #612953

    (d) aistriú dualgas, athrú ar shuíomh áite oibre, laghdú ar phá nó athrú ar uaireanta oibre,

    (d) transfer of duties, change of location of place of work, reduction in wages or change in working hours,

    AN tACHT UM CHEARTAS COIRIÚIL, 2011

  13. #1784617

    dualgais a aistriú, suíomh áite oibre a athrú, laghdú ar phá, uaireanta oibre a athrú;

    transfer of duties, change of location of place of work, reduction in wages, change in working hours;

    Treoir (AE) 2019/1937 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2019 maidir le cosaint daoine a thuairiscíonn sáruithe ar dhlí an Aontais

  14. #2200606

    Bhí ar an bhfostóir agus ar an oibrí bearta sonracha a chomhaontú lena n-áirítear, más gá, laghdú ar uaireanta oibre fostaí chomh hard le 100 % (i gcomparáid le 50 % roimhe seo), agus laghdú comhréireach ar phá.

    The employer and the worker had to agree on specific measures including, if needed, a reduction of employee’s working hours up to 100% (against 50% before), with a proportional reduction in wage.

    TOGRA LE hAGHAIDH TUARASCÁIL CHOMHPHÁIRTEACH AR FHOSTAÍOCHT ÓN gCOIMISIÚN AGUS ÓN gCOMHAIRLE

  15. #1346807

    (b) go nglacfaidh an fostaí go sealadach leis an laghdú ar an luach saothair nó ar na huaire oibre agus go gcuirfidh sé an glacadh sin in iúl dá fhostóir.

    ( b ) the employee temporarily accepts the reduction in remuneration or hours of work and indicates his acceptance to his employer,

    Uimhir 7 de 1979: AN tACHT UM ÍOCAÍOCHTAÍ IOMARCAÍOCHTA, 1979

  16. #899824

    (2) Pé uair a cheapfaidh an tAire, le rialacháin ar n-a ndéanamh fén alt so, na huaireanna oibre maidir le haon tsaghas oibre tionnscail (pe'ca do gach aicme no d'aon aicmí no aicme áirithe oibrithe bheidh ag gabháil do é) féadfaidh an tAire, leis na rialacháin chéanna, pé socruithe do dhéanamh is dóich leis is gá no is ceart chun a chur in áirithe ná déanfar an meán-tuilleamh seachtainiúil is iníoctha i ngnáth-sheachtain iomlán oibre le duine ar bith, go laigheadeofar a uaireanna oibre leis na rialcháin sin, do laigheadú de bhíthin an laigheaduithe sin ar a uaireanna oibre agus dá bhíthin sin amháin.

    (2) Whenever the Minister fixes by regulations made under this section the hours of work in respect of any form of industrial work (whether for all or for any particular classes or class of workers engaged therein) the Minister may by the same regulations make such provisions as he shall consider to be necessary or proper for securing that the average weekly earnings payable in a normal full working week to any person whose hours of work are reduced by such regulations shall not be reduced merely because of such reduction in his hours of work.

    Uimhir 2 de 1936: ACHT UM CHOINNÍOLLACHA FOSTAÍOCHTA, 1936

  17. #926966

    (a) ní déanfar ráta an tuarastail, an pháigh, no an luach saothair eile (gan áireamh do dhéanamh ar phágh bhreis-aimsire ná ar aon íocaíochtaí as obair do thosnú níos luaithe no obair do chríochnú níos déanaí ná baill eile d'fhuirinn an tsiopa san a bhíonn ar fostú in obair den tsamhail chéanna) is iníoctha leis an mball san díreach roimh an tosach feidhme sin do laigheadú ná d'atharú ar shlí eile chun dochair don bhall san de bhíthin an laigheaduithe no an atharuithe sin ar uaireanna oibre an bhaill sin agus dá bhíthin sin amháin;

    ( a ) the rate of salary, wages, or other reward (excluding overtime pay and any payments made for commencing work earlier or finishing work later than other members of the staff of such shop employed in similar work) payable to such member immediately before such commencement shall not be reduced or be otherwise altered to the detriment of such member merely because of the said reduction or alteration in the hours of work of such member;

