Gaois

Treo cuardaigh

Modh cuardaigh

Scag na torthaí

Bailiúcháin

Foirmeacha na bhfocal

framework

European

train

124 toradh in 47 doiciméad

  1. #608220

    uirlisí trédhearcachta agus aitheantais an Aontais a chur chun feidhme i dtíortha de chuid an Chláir - go háirithe creat aonair an Aontais do thrédhearcacht cáilíochtaí agus inniúlachtaí (Europass), an Creat Eorpach um Cháilíochtaí (EQF), an Córas Eorpach d'Aistriú Creidmheasa (ECTS, an Córas Creidmheasa Eorpach don Ghairmoideachas agus don Ghairmoiliúint (ECVET), agus an Creat Tagartha Eorpach um Dhearbhú Cáilíochta i nGairmoideachas agus i nGairmoiliúint (EQAVET), an Clár Eorpach um Dhearbhú Cáilíochta san Ardoideachas (EQAR) agus an Cumann Eorpach um Dhearbhú Cáilíochta san Ardoideachas (ENQA) agus tacaíocht a sholáthar do Líonraí ar fud an Aontais agus d'eagraíochtaí neamhrialtasacha (ENRanna) Eorpacha atá gníomhach i réimse an oideachais agus na hoiliúna;

    the implementation in Programme countries of Union transparency and recognition tools, in particular the single Union framework for the transparency of qualifications and competences (Europass), the European Qualifications Framework (EQF), the European Credit Transfer and Accumulation System (ECTS), the European Credit System for Vocational Education and Training (ECVET), the European Quality Assurance Reference Framework for Vocational Education and Training (EQAVET), the European Quality Assurance Register for Higher Education (EQAR) and the European Association for Quality Assurance in Higher Education (ENQA), and the provision of support to Union-wide networks and European non-governmental organisations (NGOs) active in the field of education and training;

    Rialachán (AE) Uimh 1288/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 lena mbunaítear "Erasmus+": clár an Aontais um oideachas, um oiliúint, um an óige agus um an spórt agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh, 1719/2006/CE, Cinneadh Uimh. 1720/2006/CE agus Cinneadh Uimh. 1298/2008/CE Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE

  2. #2052384

    Go háirithe: an creat comhchoiteann chun seirbhísí níos fearr le haghaidh scileanna agus cáilíochtaí a chur ar fáil (Europass); an Creat Eorpach um Cháilíochtaí (EQF); an Creat Tagartha Eorpach um Dhearbhú Cáilíochta i nGairmoideachas agus i nGairmoiliúint (EQAVET); an Córas Creidiúna Eorpach don Ghairmoideachas agus don Ghairmoiliúint (ECVET); an Córas Eorpach Aistrithe agus Carntha Creidiúna (ECTS); an Clár Eorpach um Dhearbhú Cáilíochta san Ardoideachas (EQAR); an Cumann Eorpach um Dhearbhú Cáilíochta san Ardoideachas (ENQA); Líonra Eorpach na Lárionad Faisnéise sa Réigiún Eorpach agus Lárionaid Náisiúnta Faisnéise um Aitheantas Acadúil san Aontas Eorpach; agus na líonraí Euroguidance.

    In particular: the common framework for the provision of better services for skills and qualifications (Europass); the European Qualifications Framework (EQF); the European Quality Assurance Reference Framework for Vocational Education and Training (EQAVET); the European Credit System for Vocational Education and Training (ECVET); the European Credit Transfer and Accumulation System (ECTS); the European Quality Assurance Register for Higher Education (EQAR); the European Association for Quality Assurance in Higher Education (ENQA); the European Network of Information Centres in the European Region and National Academic Recognition Information Centres in the European Union, and the Euroguidance network.

    Rialachán (AE) 2021/817 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2021 lena mbunaítear Erasmus+: Clár an Aontais um oideachas agus oiliúint, an óige agus spórt agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1288/2013 (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

  3. #649678

    bearta chun rochtain ar FFS a leathnú, lena n-áirítear trí iarrachtaí chun uirlisí trédhearcachta a chur chun feidhme go héifeachtach (mar shampla an Creat Eorpach um Cháilíochtaí, an Creat Náisiúnta Cáilíochtaí, ECVET, an Creat Tagartha Eorpach um Dhearbhú Cáilíochta i nGairmoideachas agus Gairmoiliúint);

    to widen access to LL including through efforts to effectively implement transparency tools (for example the European Qualifications Framework, National Qualifications Framework, European Credit system for Vocational Education and Training, European Quality Assurance in Vocational Education and Training);

    Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, le Ciste Sóisialta na hEorpa, leis an gCiste Comhtháthaithe, leis an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe agus leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena leagtar síos forálacha ginearálta maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, le Ciste Sóisialta na hEorpa, leis an gCiste Comhtháthaithe agus leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1083/2006 ón gComhairle

  4. #608072

    Chuige sin, moltar leathnú a dhéanamh ar úsáid chreata aonair an Aontais do thrédhearcacht cáilíochtaí agus inniúlachtaí (Europass) arna bunú le Cinneadh Uimh. 2241/2004/CE ó Рharlaimint na hЕorpa agus ón gComhairle [9], an Chláir Eorpaigh um Dhearbhú Cáilíochta san Ardoideachas (EQAR) agus an Cumann Eorpach um Dhearbhú Cáilíochta san Ardoideachas (ENQA) arna bhunú de bhun Mholadh 2006/143/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle [10],an Chreata Eorpaigh um Cháilíochtaí (CEC) arna bhunú de bhun an Mholta ó Рharlaimint na hЕorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2008 [11], an Chórais Creidmheasa Eorpaigh don Ghairmoideachas agus don Ghairmoiliúint (ECVET) arna bhunú de bhun an Mholta ó Рharlaimint na hЕorpa agus ón gComhairle an 18 Meitheamh 2009 [12] agus an Chreata Tagartha Eorpach um Dhearbhú Cáilíochta i nGairmoideachas agus i nGairmoiliúint (EQAVET) arna bhunú de bhun an Mholta ó Рharlaimint na hЕorpa agus ón gComhairle an 18 Meitheamh 2009 [13] agus an Chórais Eorpaigh d'Aistriú Creidmheasa (ECTS).

    To that end, it is recommended that extended use be made of the single Union framework for the transparency of qualifications and competences (Europass) established by Decision No 2241/2004/EC of the European Parliament and of the Council [9], the European Quality Assurance Register for Higher Education (EQAR) and the European Association for Quality Assurance in Higher Education (ENQA) established pursuant to Recommendation 2006/143/EC of the European Parliament and of the Council [10], the European Qualifications Framework (EQF) established pursuant to the Recommendation of the European Parliament and of the Council of 23 April 2008 [11], the European Credit System for Vocational Education and Training (ECVET) established pursuant to the Recommendation of the European Parliament and of the Council of 18 June 2009 [12], the European Quality Assurance Reference Framework for Vocational Education and Training (EQAVET) established pursuant to the Recommendation of the European Parliament and of the Council of 18 June 2009 [13] and the European Credit Transfer and Accumulation System (ECTS).

    Rialachán (AE) Uimh 1288/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 lena mbunaítear "Erasmus+": clár an Aontais um oideachas, um oiliúint, um an óige agus um an spórt agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh, 1719/2006/CE, Cinneadh Uimh. 1720/2006/CE agus Cinneadh Uimh. 1298/2008/CE Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE

  5. #2201686

    Council Resolution on a strategic framework for European cooperation in education and training towards the European Education Area and beyond [Rún ón gComhairle maidir le creat straitéiseach le haghaidh comhar Eorpach san oideachas agus san oiliúint i dtreo an Limistéir Eorpaigh Oideachais agus níos faide anonn] (2021-2030) (2021/C 66/01)

    Council Resolution on a strategic framework for European cooperation in education and training towards the European Education Area and beyond (2021-2030) 2021/C 66/01.

