#3054900
Déanfaidh an Coimisiún gach a bhfuil ar a chumas chun gur féidir teacht ar chomhaontú gan mhoill.
The Commission will do everything in its power to make a swift agreement possible.
Déanfaidh an Coimisiún gach a bhfuil ar a chumas chun gur féidir teacht ar chomhaontú gan mhoill.
The Commission will do everything in its power to make a swift agreement possible.
I gcás inar rialaigh an painéal eadrána, i gcomhréir le hAirteagal 175 den Chomhaontú um Tharraingt Siar, nár chomhlíon an Ríocht Aontaithe Airteagal 5 den Chomhaontú um Tharraingt Siar i ndáil le fógra faoi Airteagal 13(3a) de Chreat Windsor, ba cheart comhlíonadh tapa rialú an phainéil eadrána a bhaint amach, mar a leagtar amach i Moladh Uimh. 2/2023.
In case the arbitration panel has ruled, in accordance with Article 175 of the Withdrawal Agreement, that the United Kingdom has failed to comply with Article 5 of the Withdrawal Agreement in relation to a notification under Article 13(3a) of the Windsor Framework, swift compliance with the ruling of the arbitration panel should be achieved, as set out in Recommendation No 2/2023.
Ba cheart an méid sin a bheith bunaithe ar an gcomhthuiscint gur cheart comhlíonadh pras a bhaint amach ar an mbealach céanna i gcás nár chomhlíon an Ríocht Aontaithe a hoibleagáidí maidir le meon macánta faoi Airteagal 5 den Chomhaontú um Tharraingt Siar tríd an bhfógra sin a thabhairt agus gan gach ceann de na coinníollacha a leagtar amach i mír 1 den Dearbhú Aontaobhach ón Ríocht Aontaithe maidir le rannpháirtíocht institiúidí Chomhaontú 1998, atá i gceangal le Cinneadh 1/2023 ón gComhchoiste, a bheith comhlíonta.
That should be based on the joint understanding that swift compliance should be achieved in the same way where the United Kingdom has failed to comply with its good faith obligations under Article 5 of the Withdrawal Agreement by making such notification without each of the conditions set out in paragraph 1 of the Unilateral Declaration by the United Kingdom on involvement of the institutions of the 1998 Agreement, as annexed to Joint Committee Decision No 1/2023, being met.
Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo, agus go háirithe chun feidhmiú tapa, éifeachtach agus solúbtha chearta comhfhreagracha an Aontais faoin gComhaontú um Tharraingt Siar agus faoin gComhaontú Trádála agus Comhair a áirithiú, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún chun na bearta arna nglacadh de bhun an Rialacháin seo a ghlacadh agus chun bearta lena gcuirtear srian le trádáil nó le gníomhaíochtaí eile a ghlacadh, de réir mar is iomchuí.
In order to ensure uniform conditions for the implementation of this Regulation, and in particular in order to ensure the swift, effective and flexible exercise of the corresponding rights of the Union under the Withdrawal Agreement and the Trade and Cooperation Agreement, implementing powers should be conferred on the Commission to adopt the measures taken pursuant to this Regulation and to adopt, as appropriate, measures restricting trade or other activities.
Tá comhaontuithe um athligean isteach ina gcuid lárnach de bheartas an Aontais maidir le filleadh agus is uirlis lárnach iad maidir le bainistiú éifeachtúil ar shreabha imirce mar éascaíonn siad filleadh tapa imirceach mírialta.
Union readmission agreements are an integral component of the Union return policy and a central tool for the efficient management of migration flows, as they facilitate the swift return of irregular migrants.
Is tosaíocht phráinneach é go dtiocfar ar chomhaontú go pras maidir le rialacha fioscacha an Aontais agus gnéithe eile den chreat rialachais eacnamaíoch a athbhreithniú.
Swift agreement on revising the EU fiscal rules and other elements of the economic governance framework is a pressing priority.
An Coimisiún Eorpach ‘Cánachas Cothrom: Molann an Coimisiún an comhaontú idirnáisiúnta maidir le cánachas íosta ar chuideachtaí ilnáisiúnta a thrasuí gan mhoill,’ an 22 Nollaig 2021 (https://ec.europa.eu/commission/presscorner/detail/en/ip_21_7028).
European Commission “Fair Taxation: Commission proposes swift transposition of the international agreement on minimum taxation of multinationals,” 22 December 2021 (https://ec.europa.eu/commission/presscorner/detail/en/ip_21_7028).