    Uimhir 4 de 1938: ACHT NA SIOPAÍ (COINNÍOLLACHA FOSTAÍOCHTA), 1938

  18. #1346793

    (b) gurb é is cúis leis an laghdú ar an luach saothair nó ar na huaire oibre laghdú ar an obair a sholáthróidh an fostóir don fhostaí nó ar obair eile de chineál a bhfuil an fostaí fostaithe faoina chonradh chun í a dhéanamh.

    ( b ) the reduction in remuneration or hours of work is caused by a diminution either in the work provided for the employee by his employer or in other work of a kind which under his contract the employee is employed to do.

    Uimhir 7 de 1979: AN tACHT UM ÍOCAÍOCHTAÍ IOMARCAÍOCHTA, 1979

  19. #1346795

    (c) gur réasúnach sna himthosca don fhostóir a chreidiúint nach mbeidh an laghdú ar an obair buan agus go dtabharfaidh sé fógra á chur sin in iúl don fhostaí roimh an laghdú ar an luach saothair nó ar na huaire oibre,

    ( c ) it is reasonable in the circumstances for the employer to believe that the diminution in work will not be permanent and he gives notice to that effect to the employee prior to the reduction in remuneration or hours of work,

    Uimhir 7 de 1979: AN tACHT UM ÍOCAÍOCHTAÍ IOMARCAÍOCHTA, 1979

  20. #1782695

    Chuige sin, agus aird á díriú ar riachtanais oibrithe, tá an ceart acu socruithe solúbtha oibre a iarraidh chun a bpatrúin oibre a athrú, lena n-áirítear, i gcás inar féidir, trí úsáid a bhaint as socruithe maidir le hobair go cianda, sceidil sholúbtha oibre, nó laghdú ar uaireanta oibre, chun críocha cúram a sholáthar.

    To that end and with a focus on workers' needs, they have the right to request flexible working arrangements for the purpose of adjusting their working patterns, including, where possible, through the use of remote working arrangements, flexible working schedules, or a reduction in working hours, for the purposes of providing care.

    Treoir (AE) 2019/1158 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le cothromaíocht oibre is saoil do thuismitheoirí agus do chúramóirí agus lena n-aisghairtear Treoir 2010/18/AE ón gComhairle

  21. #1782696

    Chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais na n-oibrithe agus na bhfostóirí araon, ba cheart na Ballstáit a bheith in ann teorainn a chur le fad na socruithe solúbtha oibre, lena n-áirítear aon laghdú ar líon na n-uaireanta oibre nó aon socruithe maidir le hobair go cianda.

    In order to address the needs of both workers and employers, it should be possible for Member States to limit the duration of flexible working arrangements, including any reduction in working hours or any remote working arrangements.

    Treoir (AE) 2019/1158 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le cothromaíocht oibre is saoil do thuismitheoirí agus do chúramóirí agus lena n-aisghairtear Treoir 2010/18/AE ón gComhairle

  22. #2199513

    Is ionann é sin agus 9.7 billiún uair an chloig níos mó ná an líon uaireanta an chloig ab ísle riamh a taifeadadh in R2-2020 (73.1 billiún), a bhuí go mór le dálaí feabhsaithe an mhargaidh saothair, níos mó deiseanna chun tabhairt faoin gcianobair agus an laghdú ar na neamhláithreachtaí seachtainiúla ón obair (ó 19.4 % den fhostaíocht fhoriomlán in R2-2020 go 10.5 % in R2-2021).

    This is 9.7 billion hours more than the record low in Q2-2020 (73.1 billion), largely due to the improved labour market conditions, the extension of the possiblities of remote work and the reduction in the weekly absences from work (from 19.4% of total employment in Q2-2020 to 10.5% in Q2-2021).