    TOGRA LE hAGHAIDH TUARASCÁIL CHOMHPHÁIRTEACH AR FHOSTAÍOCHT ÓN gCOIMISIÚN AGUS ÓN gCOMHAIRLE

  6. #3049308

    ag tabhairt dá haire gurb ann do chleachtas leanúnach an Lárionaid maidir le comhar le Gníomhaireachtaí eile de chuid an Aontais agus le comhpháirtithe idirnáisiúnta; á chur in iúl gur geal léi gur chomhoibrigh an Lárionad, mar chomhalta de Mhol Nuálaíochta nuabhunaithe an Aontais don tSlándáil Inmheánach, leis an gComhairle Chomhpháirteach Taighde agus le Europol chun treoirthionscadal arna chomhordú ag an Aontas a chur chun feidhme chun creat solúbtha bogearraí il-úsáideoirí ar líne a fhorbairt chun faireachán a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí coiriúla ar an Idirlíon dorcha; ag tabhairt dá haire, faoi chuimsiú líonra Gníomhaireachtaí um cheartas agus gnóthaí baile, gur ann do chomhar an Lárionaid le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Oiliúint i bhForfheidhmiú an Dlí (CEPOL) chun ardán oiliúna CEPOL-bhunaithe LEEd a úsáid; ag tabhairt dá haire, thairis sin, gurb ann do chomhar an Lárionaid le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann don staidéar ina ndéantar iniúchadh ar fhadhbanna a bhaineann le húsáid substaintí agus ar na freagairtí atá ann cheana i measc gairmithe i gcomhthéacs fhála na hEorpa; ag tabhairt dá haire, thairis sin, tionscadail um chomhar teicniúil an Lárionaid (IPA7, EU4MD agus EMCDDA don tSeoirsia) le tríú tíortha arna gcur chun feidhme in 2021 i réimsí amhail faisnéis faoi dhrugaí agus bagairtí sláinte agus slándála a bhaineann le drugaí;

    Notes the Centre’s ongoing practice of cooperation with other Union Agencies and international partners; welcomes that the Centre, as a member of the newly established EU Innovation Hub for Internal Security, cooperated with the Joint Research Council and Europol in implementing a Union-coordinated pilot project to develop a flexible online multi-user software framework for monitoring darknet criminal activities; notes, in the framework of the justice and home affairs Agencies’ network, the Centre’s cooperation with the European Union Agency for Law Enforcement Training (CEPOL) for the use of the CEPOL-based training platform LEEd; further notes the Centre’s cooperation with the European Union Agency for Asylum for the study exploring substance-use-related problems and existing responses among professionals in the European reception context; further notes the Centre’s technical cooperation projects (IPA7, EU4MD and the EMCDDA for Georgia) with third countries implemented in 2021 in areas such as drugs information and drug-related health and security threats;

    Rún (AE) 2023/1899 ó pharlaimint na hEorpa an 10 Bealtaine 2023 ina bhfuil barúlacha atá in gcuid dhílis den chinneadh maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad an Lárionaid Faireacháin Eorpaigh um Dhrugaí (EMCDDA) agus um Andúil i nDrugaí don bhliain airgeadais 2021

  7. #1627485

    Togra le haghaidh Cinnidh ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le seachtú creatchlár an Chomhphobail Eorpaigh le haghaidh taighde, forbartha teicneolaíochta agus gníomhaíochtaí taispeántais (2007 go 2013) [agus] Togra le haghaidh Cinnidh ón gComhairle maidir le seachtú creatchlár an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach (Euratom) le haghaidh taighde núicléach agus gníomhaíochtaí oiliúna (2007 go 2011) mar aon le nóta faisnéise míniúcháin. COM (2005) 119.

    PROPOSAL FOR A DECISION OF THE EUROPEAN PARLIAMENT AND OF THE COUNCIL CONCERNING THE SEVENTH FRAMEWORK PROGRAMME OF THE EUROPEAN COMMUNITY FOR RESEARCH, TECHNOLOGICAL DEVELOPMENT AND DEMONSTRATION ACTIVITIES (2007 TO 2013) [AND] PROPOSAL FOR A COUNCIL DECISION CONCERNING THE SEVENTH FRAMEWORK PROGRAMME OF THE EUROPEAN ATOMIC ENERGY COMMUNITY (EURATOM) FOR NUCLEAR RESEARCH AND TRAINING ACTIVITIES (2007 TO 2011) TOGETHER WITH EXPLANATORY INFORMATION NOTE. COM (2005) 119.

    Riar na hOibre (Dáil Éireann/Seanad Éireann)

  8. #2205386

    idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus an Úcráin, den pháirt eile, maidir le rannpháirtíocht na hÚcráine sa chlár Fís Eorpach — an Clár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht agus i gClár Taighde agus Oiliúna an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach (2021-2025) lena gcomhlánaítear Fís Eorpach — an Clár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht

    between the European Union and European Atomic Energy Community of the one part and Ukraine of the other part, on the participation of Ukraine in Horizon Europe – the Framework Programme for Research and Innovation and the Research and Training Programme of the European Atomic Energy Community (2021-2025) complementing Horizon Europe – the Framework Programme for Research and Innovation

    Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus an Úcráin, den pháirt eile, maidir le rannpháirtíocht na hÚcráine sa chlár Fís Eorpach — an Clár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht agus i gClár Taighde agus Oiliúna an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach (2021-2025) lena gcomhlánaítear Fís Eorpach — an Clár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht

  9. #2369388

    Tá treoirlínte nua á bhforbairt ag an gCoimisiún chun aithint na gcáilíochtaí gairmiúla a fuarthas san Úcráin a éascú, agus leanfar den obair leis an bhFondúireacht Eorpach Oiliúna chun an Creat Eorpach um Cháilíochtaí agus creat náisiúnta cáilíochtaí na hÚcráine a chur i gcomparáid le chéile.

    The Commission is developing new guidelines to facilitate the recognition of professional qualifications obtained in Ukraine, and work will continue with the European Training Foundation to compare European Qualifications Framework and the Ukrainian national qualifications framework.

    TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA, CHUIG AN gCOMHAIRLE EORPACH, CHUIG AN gCOMHAIRLE, CHUIG COISTE EACNAMAÍOCH AGUS SÓISIALTA NA hEORPA, AGUS CHUIG COISTE NA RÉIGIÚN Fáilte a chur rompu siúd atá ar a dteitheadh ón gcogadh san Úcráin: An Eoraip a ullmhú go bhfreastalóidh sé ar na riachtanais

  10. #2784741

    Leis an Rún ón gComhairle an 26 Feabhra 2021 maidir le creat straitéiseach le haghaidh comhar Eorpach san oideachas agus san oiliúint i dtreo an Limistéir Eorpaigh Oideachais agus níos faide anonn (2021-2030) bunaítear mar cheann de thosaíochtaí straitéiseacha an chreata ‘Foghlaim ar feadh an tsaoil agus an tsoghluaisteacht a chur i gcrích do chách’, mar aon le gníomhaíochtaí nithiúla arb é is aidhm dóibh scileanna fháil nó a nuashonrú, eadhon athsciliú agus uas-sciliú, le linn an tsaoil oibre.