Chun margadh caipitil lán‑chomhtháite san Aontas a bhaint amach, tá gá le huaillmhian agus tiomantas níos mó ó na príomhpháirtithe leasmhara uile chun teacht ar chomhaontú go pras maidir leis na tograí reachtacha ón gCoimisiún lena gcuirtear chun feidhme Plean Gníomhaíochta 2020 maidir le hAontas na Margaí Caipitil.
Achieving a fully integrated EU capital market requires greater ambition and commitment from all key stakeholders in reaching swift agreement on the Commission’s legislative proposals implementing the 2020 CMU Action Plan.
Tugann COSAC dá aire an comhaontú polaitiúil a rinneadh an 27 Meitheamh 2013 ar an leibhéal polaitiúil is airde idir Parlaimint na hEorpa, Uachtaránacht na Comhairle agus an Coimisiún maidir leis an gCreat Airgeadais Ilbhliantúil don tréimhse 2014-2020 agus tá sé ag súil go dtabharfar chun críche go tapa na gníomhartha dlíthiúla comhlántacha a mbeidh tionchar cinntitheach acu ar chur i bhfeidhm an chreata airgeadais nua ar bhealach comhsheasmhach, trédhearcach a bheidh níos oiriúnaí do riachtanais shaoránaigh an Aontais.
COSAC takes note of the political agreement reached on 27 June 2013 at the highest political level between the European Parliament, the Presidency of the Council and the Commission on the Multiannual Financial Framework 2014-2020 and looks forward to the swift conclusion of the complementary legal acts that will be decisive for making the new financial framework operational, consistent, transparent and better adapted to the needs of the citizens of the Union.
Is é cuspóir don Teideal seo sásra tapa éifeachtach éifeachtúil a bhunú chun aon díospóid idir na Páirtithe maidir leis an gCuid seo a sheachaint agus a réiteach, lena n-áirítear díospóidí a bhaineann leis an gCuid seo nuair a chuirtear i bhfeidhm í i gcásanna a rialaítear faoi fhorálacha eile den Chomhaontú seo, d’fhonn teacht ar réiteach comhaontaithe ar bhonn frithpháirteach, i gcás inár féidir sin.
The objective of this Title is to establish a swift, effective and efficient mechanism for avoiding and settling disputes between the Parties concerning this Part, including disputes concerning this Part when applied to situations governed by other provisions of this Agreement, with a view to reaching a mutually agreed solution, where possible.
Tacaíonn an Coimisiún leis an gcomhaontú ar thángthas air ag an gcruinniú tríthaobhach, lena réitítear an bealach chun go nglacfar an clár go pras agus lena bhfeabhsaítear éifeachtacht an chláir Pericles IV maidir lena chuspóirí a bhaint amach ar bhealaí éagsúla.
The Commission supports the agreement reached at the trilogue, which paves the way for a swift adoption of the programme and enhances the effectiveness of the Pericles IV programme in achieving its objectives in several respects.
D’fhonn tacú le dlús a chur le cead a thabhairt do thionscadail fuinnimh in-athnuaite agus don bhonneagar a bhaineann leo, tá an Coimisiún ag leasú a thogra maidir leis an Treoir maidir le Fuinneamh In-athnuaite agus iarrann sé ar Pharlaimint na hEorpa agus ar an gComhairle a áirithiú go mbeidh comhaontú tapa ann mar chuid den phacáiste Fit for 55.
In order to support an acceleration of permitting procedures for renewable energy projects and related infrastructure, the Commission is amending its proposal on the Renewable Energy Directive and asks the European Parliament and Council to ensure a swift agreement as part of the Fit for 55 package.
Is iomchuí a shoiléiriú freisin trí dhearbhú comhpháirteach gur cheart, i gcás ina rialaíonn painéal eadrána gur theip ar an Ríocht Aontaithe Airteagal 5 den Chomhaontú um Tharraingt Siar a chomhlíonadh i ndáil le fógra a thabhairt don Aontas lena gcuirtear an sásra i ngníomh, comhlíonadh an rialaithe ón bpainéal eadrána a bhaint amach go pras.
It is also appropriate to clarify through a Joint Declaration that where an arbitration panel has ruled that the United Kingdom failed to comply with Article 5 of the Withdrawal Agreement in relation to a notification to the Union triggering the mechanism, swift compliance with the ruling of the arbitration panel should be achieved.
Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú le haghaidh chur chun feidhme an Rialacháin seo, agus go háirithe chun feidhmiú tapa éifeachtach solúbtha chearta comhfhreagracha an Chomhphobail faoin gComhaontú Trádála agus Comhair a áirithiú, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún bearta aontaobhacha a ghlacadh agus éifeacht a thabhairt do na bearta sin de réir mar is iomchuí i ndlíchóras inmheánach an Chomhphobail.
In order to ensure uniform conditions for the implementation of this Regulation, and in particular in order to ensure the swift, effective and flexible exercise of the corresponding Community’s rights under the Trade and Cooperation Agreement, implementing powers should be conferred on the Commission to adopt unilateral measures and to give effect to those measures as necessary in the internal legal order of the Community.
Is tosaíocht phráinneach é go dtiocfadh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar chomhaontú go pras maidir leis na tograí, agus tacaíonn an Coimisiún le rún na Comhairle an obair ar an gcreat rialachais eacnamaíoch a thabhairt chun críche in 2023.
Swift agreement by the European Parliament and the Council on the proposals is an urgent priority, and the Commission supports the Council’s resolve to conclude the work on the economic governance framework in 2023.
ag tabhairt dá haire, maidir leis an gcomhaontú polaitiúil ar tháinig na comhreachtóirí air i mí Feabhra 2022 i ndáil le sainordú treisithe na Gníomhaireachta, go dtugtar aghaidh ann ar na hábhair imní a bhí ag MECS trí na coinníollacha maidir le próiseáil agus tréimhsí stórála i gcás tacair mhóra agus chasta sonraí a bhunú; ag tabhairt dá haire gur thug MECS le fios go bhféadfaidh an Ghníomhaireacht, a bhuí leis an reachtaíocht nua lena rialófar í, sonraí a phróiseáil gan aon nasc le gníomhaíocht choiriúil a bheith suite ina leith; á mheas, i bhfianaise a chasta atá an comhar trasteorann i bhforfheidhmiú an dlí chun coireacht thromchúiseach agus sceimhlitheoireacht a chomhrac, go bhfuil bonn cirt le heisceachtaí a mheastar go cuí; á chur i bhfáth gur gá cothromaíocht a bhaint amach idir oibríochtaí éifeachtacha póilíneachta agus cosaint cheart na saoránach chun príobháideachais agus gur chuir ord MECS in iúl go raibh imní air an raibh an chothromaíocht cheart á baint amach ag an nGníomhaireacht; á iarraidh ar an nGníomhaireacht ábhair imní MECS a chur san áireamh trí dhul chun cinn pras a dhéanamh maidir le haicmiú na n-ábhar sonraí agus le hurraim a thabhairt do na teorainneacha stórála arna mbunú go dlíthiúil, agus, ar an gcaoi sin, prionsabail an íoslaghdaithe sonraí agus an teorannaithe stórála á gcomhlíonadh, agus acmhainneacht oibríochtúil na Gníomhaireachta a áirithiú agus a caomhnú san am céanna; ag dréim leis go gcomhlíonfaidh an Ghníomhaireacht a hoibleagáid dhlíthiúil faisnéis a sholáthar don Pharlaimint gach bliain maidir le líon na gcásanna inar bhain sí leas as na féidearthachtaí dlíthiúla maidir le próiseáil a dhéanamh ar shonraí daoine aonair nár bunaíodh aon nasc le gníomhaíocht choiriúil ina leith, mar aon le faisnéis maidir le fad agus toradh na próiseála sin;
Notes that the political agreement on the reinforced mandate of the Agency reached by the co-legislators in February 2022 addresses the concerns of the EDPS by establishing the conditions for processing and the storage periods for large and complex datasets; notes the remarks of the EDPS that the new legislation that will regulate the Agency allows the Agency to process data with no established link to criminal activity; considers that, given the complex nature of cross-border law enforcement cooperation to fight serious crime and terrorism, duly considered exceptions are justified; stresses that a balance needs to be struck between effective policing operations and the protection of citizens’ right to privacy and that the order of the EDPS raised concerns about whether the Agency had been striking the right balance; calls on the Agency to take the EDPS’s concerns into account by making swift progress with data subject categorisation and respecting the legally established storage limits, thereby adhering to the principles of data minimisation and storage limitation, while ensuring and preserving the operational capacity of the Agency; expects the Agency to comply with its legal obligation to provide annual information to Parliament regarding the number of cases in which it made use of the legal possibilities to process individuals’ data with no established link to criminal activity, alongside information on the duration and outcome of that processing;