    TOGRA LE hAGHAIDH TUARASCÁIL CHOMHPHÁIRTEACH AR FHOSTAÍOCHT ÓN gCOIMISIÚN AGUS ÓN gCOMHAIRLE

  23. #2199785

    Mar thoradh ar na bearta chun srian a choinneáil ar thionchar láithreach na géarchéime ar an bhfostaíocht, leis an laghdú ar an líon foriomlán uair an chloig a oibríodh, léirítear laghdú níos géire ná mar a d’fhéadfaí a bheith curtha in iúl le hathruithe ar rátaí fostaíochta comhiomlána (Fíor 2.1.4).

    As a result of measures to contain the immediate employment impact of the crisis, the reduction in total hours worked shows a more severe decline than may have been suggested by changes in aggregate employment rates (Figure 2.1.4).

    TOGRA LE hAGHAIDH TUARASCÁIL CHOMHPHÁIRTEACH AR FHOSTAÍOCHT ÓN gCOIMISIÚN AGUS ÓN gCOMHAIRLE

  24. #2200336

    Bhí an laghdú sin sa bhearna fostaíochta FTE beagán níos lú ná mar a bhí ó thaobh na fostaíochta de i gcoitinne, agus laghdú a tháinig de thoradh, go páirteach, an laghdaithe níos géire ar uaireanta a oibríodh i gcás na mban fostaithe le linn na géarchéime.

    This reduction in the FTE employment gap was somewhat smaller than for employment in general, partially also as a result of the sharper decline in hours worked among employed women during the crisis.

    TOGRA LE hAGHAIDH TUARASCÁIL CHOMHPHÁIRTEACH AR FHOSTAÍOCHT ÓN gCOIMISIÚN AGUS ÓN gCOMHAIRLE

  25. #2200340

    Is minic gurbh éagsúil cion na mban agus na bhfear a bhí ag obair i ngairmeacha mar arbh fhéidir cailleadh fostaíochta a sheachaint, rud atá ina chuidiú leis na difríochtaí idir na hinscní a thuiscint, difríochtaí a breathnaíodh sna caillteanais fostaíochta agus sna laghduithe ar uaireanta oibre.

    The proportion of women and men working in occupations where it was possible to avoid employment loss often varied, which helps explain the gender differences observed in employment losses and reductions of working hours.

    TOGRA LE hAGHAIDH TUARASCÁIL CHOMHPHÁIRTEACH AR FHOSTAÍOCHT ÓN gCOIMISIÚN AGUS ÓN gCOMHAIRLE

  26. #600507

    Ba cheart na huaireanta oibre atá i bhfeidhm sna hinstitiúidí a ailíniú leis na huaireanta oibre sin atá i bhfeidhm i mBallstáit áirithe de chuid an Aontais Eorpaigh chun laghdú fhoireann na n-institiúidí a chúiteamh.

    Working hours applied in the institutions should be aligned with those in force in certain of the Member States of the European Union to compensate for the reduction of staff in the institutions.

    Rialachán (AE) Uimh. 1023/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2013 lena leasaítear Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh agus Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh eile an Aontais Eorpaigh

  27. #2259388

    laghdú idirdhisciplíneach 25 % don tuarastal seasta os cionn EUR 1330 idir 2021 agus 2023 agus 20 % in 2024 (déantar an laghdú sin a mhéadú go dtí 50 % in 2021 agus é a laghdú de réir a chéile go dtí 35 % in 2024 i gcás píolótaí); Ghlac foirne cábáin agus meicneoirí aontas sonrach M&E le laghdú 15 % ar a n-uaireanta oibre in 2021, laghdú ag laghdú de réir a chéile go 5 % in 2023, ionas go bhféadfaí 750 FTE a mhaoiniú seachas a laghdú;

    a transversal reduction of 25 % for fixed salary above EUR 1330 between 2021 and 2023 and 20 % in 2024 (that reduction is increased up to 50 % in 2021 and gradually reduced to 35 % in 2024 for pilots); cabin crews and a specific union M&E mechanics also accepted a 15 % reduction of their working hours in 2021, gradually decreasing to 5 % in 2023, so to allow 750 FTE to be financed and not reduced;