    The Council Resolution of 26 February 2021 on a strategic framework for European cooperation in education and training towards the European Education Area and beyond (2021-2030) establishes as one of the strategic priorities of the framework ‘Making lifelong learning and mobility a reality for all’, as well as concrete actions aiming to acquire or update skills, namely reskilling and upskilling, throughout working life.

    Cinneadh (AE) 2023/936 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Bealtaine 2023 maidir le Bliain Eorpach na Scileanna (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

  11. #603401

    Táthar ag súil leis go rannchuideoidh na gníomhaíochtaí faoi Fiscalis 2020, eadhon na córais Eorpacha faisnéise mar a shainítear sa Rialachán seo (Córais Eorpacha Faisnéise), na gníomhaíochtaí comhpháirteacha d'oifigigh údarás cánach agus na comhthionscnaimh oiliúna, le réadú na Straitéise Eoraip 2020 i leith fáis chliste, inbhuanaithe agus chuimsithigh trí fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a neartú, trí chreat a chur ar fáil chun tacú le gníomhaíochtaí lena bhfeabhsaítear cumas riaracháin na n-údarás cánach agus dul chun cinn teicniúil agus nuálaíocht theicniúil a chur ar aghaidh.

    The activities under Fiscalis 2020, namely the European information systems as defined in this Regulation (European Information Systems), the joint actions for officials of tax authorities and the common training initiatives, are expected to contribute to the realisation of the Europe 2020 Strategy for smart, sustainable and inclusive growth by strengthening the functioning of the internal market, providing a framework within which to support activities enhancing the administrative capacity of tax authorities and advancing technical progress and innovation.

    Rialachán (AE) Uimh. 1286/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 lena mbunaítear clár gníomhaíochta chun feabhas a chur ar oibriú na gcóras cánachais san Aontas Eorpach don tréimhse 2014–2020 (Fiscalis 2020) agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 1482/2007/CE

  12. #608388

    na foinsí Eorpacha cistithe eile is ábhartha do bheartais oideachais, oiliúna, óige, agus spóirt, go háirithe Ciste Sóisialta na hEorpa agus na hionstraimí airgeadais eile a bhaineann le fostaíocht agus cuimsiú sóisialta, Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus "Fís 2020" -an Clár Réime Iomaíochais agus Nuálaíochta, chomh maith leis na hionstraimí airgeadais a bhaineann leis an gceartas agus le saoránacht, sláinte, cláir um chomhar seachtrach agus cúnamh réamhaontachais.

    the other Union relevant sources of funding for education, training, youth and sport, in particular the European Social Fund and the other financial instruments relating to employment and social inclusion, the European Regional Development Fund and 'Horizon 2020' - the Framework Programme for Research and Innovation, as well as the financial instruments relating to justice and citizenship, health, external cooperation programmes and pre-accession assistance.

    Rialachán (AE) Uimh 1288/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 lena mbunaítear "Erasmus+": clár an Aontais um oideachas, um oiliúint, um an óige agus um an spórt agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh, 1719/2006/CE, Cinneadh Uimh. 1720/2006/CE agus Cinneadh Uimh. 1298/2008/CE Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE

  13. #608544

    Moladh ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Meitheamh 2009 maidir le bunú Córais Eorpaigh um Chreidmheas do Ghairmoideachas agus do Ghairmoiliúint (IO C 155, 8.7.2009, lch. 1).

    Recommendation of the European Parliament and of the Council of 18 June 2009 on the establishment of a European Quality Assurance Reference Framework for Vocational Education and Training (OJ C 155, 8.7.2009, p. 1).

    Rialachán (AE) Uimh 1288/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 lena mbunaítear "Erasmus+": clár an Aontais um oideachas, um oiliúint, um an óige agus um an spórt agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh, 1719/2006/CE, Cinneadh Uimh. 1720/2006/CE agus Cinneadh Uimh. 1298/2008/CE Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE

  14. #650022

    Bearta chun cáilíocht agus tarraingteacht GG a mhéadú trí chur chuige náisiúnta a bhunú do dhearbhú cáilíochta do GG (mar shampla a i gcomhréir leis an gCreat Tagartha Eorpach um Dhearbhú Cáilíochta i nGairmoideachas agus Gairmoiliúina) agus lena gcuirtear chun feidhme na huirlisí trédhearcachta agus aitheantais, mar shampla an Creat Tagartha Eorpach um Dhearbhú Cáilíochta i nGairmoideachas.

    to increase the quality and attractiveness of VET including through establishing a national approach for quality assurance for VET (for example in line with the, European Quality Assurance Reference Framework for Vocational Education and Training) and implementing the transparency and recognition tools, for example European Credit system for Vocational Education and Training.

    Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, le Ciste Sóisialta na hEorpa, leis an gCiste Comhtháthaithe, leis an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe agus leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena leagtar síos forálacha ginearálta maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, le Ciste Sóisialta na hEorpa, leis an gCiste Comhtháthaithe agus leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1083/2006 ón gComhairle

  15. #1809940

    Laistigh de chreat a n-inniúlachtaí faoi seach, ba cheart don Údarás comhoibriú le gníomhaireachtaí an Aontais, go háirithe leo sin a bunaíodh i réimse na fostaíochta agus an bheartais shóisialta, agus é ag cur le saineolas na ngníomhaíochtaí sin agus an leas is fearr is féidir a bhaint as sineirgí: an Foras Eorpach chun Dálaí Maireachtála agus Oibre a Fheabhsú (Eurofound), an Lárionad Eorpach um Fhorbairt na Gairmoiliúna (Cedefop), an Ghníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht agus Sláinte ag an Obair (EU-OSHA), agus an Fhondúireacht Eorpach Oiliúna (ETF), mar aon leis an gcomhrac i gcoinne na coireachta eagraithe agus na gáinneála ar dhaoine, i gcomhar le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol) agus Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar Ceartais Choiriúil (Eurojust).

    Within the framework of their respective competences, the Authority should cooperate with agencies of the Union, in particular those established in the area of employment and social policy, building on their expertise and maximising synergies: the European Foundation for the Improvement of Living and Working Conditions (Eurofound), the European Centre for the Development of Vocational Training (Cedefop), the European Agency for Safety and Health at Work (EU-OSHA), and the European Training Foundation (ETF), as well as, as regards the fight against organised crime and trafficking in human beings, with the European Union Agency for Law Enforcement Cooperation (Europol) and European Union Agency for Criminal Justice Cooperation (Eurojust).

    Rialachán (AE) 2019/1149 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 lena mbunaítear Údarás Eorpach Saothair, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 883/2004, (AE) Uimh. 492/2011, agus (AE) 2016/589 agus lena n-aisghairtear Cinneadh (AE) 2016/344 (Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE agus maidir leis an Eilvéis)

  16. #2051794

    I gcomhréir le Straitéis an Aontais Eorpaigh maidir leis an Óige 2019-2027 agus leis an gcreat um chomhar Eorpach i réimse na hóige don tréimhse 2019-2027, bunaithe ar an teachtaireacht ón gCoimisiún an 22 Bealtaine 2018 dar teideal “Ról, gaol agus cumhacht a thabhairt do dhaoine óga: Straitéis nua an Aontais i leith na hÓige”, ba cheart don Chlár tacú le hobair ardcháilíochta don aos óg, uirlisí agus córais chun oibrithe don óige a oiliúint, bailíochtú na foghlama seachfhoirmiúla agus neamhfhoirmiúla agus cuir chuige ardcháilíochta chun eagraíochtaí don óige a chumhachtú.

    In line with the European Union Youth Strategy 2019-2027, the framework for European cooperation in the youth field for 2019-2027, based on the communication of the Commission of 22 May 2018 entitled ‘Engaging, connecting and empowering young people: a new EU Youth Strategy’, the Programme should support high-quality youth work, tools and systems for the training of youth workers, the validation of non-formal and informal learning and quality approaches to empower youth organisations.

    Rialachán (AE) 2021/817 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2021 lena mbunaítear Erasmus+: Clár an Aontais um oideachas agus oiliúint, an óige agus spórt agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1288/2013 (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

  17. #2052448

    Ba cheart go mbeadh an Clár in ann rannchuidiú le comharba an chreata straitéisigh maidir le comhar Eorpach in oideachas agus in oiliúint agus leis an leagan nuashonraithe den Chlár Oibre Scileanna don Eoraip maidir le hiomaíochas inmharthana, cothroime shóisialta agus athléimneacht a bunaíodh i dteachtaireacht an 1 Iúil 2020 ón gCoimisiún trí thiomantas comhroinnte do thábhacht straitéiseach scileanna, príomhinniúlachtaí agus eolais chun poist a choinneáil agus chun tacú le fás, iomaíochas, nuálaíocht agus comhtháthú sóisialta, i gcomhréir le Moladh ón gComhairle an 22 Bealtaine 2018.

    The Programme should be equipped to contribute to the successor of the strategic framework for European cooperation in education and training and the updated European Skills Agenda for sustainable competitiveness, social fairness and resilience established in the communication of the Commission of 1 July 2020 with a shared commitment to the strategic importance of skills, key competences and knowledge for sustaining jobs and supporting growth, competitiveness, innovation and social cohesion, in line with the Council Recommendation of 22 May 2018.

    Rialachán (AE) 2021/817 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2021 lena mbunaítear Erasmus+: Clár an Aontais um oideachas agus oiliúint, an óige agus spórt agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1288/2013 (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

  18. #2214291

    Cinneadh 96/253/Euratom ón gComhairle an 4 Márta 1996 lena n-oiriúnaítear Cinneadh 94/268/Euratom maidir le clár réime ghníomhaíochtaí an Chomhphobail i réimse an taighde agus na hoiliúna don Chomhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (1994 go 1998), i ndiaidh aontachas Phoblacht na hOstaire, Phoblacht na Fionlainne agus Ríocht na Sualainne leis an Aontas Eorpach (IO L 86, 4.4.1996, lch. 72).

    Council Decision 96/253/Euratom of 4 March 1996 adapting Decision 94/268/Euratom concerning a framework programme of Community activities in the field of research and training for the European Atomic Energy Community (1994 to 1998), following the accession of the Republic of Austria, the Republic of Finland and the Kingdom of Sweden to the European Union (OJ L 86, 4.4.1996, p. 72).

    Glacadh cinntitheach (AE, Euratom) 2022/182 bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2022

  19. #2214294

    Cinneadh 2002/668/Euratom ón gComhairle an 3 Meitheamh 2002 maidir le séú clár réime an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach (Euratom) um ghníomhaíochtaí taighde agus oiliúna núicléiche, a chuir le bunú an Limistéir Eorpaigh Taighde freisin (2002 go 2006) (IO L 232, 29.8.2002, lch. 34).

    Council Decision 2002/668/Euratom of 3 June 2002 concerning the sixth framework programme of the European Atomic Energy Community (Euratom) for nuclear research and training activities, also contributing to the creation of the European Research Area (2002 to 2006) (OJ L 232, 29.8.2002, p. 34).

    Glacadh cinntitheach (AE, Euratom) 2022/182 bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2022

  20. #2420909

    Ba dhíol sásaimh dóibh príomhspriocanna nua an Aontais do 2030 maidir le fostaíocht (78 % ar a laghad den daonra idir 20 agus 64 bliana d’aois a bheith i mbun fostaíochta), scileanna (60 % ar a laghad de na daoine fásta ar fad a bheith rannpháirteach in oiliúint gach bliain) agus laghdú bochtaineachta (laghdú de 15 milliún duine ar a laghad, lena n-áirítear 5 mhilliún leanbh), chomh maith leis an Scórchlár Sóisialta athbhreithnithe d’fhonn faireachán a dhéanamh ar an dul chun cinn i dtreo chur chun feidhme phrionsabail Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta mar chuid den chreat um chomhordú beartais i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh.

    They welcomed the new Union headline targets for 2030 on employment (at least 78 % of the population aged 20-64 should be in employment), skills (at least 60 % of all adults should participate in training every year) and poverty reduction (by at least 15 million people, including five million children), as well as the revised Social Scoreboard with a view to monitoring progress towards the implementation of the principles of the European Pillar of Social Rights as part of the policy coordination framework in the context of the European Semester.

    Cinneadh (AE) 2022/2296 ón gComhairle an 21 Samhain 2022 maidir le treoirlínte do bheartais fostaíochta na mBallstát

  21. #2420972

    Rún ón gComhairle maidir le creat straitéiseach le haghaidh comhair Eorpaigh san oideachas agus san oiliúint i dtreo an Limistéir Eorpaigh Oideachais agus i ndiaidh (2021-2030) ((IO C 66, 26.2.2021, lch. 1)

    Council Resolution on a strategic framework for European cooperation in education and training towards the European Education Area and beyond (2021-2030) (OJ C 66, 26.2.2021, p. 1).

    Cinneadh (AE) 2022/2296 ón gComhairle an 21 Samhain 2022 maidir le treoirlínte do bheartais fostaíochta na mBallstát

  22. #2439260

    Moladh ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Meitheamh 2009 maidir le Creat Tagartha Eorpach um Dhearbhú Cáilíochta i nGairmoideachas agus i nGairmoiliúint a bhunú (IO C 155, 8.7.2009, lch. 1).

    Recommendation of the European Parliament and of the Council of 18 June 2009 on the establishment of a European Quality Assurance Reference Framework for Vocational Education and Training (OJ C 155, 8.7.2009, p. 1).

    Treoir (AE) 2022/993 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2022 maidir leis an íosleibhéal oiliúna do mharaithe (códú) (Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

  23. #2634442

    Dréachtaíodh an tuarascáil seo i gcomhréir le hAirteagal 190 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus le hAirteagal 7 de Rialachán (AE) 2021/695 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear Conradh Euratom, i gcomhar le hAirteagal 50 den chlár Fís Eorpach – an Clár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht agus le hAirteagal 12 de Rialachán (Euratom) 2021/765 ón gComhairle lena mbunaítear Clár Taighde agus Oiliúna an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach; agus tugtar forléargas neamh-uileghabhálach sa tuarascáil ar phríomhghníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta (T&N) an Aontais in 2021 agus ar an bhfaireachán ar na cláir Fís Eorpach, Fís 2020 agus Euratom.

    This report, drafted in accordance with Article 190 of the Treaty on the Functioning of the European Union and Article 7 of the Regulation (EU) 2021/695 of the European Parliament and the Council establishing Euratom Treaty, in conjunction with Article 50 of the Horizon Europe Framework Programme for Research and Innovation and Article 12 of the Council Regulation (Euratom) 2021/765 establishing the Research and Training Programme of the European Atomic Energy Community, provides a non-exhaustive overview of the EU’s key research and innovation (R&I) activities in 2021 and the monitoring of Horizon Europe, Horizon 2020 and the Euratom Programme.