    Cinneadh (AE) 2022/763 ón gCoimisiún an 21 Nollaig 2021 maidir leis an státchabhair SA.60165-2021/C (ex 2021/N) a bhfuil sé beartaithe ag an bPortaingéil í a chur chun feidhme le haghaidh SGPS TAP (a bhfuil fógra tugtha ina leith faoi dhoiciméad C(2021)9941) (Is ag an téacs sa Bhéarla a bheidh an t-údarás agus aige sin amháin) (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

  28. #2401977

    Le “Reacht Éigeandála Rialtais 132/2020”, dá dtagraítear in Airteagal 3, pointe (c), de Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1355, tugadh isteach scéim oibre gearr-ama, faoina bhféadfaidh an fostóir uaireanta oibre na bhfostaithe a laghdú suas le 50 % i gcás laghdú sealadach gníomhaíochta de dheasca na staide éigeandála nó an fholáirimh.

    ‘Government Emergency Ordinance 132/2020’, as referred to in Article 3, point (c), of Implementing Decision (EU) 2020/1355, introduced a short-time work scheme, under which, in the event of a temporary reduction of activity caused by the state of emergency or alert, the employer is able to reduce the working hours of employees by up to 50 %.

    Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1262 ón gComhairle an 18 Iúil 2022 lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1355 lena dtugtar tacaíocht shealadach faoi Rialachán (AE) 2020/672 don Rómáin chun rioscaí dífhostaíochta a mhaolú i gcás éigeandála ag eascairt as ráig COVID-19

  29. #2639464

    Mar thoradh ar na praghsanna fuinnimh níos airde, tá costas níos airde ag baint le gnó a dhéanamh agus, dá bhrí sin, tá laghdú ag teacht ar uaireanta oibre agus tá riosca níos airde ann go gcaillfear poist, rud atá níos measa fós in earnálacha éagsúla mar gheall ar laghdú ar an éileamh.

    The higher energy prices are leading to higher cost of doing business and consequently to a reduction in working hours and a higher risk of job losses and in various sectors, compounded by falling demand.

    TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA, CHUIG AN gCOMHAIRLE EORPACH, CHUIG AN gCOMHAIRLE, CHUIG AN mBANC CEANNAIS EORPACH, CHUIG COISTE EACNAMAÍCH AGUS SÓISIALTA NA hEORPA, CHUIG COISTE NA RÉIGIÚN AGUS CHUIG AN mBANC EORPACH INFHEISTÍOCHTA An Suirbhé Bliantúil don Fhás Inbhuanaithe 2023

  30. #899808

    (a) ní déanfar an ráta tuarastail, páigh, no luach saothair eile is iníoctha le haon duine den tsórt san díreach roimh thosach feidhme an Achta so do laigheadú ná d'atharú ar shlí eile chun dochair don duine sin de bhíthin an laigheaduithe no an atharuithe sin ar uaireanna oibre an duine sin agus dá bhíthin sin amháin;

    ( a ) the rate of salary, wages, or other reward payable to any such person immediately before the commencement of this Act shall not be reduced or be otherwise altered to the detriment of such person merely because of the said reduction or alteration in the hours of work of such person;

    Uimhir 2 de 1936: ACHT UM CHOINNÍOLLACHA FOSTAÍOCHTA, 1936

  31. #899812

    (c) gach có-aontú, idir fostóirí no cólucht is ionadathach d'fhostóirí ar thaobh agus oibrithe no cólucht is ionadathach d'oibrithe ar an taobh eile, a bheidh i bhfeidhm díreach roimh thosach feidhme an Achta so agus le n-a rialálfar no le n-a srianfar an ráta tuarastail, páigh, no luach saothair eile is iníoctha le haon duine den tsórt san, leanfa sé i bhfeidhm tar éis tosach feidhme an Achta so d'ainneoin an laigheaduithe no an atharuithe sin ar uaireanna oibre ach san gus an atharú go bhfanfaidh gach ráta tuarastail, páigh, no luach saothair eile bheidh socair no go mbeidh modh a áirmhithe socair leis an gcó-aontú san, agus gach srian le haon ráta tuarastail, páigh, no luach saothair eile bheidh sa chó-aontú san, gan atharú maidir le méid;