    TUARASCÁIL ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA AGUS CHUIG AN gCOMHAIRLE Tuarascáil Bhliantúil maidir le Gníomhaíochtaí Taighde agus Forbartha Teicneolaíochta an Aontais Eorpaigh agus Faireachán ar na cláir Fís Eorpach agus Fís 2020 in 2021

  24. #2642975

    Dá bhrí sin, is príomhthosaíocht bheartais é an laghdú ar luathfhágáil na scoile agus cuirtear i dtábhacht amhlaidh é sa Rún ón gComhairle maidir le creat straitéiseach um chomhar Eorpach san oideachas agus san oiliúint i dtreo an Limistéir Eorpaigh Oideachais agus lasmuigh de (2021-2030), agus sa Mholadh ón gComhairle lena leagtar síos an Ráthaíocht Eorpach do Leanaí.

    The reduction of early school leaving is therefore a key policy priority and as such highlighted in the Council Resolution on a strategic framework for European cooperation in education and training towards the European Education Area and beyond (2021-2030) as well as in the Council Recommendation establishing a European Child Guarantee.

    TOGRA LE hAGHAIDH TUARASCÁIL CHOMHPHÁIRTEACH AR FHOSTAÍOCHT ÓN gCOIMISIÚN AGUS ÓN gCOMHAIRLE

  25. #2666299

    Cinneadh 96/253/Euratom ón gComhairle an 4 Márta 1996 lena n-oiriúnaítear Cinneadh 94/268/Euratom maidir le clár réime ghníomhaíochtaí an Chomhphobail i réimse an taighde agus na hoiliúna don Chomhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (1994 go 1998), i ndiaidh aontachas Phoblacht na hOstaire, Phoblacht na Fionlainne agus Ríocht na Sualainne leis an Aontas Eorpach (IO L 86, 4.4.1996, lch. 72).

    Council Decision 96/253/Euratom of 4 March 1996 adapting Decision 94/268/Euratom concerning a framework programme of Community activities in the field of research and training for the European Atomic Energy Community (1994 to 1998), following the accession of the Republic of Austria, the Republic of Finland and the Kingdom of Sweden to the European Union (OJ L 86, 4.4.1996, p. 72).

    Glacadh cinntitheach (AE, Euratom) 2023/278 bhuiséad bliantúil an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2023

  26. #2666302

    Cinneadh 2002/668/Euratom ón gComhairle an 3 Meitheamh 2002 maidir le séú clár réime an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach (Euratom) um ghníomhaíochtaí taighde agus oiliúna núicléiche, a chuir le bunú an Limistéir Eorpaigh Taighde freisin (2002 go 2006) (IO L 232, 29.8.2002, lch. 34).

    Council Decision 2002/668/Euratom of 3 June 2002 concerning the sixth framework programme of the European Atomic Energy Community (Euratom) for nuclear research and training activities, also contributing to the creation of the European Research Area (2002 to 2006) (OJ L 232, 29.8.2002, p. 34).

    Glacadh cinntitheach (AE, Euratom) 2023/278 bhuiséad bliantúil an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2023

  27. #2883347

    Dréachtaíodh é i gcomhréir le hAirteagal 190 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus le hAirteagal 7 de Chonradh Euratom , i gcomhar le h Airteagal 50 de Chlár Réime Fís Eorpach um Thaighde agus um Nuálaíocht , agus le hAirteagal 12 de Rialachán (Euratom) 2021/765 ón gComhairle lena mbunaítear Clár Taighde agus Oiliúna an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach.

    It was drafted in accordance with Article 190 of the Treaty on the Functioning of the European Union and Article 7 of the Euratom Treaty , in conjunction with Article 50 of the Horizon Europe Framework Programme for Research and Innovation and Article 12 of the Council Regulation (Euratom) 2021/765 establishing the Research and Training Programme of the European Atomic Energy Community.

    TUARASCÁIL ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA AGUS CHUIG AN gCOMHAIRLE Tuarascáil Bhliantúil maidir le Gníomhaíochtaí Taighde agus Forbartha Teicneolaíche an Aontais Eorpaigh agus maidir leis an bhFaireachán ar na cláir Fís Eorpach agus Fís 2020 in 2022

  28. #2924194

    Le príomhspriocanna nua an Aontais do 2030 maidir le fostaíocht (gur cheart 78 % ar a laghad den daonra idir 20 agus 64 bliana d’aois a bheith i mbun fostaíochta), scileanna (gur cheart 60 % ar a laghad de na daoine fásta uile a bheith rannpháirteach in oiliúint gach bliain) agus laghdú na bochtaineachta (gur cheart ar a laghad 15 mhilliún níos lú daoine a bheith i mbaol bochtaineachta nó eisiaimh shóisialta, lena n-áirítear 5 mhilliún leanbh), arbh dhíol sásaimh iad do na Cinn Stáit nó Rialtais ag Cruinniú Mullaigh Sóisialta Porto an 8 Bealtaine 2021 agus don Chomhairle Eorpach i mí an Mheithimh 2021, in éineacht leis an Scórchlár Sóisialta, cuideofar le faireachán a dhéanamh ar an dul chun cinn i dtreo chur chun feidhme phrionsabail Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta mar chuid den chreat um chomhordú beartais sa Seimeastar Eorpach.

    The Union headline targets for 2030 on employment (that at least 78 % of the population aged 20-64 should be in employment), skills (that at least 60 % of all adults should participate in training every year) and poverty reduction (that at least 15 million fewer people should be at risk of poverty or social exclusion, including five million children), welcomed by the Heads of State or Government at the Porto Social Summit on 8 May 2021 and by the June 2021 European Council, will help, together with the Social Scoreboard, in monitoring progress towards the implementation of the principles of the European Pillar of Social Rights as part of the policy coordination framework in the European Semester.

    Cinneadh (AE) 2023/2528 ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2023 maidir le treoirlínte do bheartais fostaíochta na mBallstát

  29. #2924247

    Rún ón gComhairle maidir le creat straitéiseach le haghaidh comhar Eorpach san oideachas agus san oiliúint i dtreo an Limistéir Eorpaigh Oideachais agus níos faide anonn (2021-2030) (IO C 66, 26.2.2021, lch. 1).

    Council Resolution on a strategic framework for European cooperation in education and training towards the European Education Area and beyond (2021-2030) (OJ C 66, 26.2.2021, p. 1).

    Cinneadh (AE) 2023/2528 ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2023 maidir le treoirlínte do bheartais fostaíochta na mBallstát

  30. #3154767

    Cinneadh 96/253/Euratom ón gComhairle an 4 Márta 1996 lena n-oiriúnaítear Cinneadh 94/268/Euratom maidir le clár réime ghníomhaíochtaí an Chomhphobail i réimse an taighde agus na hoiliúna don Chomhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (1994 go 1998), i ndiaidh aontachas Phoblacht na hOstaire, Phoblacht na Fionlainne agus Ríocht na Sualainne leis an Aontas Eorpach (IO L 86, 4.4.1996, lch. 72).

    Council Decision 96/253/Euratom of 4 March 1996 adapting Decision 94/268/Euratom concerning a framework programme of Community activities in the field of research and training for the European Atomic Energy Community (1994 to 1998), following the accession of the Republic of Austria, the Republic of Finland and the Kingdom of Sweden to the European Union (OJ L 86, 4.4.1996, p. 72).

    Glacadh cinntitheach (AE, Euratom) 2024/207 Bhuiséad bliantúil an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2024

  31. #3154770

    Cinneadh 2002/668/Euratom ón gComhairle an 3 Meitheamh 2002 maidir le séú clár réime an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach (Euratom) um ghníomhaíochtaí taighde agus oiliúna núicléiche, a chuir le bunú an Limistéir Eorpaigh Taighde freisin (2002 go 2006) (IO L 232, 29.8.2002, lch. 34).

    Council Decision 2002/668/Euratom of 3 June 2002 concerning the sixth framework programme of the European Atomic Energy Community (Euratom) for nuclear research and training activities, also contributing to the creation of the European Research Area (2002 to 2006) (OJ L 232, 29.8.2002, p. 34).

    Glacadh cinntitheach (AE, Euratom) 2024/207 Bhuiséad bliantúil an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2024

  32. #327462

    - Conclúidí na Comhairle an 12 Bealtaine 2009 maidir le creat straitéise le haghaidh comhair Eorpaigh maidir le hoideachas agus le hoiliúint ("ET 2020") [3];

    - the Council conclusions of 12 May 2009 on a strategic framework for European cooperation in education and training (ET 2020) [3];

    Conclúidí na Comhairle maidir le hoideachas agus cúram na luath-óige: ag soláthar an túis is fearr don saol atá rompu dár leanaí uile (2011)

  33. #338084

    Ba cheart go mbeadh táirgeadh an staidrimh bunaithe ar chreat de choincheapa comhtháite agus de shonraí inchomparáide, i bhfianaise bhunú Córais chomhtháite Eorpaigh um Fhaisnéis Staidrimh maidir le hoideachas, maidir le hoiliúint agus maidir le foghlaim ar feadh an tsaoil.

    Statistical production should be based on a framework of coherent concepts and comparable data in view of the establishment of an integrated European statistical information system on education, training and lifelong learning.

    Rialachán (CE) Uimh. 452/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2008 i ndáil le staidreamh maidir le hoideachas agus le foghlaim ar feadh an tsaoil a tháirgeadh agus a fhorbairt

  34. #534676

    Nasc a dhéanamh idir na tosaíochtaí oideachais agus oiliúna a shainmhínítear i Straitéis Eoraip 2020 agus sa chreat "ET2020" agus an caiteachas a dhéantar as Cistí Struchtúracha na hEorpa faoin gCreat Airgeadais Ilbhliantúil atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo.

    Link education and training priorities defined within the Europe 2020 Strategy and the "ET2020" framework to expenditure from the European Structural Funds under the current and future Multiannual Financial Framework.

    Conclúidí ón gComhairle an 26 Samhain 2012 maidir le hoideachas agus oiliúint san Eoraip 2020 — an méid a chuireann oideachas agus oiliúint le téarnamh eacnamaíoch, leis an bhfás agus le poist

  35. #608173

    cuspóirí don chreat straitéise le haghaidh comhair Eorpaigh maidir le hoideachas agus le hoiliúint ("ET 2020"), lena n-áirítear na tagarmharcanna;

    the objectives of the strategic framework for European cooperation in education and training ('ET 2020'), including the corresponding benchmarks;

    Rialachán (AE) Uimh 1288/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 lena mbunaítear "Erasmus+": clár an Aontais um oideachas, um oiliúint, um an óige agus um an spórt agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh, 1719/2006/CE, Cinneadh Uimh. 1720/2006/CE agus Cinneadh Uimh. 1298/2008/CE Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE

  36. #609252

    Cinneadh ón gComhairle an 19 Nollaig 2011 lena mbunaítear Clár réime an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach (2012-2013) (IO L 47, 18.2.2012, lch. 25).

    Council Decision of 19 December 2011 concerning the Framework Programme of the European Atomic Energy Community for nuclear research and training activities (2012 to 2013) (OJ L 47, 18.2.2012, p. 25).

    Rialachán (AE) Uimh. 1290/2013 ó Pharlaimint na heorpa agus ón gcomhairle an 11 Nollaig 2013 lena leagtar síos na rialacha maidir le rannpháirtíocht agus leathadh i "Fís 2020 - an Clár réime um Thaighde agus um Nuálaíocht (2014-2020)" agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1906/2006 Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE

  37. #1904127

    an comhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Rialtas Cheanada lena mbunaítear creat comhair i réimsí an ardoideachais, na hoiliúna agus na hóige (2006-2013);

    the agreement between the European Community and the Government of Canada establishing a cooperation framework in the fields of higher education, training and youth (2006-2013);

    Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/173 ón gCoimisiún an 12 Feabhra 2021 lena mbunaítear an Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin Eorpach um an Aeráid, Bonneagar agus Comhshaol, an Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin Eorpach um an tSláinte agus an Digitiú, an Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin Eorpach um Thaighde, Gníomhaireacht Feidhmiúcháin na Comhairle Nuálaíochta Eorpaí agus na bhFiontar Beag agus Meánmhéide, Gníomhaireacht Feidhmiúcháin na Comhairle Eorpaí um Thaighde, agus an Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin Eorpach um Oideachas agus Cultúr agus lena n-aisghairtear Cinntí Cur Chun Feidhme 2013/801/AE, 2013/771/AE, 2013/778/AE, 2013/779/AE, 2013/776/AE agus 2013/770/AE

  38. #563553

    Ag féachaint do shraith tograí reachtacha an Choimisiúin atá comhdhéanta den Togra le haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear "Fís 2020" — An Creatchlár um Thaighde agus Nuálaíocht (2014-2020) (COM(2011) 809 leagan deireanach), an togra le haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos na rialacha maidir le rannpháirteachas in "Fís 2020" — An Creatchlár um Thaighde agus Nuálaíocht (2014-2020), agus na rialacha maidir leis na torthaí a scaipeadh (COM(2011) 810 leagan deireanach), an togra le haghaidh Cinnidh ón gComhairle lena mbunaítear an Clár Sonrach lena gcuirtear "Fís 2020" — An Creatchlár um Thaighde agus Nuálaíocht (2014-2020) chun feidhme (COM(2011) 811 leagan deireanach) agus an togra le haghaidh Rialacháin ón gComhairle maidir le Clár Taighde agus Oiliúna an Chomhphobail Eorpaigh d’Fhuinneamh Adamhach (2014-2018) a chomhlánaíonn "Fís 2020" — An Creatchlár um Thaighde agus Nuálaíocht (COM(2011) 812 leagan deireanach),

    Having regard to the Commission’s set of legislative proposals which consist of the proposal for a Regulation of the European Parliament and of the Council establishing Horizon 2020 — the Framework Programme for Research and Innovation (2014-2020) (COM(2011) 809 final), the proposal for a Regulation of the European Parliament and of the Council laying down the rules for participation and dissemination in "Horizon 2020" — the Framework Programme for Research and Innovation (2014-2020) (COM(2011) 810 final), the proposal for a Council Decision establishing the Specific Programme implementing "Horizon 2020" — the Framework Programme for Research and Innovation (2014-2020) (COM(2011) 811 final), and the proposal for a Council Regulation on the Research and Training Programme of the European Atomic Energy Community (2014-2018) complementing "Horizon 2020" — the Framework Programme for Research and Innovation (COM(2011) 812 final),

    Tuairim Uimh. 6/2012 (de bhun an dara fomhír d’Airteagal 287(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh) maidir leis an togra le haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos na rialacha maidir le rannpháirteachas in “Fís 2020 — An Creatchlár um Thaighde agus Nuálaíocht (2014-2020)” , agus na rialacha maidir leis na torthaí a scaipead

  39. #3237289

    Rialachán (Euratom) 2021/765 ón gComhairle an 10 Bealtaine 2021 lena mbunaítear Clár Taighde agus Oiliúna an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach don tréimhse 2021-2025 lena gcomhlánaítear Fís Eorpach – an Clár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht agus lena n-aisghairtear Rialachán (Euratom) 2018/1563 (IO L 167 I, 12.5.2021, lch. 81).