    ( c ) every agreement between employers or a body representative of employers on the one hand and workers or a body representative of workers on the other hand which is in force immediately before the commencement of this Act and regulates or restricts the rate of salary, wages, or other reward payable to any such person shall continue in force after the commencement of this Act notwithstanding the said reduction or alteration of hours of work but with the modification that every rate of salary, wages, or other reward which is fixed or the method of calculating which is fixed by such agreement and every restriction on any rate of salary, wages, or other reward contained in such agreement shall remain unchanged in amount;

    Uimhir 2 de 1936: ACHT UM CHOINNÍOLLACHA FOSTAÍOCHTA, 1936

  32. #899814

    (d) gach ráta minimum tuarastail, páigh, no luach saothair eile bheidh socair le reacht no fé údarás reachtúil agus a bheidh i bhfeidhm díreach roimh thosach feidhme an Achta so, leanfaidh, má bhaineann agus sa mhéid go mbainfidh le haon duine den tsórt san, leanfaidh, tar éis an tosach feidhme sin, de bheith i bhfeidhm agus gan atharú maidir le méid d'ainneoin an laigheaduithe no an atharuithe sin ar uaireanna oibre.

    ( d ) every minimum rate of salary, wage, or other reward fixed by statute or under statutory authority which is in force immediately before the commencement of this Act shall, if and so far as it is applicable to any such person, continue after such commencement in force and unchanged in amount notwithstanding the said reduction or alteration of hours of work.

    Uimhir 2 de 1936: ACHT UM CHOINNÍOLLACHA FOSTAÍOCHTA, 1936

  33. #926972

    (d) gach ráta minimum tuarastail, páigh, no luach saothair eile bheidh ceaptha le reacht no fé údarás reachtúil agus a bheidh i bhfeidhm díreach roimh an tosach feidhme sin, leanfaidh, má bhaineann agus sa mhéid go mbainfidh leis an mball san, leanfaidh (fé réir téarmaí aon chó-aontuithe go mbeidh an ball san no cólucht is ionadathach don bhall san agus do bhaill eile d'fhóirne siopaí páirteach ann), tar éis an tosach feidhme sin, de bheith i bhfeidhm agus gan atharú maidir le n-a mhéid d'ainneoin an laigheaduithe no an atharuithe sin ar uaireanna oibre.

    ( d ) every minimum rate of salary, wages, or other reward fixed by statute or under statutory authority which is in force immediately before such commencement shall, if and so far as it is applicable to such member, continue (subject to the terms of any agreement to which such member or a body representative of such member and other members of staffs of shops is a party) after such commencement in force and unchanged in amount notwithstanding the said reduction or alteration of hours of work.

    Uimhir 4 de 1938: ACHT NA SIOPAÍ (COINNÍOLLACHA FOSTAÍOCHTA), 1938

  34. #1322496

    (a) ní dhéanfar an ráta tuarastail, pá nó luaíochta eile ab iníoctha le haon fhostaí den sórt sin díreach roimh thosach feidhme an Achta seo a laghdú ná a athrú ar dhóigh eile a dhéanfadh aimhleas an fhostaí sin de bhíthin amháin an laghdaithe sin nó an athraithe sin ar uaire oibre an fhostaí sin;

    ( a ) the rate of salary, wages or other reward payable to any such employee immediately before the commencement of this Act shall not be reduced or be otherwise altered to the detriment of such employee merely because of the said reduction or alteration in the hours of work of such employee;

    Uimhir 9 de 1977: AN tACHT UM CHOSAINT DAOINE ÓGA (FOSTAÍOCHT), 1977

  35. #1322500

    (c) gach comhaontú a bhí i bhfeidhm díreach roimh thosach feidhme an Achta seo agus a rialaíonn nó a shrianann an ráta tuarastail, pá nó luaíochta eile is iníoctha le haon fhostaí den sórt sin, leanfaidh sé i bhfeidhm tar éis tosach feidhme an Achta seo d'ainneoin an laghdaithe sin nó an athraithe sin ar uaire oibre ach sin fara an modhnú go mbeidh gach ráta tuarastail, pá nó luaíochta eile a bheidh socraithe leis an gcomhaontú sin agus gach srian ar aon ráta tuarastail, pá nó luaíochta eile sa chomhaontú sin gan athrú ar a mhéid;

    ( c ) every agreement which is in force immediately before the commencement of this Act and regulates or restricts the rate of salary, wages or other reward payable to any such employee shall continue in force after the commencement of this Act notwithstanding the said reduction or alteration of hours of work but with the modification that every rate of salary, wages or other reward which is fixed by such agreement and every restriction on any rate of salary, wages, or other reward contained in such agreement shall remain unchanged in amount;

    Uimhir 9 de 1977: AN tACHT UM CHOSAINT DAOINE ÓGA (FOSTAÍOCHT), 1977

  36. #1322502

    (d) gach ráta íosta tuarastail, pá nó luaíochta eile a bheidh socraithe le reacht nó faoi údarás reachtúil agus a bhí i bhfeidhm díreach roimh thosach feidhme an Achta seo, leanfaidh sé, a mhéid is infheidhmithe é maidir le haon fhostaí den sórt sin, i bhfeidhm tar éis an tosach feidhme sin agus gan athrú ar a mhéid d'ainneoin an laghdaithe sin nó an athraithe sin ar uaire oibre.

    ( d ) every minimum rate of salary, wage or other reward fixed by statute or under statutory authority which is in force immediately before the commencement of this Act shall, if and so far as it is applicable to any such employee, continue after such commencement in force and unchanged in amount notwithstanding the said reduction or alteration of hours of work.

    Uimhir 9 de 1977: AN tACHT UM CHOSAINT DAOINE ÓGA (FOSTAÍOCHT), 1977

  37. #926970

    (c) gach có-aontú, idir dílseánaigh shiopaí no cólucht is ionadathach do dhílseánaigh shiopaí ar thaobh agus baill d'fhóirne siopaí no cólucht is ionadathach do bhaill d'fhóirne siopaí ar an taobh eile, a bheidh i bhfeidhm díreach roimh an tosach feidhme sin agus le n-a rialálfar no srianfar ráta an tuarastail, an pháigh, no an luach saothair eile is iníoctha leis an mball san, leanfa sé i bhfeidhm (fé réir téarmaí aon chó-aontuithe den tsórt san ina dhiaidh sin) tar éis an tosach feidhme sin d'ainneoin an laigheaduithe no an atharuithe sin ar uaireanna oibre ach san gus an atharú go bhfanfaidh gach ráta tuarastail, páigh, no luach saothair eile bheidh ceaptha no go mbeidh modh a áirmhithe ceaptha leis an gcó-aontú san, agus gach srian le haon ráta tuarastail, páigh, no luach saothair eile bheidh sa chó-aontú san, gan atharú ina mhéid ná maidir le n-a mhéid;

    ( c ) every agreement between proprietors of shops or a body representative of proprietors of shops on the one hand and members of the staffs of shops or a body representative of members of staffs of shops on the other hand which is in force immediately before such commencement and regulates or restricts the rate of salary, wages, or other reward payable to such member shall (subject to the terms of any subsequent such agreement) continue in force after such commencement notwithstanding the said reduction or alteration of hours of work but with the modification that every rate of salary, wages, or other reward which is fixed or the method of calculating which is fixed by such agreement and every restriction on any rate of salary, wages, or other reward contained in such agreement shall remain unchanged in or as to amount;

    Uimhir 4 de 1938: ACHT NA SIOPAÍ (COINNÍOLLACHA FOSTAÍOCHTA), 1938