    Regulation (EU) 2021/695 of the European Parliament and of the Council of 28 April 2021 establishing Horizon Europe – the Framework Programme for Research and Innovation, laying down its rules for participation and dissemination, and repealing Regulations (EU) No 1290/2013 and (EU) No 1291/2013 (OJ L 170, 12.5.2021, p. 1). Council Regulation (Euratom) 2021/765 of 10 May 2021 establishing the Research and Training Programme of the European Atomic Energy Community for the period 2021-2025 complementing Horizon Europe – the Framework Programme for Research and Innovation and repealing Regulation (Euratom) 2018/1563 (OJ L 167 I, 12.5.2021, p. 81).

    Rialachán(AE) 2024/792 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Feabhra 2024 lena mbunaítear an tSaoráid don Úcráin

  40. #562773

    Baineann sé seo go háirithe le hAirteagail 14, 151, 152, 153, 165, 166 agus 168 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) agus le Prótacal (Uimh. 26) maidir le Seirbhísí Leasa Ghinearálta atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach (CAE) agus leis an CFAE ar dá réir gur ag na Ballstáit atá an inniúlacht eisiach prionsabail bhunaidh a gcóras slándála sóisialta, a gcóras gairmoiliúna agus a gcóras sláinte a shainiú agus na creatchoinníollacha do bhainistiú, maoiniú, eagrú agus seachadadh na seirbhísí a sholáthraítear laistigh de na córais sin a mhúnlú, lena n-áirítear — gan dochar d’Airteagal 168(4) CFAE agus do Threoir 2005/36/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Meán Fómhair 2005 i ndáil le cáilíochtaí gairmiúla a aithint [8] — sainiú na gceanglas, na cáilíochta agus na gcaighdeán sábháilteachta is infheidhme ina leith.

    This concerns in particular Articles 14, 151, 152, 153, 165, 166 and 168 of the Treaty on the Functioning of the European Union (TFEU) and Protocol (No 26) on Services of General Interest annexed to the Treaty on European Union (TEU) and to the TFEU in accordance with which it remains the exclusive competence of the Member States to define the fundamental principles of their social security, vocational training and health systems and to shape the framework conditions for the management, financing, organisation and delivery of the services supplied within those systems, including - without prejudice to Article 168(4) TFEU and to Directive 2005/36/EC of the European Parliament and of the Council of 7 September 2005 on the recognition of professional qualifications [8] - the definition of requirements, quality and safety standards applicable to them.

    Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir le caighdeánú Eorpach, lena leasaítear Treoir 89/686/CEE agus Treoir 93/15/CEE ón gComhairle agus Treoracha 94/9/CE, 94/25/CE, 95/16/CE, 97/23/CE, 98/34/CE, 2004/22/CE, 2007/23/CE, 2009/23/CE agus 2009/105/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Cinneadh 87/95/CEE ón gComhairle agus Cinneadh Uimh. 1673/2006/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE

  41. #693301

    I bhfreagairt ar an iarraidh ón gComhairle Eorpach i gClár Stócólm go gcuirfí dlús le gníomhaíochtaí oiliúna i saincheisteanna a bhaineann leis an Aontas agus go mbeadh fáil ar ghníomhaíochtaí oiliúna den sórt sin, ar bhonn córasach, ag oifigigh de gach céim i bhforfheidhmiú an dlí, agus ar an iarraidh ó Pharlaimint na hEorpa go mbeadh creat níos láidre de chuid an Aontais ann maidir le hoiliúint bhreithiúnach agus oiliúint póilíní, ba cheart cuspóirí CEPOL a bheith struchtúraithe, agus béim ar leith á leagan ar chearta an duine agus saoirsí bunúsacha a chosaint i gcomhthéacs fhorfheidhmiú an dlí, ar shlí a bheidh ag teacht leis na prionsabail ghinearálta seo a leanas: ar an gcéad dul síos, tacú le Ballstáit maidir le hoiliúint a sholáthar chun feabhas a chur ar eolas bunúsach i dtaobh an ghné Aontais d'fhorfheidhmiú an dlí; ar an dara dul síos, tacú le Ballstáit, arna iarraidh sin dóibh, maidir le comhar déthaobhach agus réigiúnach a fhorbairt trí oiliúint i bhforfheidhmiú an dlí; ar an tríú dul síos, oiliúint a fhorbairt, a chur chun feidhme agus a chomhordú i sainréimsí téamacha; agus, ar an gceathrú dul síos, oiliúint a fhorbairt, a chur chun feidhme agus a chomhordú i ndáil le misin Aontais agus gníomhaíochta forbartha acmhainní d'fhorfheidhmiú an dlí i dtríú tíortha.

    In response to the call from the European Council in the Stockholm Programme to step up training on Union-related issues and to make such training systematically accessible to law enforcement officials of all ranks, and to the request from the European Parliament for a stronger Union framework for judicial and police training, the objectives of CEPOL should, while putting particular emphasis on the protection of human rights and fundamental freedoms in the context of law enforcement, be structured in line with the following set of general principles: first, to support Member States in providing training in order to improve basic knowledge of the Union dimension of law enforcement; second, to support Member States, upon their request, in the development of bilateral and regional cooperation through law enforcement training; third, to develop, implement and coordinate training in specific thematic areas; and fourth, to develop, implement and coordinate training in relation to Union missions and law enforcement capacity-building activities in third countries.

    Rialachán (AE) 2015/2219 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Oiliúint i bhForfheidhmiú an Dlí (CEPOL), agus a ghabhann ionad Chinneadh 2005/681/CGB ón gComhairle agus lena n-aisghairtear an cinneadh sin

  42. #290196

    2. Féadfaidh an Coimisiún saineolas, cúnamh teicniúil nó cúnamh lóistíochtúil, gníomhaíocht oiliúna nó chumarsáide nó aon tacaíocht oibríochtúil eile a chur ar fáil do na Ballstáit chun cuspóirí an Rialacháin seo a bhaint amach agus i bhfeidhmiú dualgas na mBallstát laistigh de chreat cur chun feidhme an chomhair chustaim dá bhforáiltear le hAirteagal 29 agus le hAirteagal 30 den Chonradh ar an Aontas Eorpach.";

    2. The Commission may make expertise, technical or logistical assistance, training or communication activity or any other operational support available to the Member States both for the achievement of the objectives of this Regulation and in the performance of Member States’ duties in the framework of the implementation of the customs cooperation provided for by Articles 29 and 30 of the Treaty on European Union.

    Rialachán (CE) Uimh. 766/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Iúil 2008 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 515/97 ón gComhairle maidir le cúnamh frithpháirteach idir údaráis riaracháin na mBallstát agus maidir le comhar idir na Ballstáit agus an Coimisiún chun a áirithiú go gcuirfear an dlí ar ábhair chustaim agus ar ábhair thalmhaíochta i bhfeidhm i gceart

  43. #295570

    (6) An 17 Iúil 1998 ghlac an Chomhairle Rialachán (CE) Uimh. 1572/98 [7] lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 1360/90 d'fhonn na tíortha agus na críocha Meánmhara nach Ballstáit iad agus atá ina dtairbhithe de na bearta airgeadais agus na bearta teicniúla a bheidh ag gabháil leis an athchóiriú ar a geilleagair agus ar a struchtúir shóisialta de bhun Rialachán (CE) Uimh. 1488/96 an 23 Iúil 1996 maidir le bearta airgeadais agus bearta teicniúla chun gabháil le hathchóiriú (MEDA) struchtúr eacnamaíoch agus sóisialta i réim na comhpháirtíochta Eora-Mheánmhara [8] a áireamh i ngníomhaíochtaí an Fhorais Eorpaigh Oiliúna.

    (6) On 17 July 1998 the Council adopted Regulation (EC) No 1572/98 [7] amending Regulation (EEC) No 1360/90 with a view to including in the activities of the European Training Foundation the Mediterranean non-member countries and territories which are beneficiaries of the financial and technical measures to accompany the reform of their economic and social structures pursuant to Council Regulation (EC) No 1488/96 of 23 July 1996 on financial and technical measures to accompany (MEDA) the reform of economic and social structures in the framework of the Euro-Mediterranean partnership [8].

    Rialachán (CE) Uimh. 1339/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 lena mbunaítear an Foras Eorpach Oiliúna

  44. #295631

    Comhoibreoidh an Foras, go háirithe, leis an Lárionad Eorpach um Fhorbairt na Gairmoiliúna (Cedefop) faoi chuimsiú cláir oibre chomhpháirtigh bhliantúil a chuirfear i gceangal le clár oibre bliantúil gach gníomhaireachta d'fhonn an tsineirgíocht agus an chomhlántacht a chur chun cinn idir ghníomhaíochtaí an dá ghníomhaireacht.

    The Foundation shall cooperate, in particular, with the European Centre for the Development of Vocational Training (Cedefop) in the framework of a joint annual work programme annexed to the annual work programme of each of the two agencies with the objective of promoting synergy and complementarity between their activities.

    Rialachán (CE) Uimh. 1339/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 lena mbunaítear an Foras Eorpach Oiliúna

  45. #534546

    Na Conclúidí ón gComhairle den 12 Bealtaine 2009 maidir le creat straitéiseach don chomhar Eorpach san oideachas agus san oiliúint ("ET 2020") [1], inar leagadh amach mar chuspóir go ndéanfaí cion na n-ísealghnóthachtálaithe a laghdú sna bunscileanna (bunlitearthacht, matamaitic agus an eolaíocht) go dtí 15% faoin mbliain 2020.

    The Council conclusions of 12 May 2009 on a strategic framework for European cooperation in education and training ("ET 2020") [1], which set the goal of diminishing the share of low achievers in basic skills (reading literacy, mathematics and science) to 15 % by 2020.

    Conclúidí ón gComhairle an 26 Samhain 2012 maidir leis an litearthacht

  46. #534607

    Tuarascáil a thabhairt ar na gníomhaíochtaí atá déanta acu chun feabhas a chur ar na leibhéil litearthachta a bhaineann le gach aois, agus más féidir, ar an tionchar a bheidh ag an gníomhaíochtaí sin sa chéad Tuarascáil Chomhpháirteach eile ón gComhairle agus ón gCoimisiún maidir le cur chun feidhme an chreata straitéisigh don chomhar Eorpach san oideachas agus san oiliúint ("ET2020") in 2015.

    Report on their actions to improve literacy levels at all ages and, where possible, on the impact of those actions in the next Joint Report of the Council and the Commission on the implementation of the strategic framework for European cooperation in education and training ("ET2020") in 2015.

    Conclúidí ón gComhairle an 26 Samhain 2012 maidir leis an litearthacht

  47. #534633

    Na Conclúidí ón gComhairle an 12 Bealtaine 2009 lena mbunaítear creat straitéise le haghaidh comhair Eorpaigh san oideachas agus san oiliúint don tréimhse suas go 2020 ("ET2020") [1], arb é is príomhaidhm dó tacú le córais oideachais agus oiliúna sna Ballstáit a fhorbairt tuilleadh, ar córais iad arb é an cuspóir atá leo lánsástacht phearsanta, shóisialta, ghairmiúil na saoránach uile a áirithiú, mar aon le rathúnas eacnamaíoch inbhuanaithe agus infhostaitheacht, agus luachanna daonlathacha, comhtháthú sóisialta, saoránachas gníomhach agus idirphlé idirchultúrtha á gcur chun cinn ag an am céanna;

    The Council conclusions of 12 May 2009 establishing a strategic framework for European cooperation in education and training for the period up to 2020 ("ET2020") [1], the primary goal of which is to support the further development of education and training systems in the Member States which are aimed at ensuring the personal, social and professional fulfilment of all citizens, as well as sustainable economic prosperity and employability, whilst promoting democratic values, social cohesion, active citizenship, and intercultural dialogue;

    Conclúidí ón gComhairle an 26 Samhain 2012 maidir le hoideachas agus oiliúint san Eoraip 2020 — an méid a chuireann oideachas agus oiliúint le téarnamh eacnamaíoch, leis an bhfás agus le poist

  48. #534636

    Tuarascáil Chomhpháirteach ón gComhairle agus ón gCoimisiún maidir leis an gCreat Straitéiseach um chomhar Eorpach in oideachas agus in oiliúint (ET 2020) a chur i bhfeidhm, [3] ar tuarascáil í ina leagtar amach na céimeanna chun neart a chur le rialachas "ET 2020" agus chun an próiseas "ET2020" a úsáid chun tacú le cuspóirí Eoraip 2020 maidir le fás agus poist.

    The February 2012 Joint Report of the Council and the Commission on the implementation of the strategic framework for European cooperation in the field of education and training [3], which set out steps to strengthen "ET2020" governance and to mobilise the "ET2020" process in support of the Europe 2020 objectives on growth and jobs.

    Conclúidí ón gComhairle an 26 Samhain 2012 maidir le hoideachas agus oiliúint san Eoraip 2020 — an méid a chuireann oideachas agus oiliúint le téarnamh eacnamaíoch, leis an bhfás agus le poist

  49. #608036

    Ina conclúidí an 12 Bealtaine 2009, d'iarr an Chomhairle go mbunófaí creat straitéise le haghaidh comhair Eorpaigh maidir le hoideachas agus le hoiliúint (ET 2020), lena mbunófaí ceithre chuspóir straitéiseacha d'fhonn aghaidh a thabhairt ar na dúshláin atá ann i gcónaí maidir le hEoraip eolasbhunaithe a chruthú agus foghlaim ar feadh an tsaoil a chur ar fáil do chách.

    In its conclusions of 12 May 2009, the Council called for a strategic framework for European cooperation in education and training (ET 2020), setting up four strategic objectives with a view to responding to the challenges that remain in creating a knowledge-based Europe and making lifelong learning a reality for all.

    Rialachán (AE) Uimh 1288/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 lena mbunaítear "Erasmus+": clár an Aontais um oideachas, um oiliúint, um an óige agus um an spórt agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh, 1719/2006/CE, Cinneadh Uimh. 1720/2006/CE agus Cinneadh Uimh. 1298/2008/CE Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE

  50. #609250

    Cinneadh ón gComhairle maidir le Seachtú Clár réime an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach (Euratom) le haghaidh taighde núicléach agus gníomhaíochtaí oiliúna (2007 go 2011) (IO L 400, 30.12.2006, lch. 60).

    Council Decision 2006/970/Euratom of 18 December 2006 concerning the Seventh Framework Programme of the European Atomic Energy Community (Euratom) for nuclear research and training activities (2007 to 2011) (OJ L 400, 30.12.2006, p. 60).

    Rialachán (AE) Uimh. 1290/2013 ó Pharlaimint na heorpa agus ón gcomhairle an 11 Nollaig 2013 lena leagtar síos na rialacha maidir le rannpháirtíocht agus leathadh i "Fís 2020 - an Clár réime um Thaighde agus um Nuálaíocht (2014-2020)" agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1906/2006 Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE