Gaois

Treo cuardaigh

Modh cuardaigh

Scag na torthaí

Bailiúcháin

Foirmeacha na bhfocal

cosaint

aghaidh

fiabhras

8 dtoradh in 7 ndoiciméad

  1. #3007965

    Ar mhaithe le haird a thabhairt ar na forbairtí is déanaí i staid eipidéimeolaíoch fhiabhras Afracach na muc san Aontas, agus ar mhaithe le dul i ngleic ar bhealach réamhghníomhach leis na rioscaí a bhaineann le leathadh an ghalair sin, ba cheart criosanna srianta nua de mhéid leordhóthanach a chríochú le haghaidh na Gearmáine agus na Polainne agus ba cheart iad a liostú mar chriosanna srianta I agus III in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán sin, ba cheart criosanna srianta nua a chríochú le haghaidh na Cróite agus iad a liostú mar chrios cosanta in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán sin.

    In order to take account of the recent developments in the epidemiological situation of African swine fever in the Union, and in order to combat the risks associated with the spread of that disease in a proactive manner, new restricted zones of a sufficient size should be demarcated for Germany and Poland and listed as restricted zones I and III in Annex I to that Regulation, and new restricted zones should be demarcated for Croatia and listed as protection zones in Annex II to that Regulation.

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2213 ón gCoimisiún an 16 Deireadh Fómhair 2023 lena leasaítear Iarscríbhinní I agus II a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/594 lena leagtar síos bearta speisialta rialaithe maidir le fiabhras Afracach na muc

  2. #2731090

    San am atá thart, chun frithghníomh éifeachtach agus tapa a áirithiú in aghaidh rioscaí a bhíodh ag teacht chun cinn, amhail deimhniú a thabhairt go raibh ann do ráig fhiabhras Afracach na muc i muc-ainmhithe i mBallstát nó i gcrios a bhí saor ó ghalar roimhe sin, glacadh Cinntí Cur Chun Feidhme aonair ón gCoimisiún, i gcás inarb ábhartha, chun an crios srianta le haghaidh ráigeanna fhiabhras Afracach na muc i muc-ainmhithe ar coimeád a shainaithint go mear ar leibhéal an Aontais, ar crios é lena gcumhdaíodh criosanna cosanta agus faireachais, nó an crios ionfhabhtaithe a shainaithint i gcás ráig den ghalar sin a bheith i muc-ainmhithe fiáine, dá bhforáiltear i Rialachán (AE) 2020/687.

    In the past, to ensure an effective and quick reaction to emerging risks, such as confirmation of an outbreak of African swine fever in a previously disease-free Member State or zone, individual Commission Implementing Decisions were adopted, where relevant, to rapidly identify at Union level the restricted zone for outbreaks of African swine fever in kept porcine animals, which comprised protection and surveillance zones, or the infected zone in the case of an outbreak of that disease in wild porcine animals, as provided for in Delegated Regulation (EU) 2020/687.

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/594 ón gCoimisiún an 16 Márta 2023 lena leagtar síos bearta speisialta rialaithe galar maidir le fiabhras Afracach na muc agus lena n-aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/605 (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

  3. #2224011

    Ag deireadh mhí na Nollag 2021, chuir an Ghearmáin an Coimisiún ar an eolas faoi staid fhabhrach reatha fhiabhras Afracach na muc i muc-ainmhithe atá ar coimeád sa chrios srianta in Mecklenburg-Vorpommern agus gur cuireadh na bearta le haghaidh criosanna cosanta agus faireachais chun feidhme go cuí i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 chun leathadh an ghalair sin a chosc.

    At the end of December 2021, Germany informed the Commission of the current favourable African swine fever situation in kept porcine animals in the restricted zone in the state of Mecklenburg-Western Pomerania and that the measures for protection and surveillance zones have been duly implemented in accordance with Delegated Regulation (EU) 2020/687, in order to prevent the further spread of that disease.

    Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/33 ón gCoimisiún an 10 Eanáir 2022 lena n-aisghairtear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2021 maidir le bearta áirithe éigeandála a bhaineann le fiabhras Afracach na muc sa Ghearmáin (a bhfuil fógra tugtha ina leith faoi dhoiciméad C(2022) 155) (An téacs Gearmáinise amháin atá barántúil) (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

  4. #2412290

    Ag deireadh mhí Lúnasa 2022, chuir an Ghearmáin an Coimisiún ar an eolas faoi staid fhabhrach reatha fhiabhras Afracach na muc i muc-ainmhithe atá ar coimeád sa chrios srianta sa tSacsain Íochtarach agus gur cuireadh na bearta le haghaidh criosanna cosanta agus faireachais chun feidhme go cuí i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 chun leathadh an ghalair sin a chosc.

    At the end of August 2022, Germany informed the Commission of the current favourable African swine fever situation in kept porcine animals in the restricted zone in the state of Lower Saxony and that the measures for protection and surveillance zones have been duly implemented in accordance with Delegated Regulation (EU) 2020/687, in order to prevent the further spread of that disease.

    Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1658 ón gCoimisiún an 26 Meán Fómhair 2022 lena n-aisghairtear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1189 maidir le bearta áirithe eatramhacha éigeandála a bhaineann le fiabhras Afracach na muc sa Ghearmáin (a bhfuil fógra tugtha ina leith faoi dhoiciméad C(2022) 6931) (Is é an téacs sa Ghearmáinis amháin atá barántúil) (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

  5. #2877881

    Ar mhaithe le haird a thabhairt ar na forbairtí is déanaí i staid eipidéimeolaíoch fhiabhras Afracach na muc san Aontas, agus ar mhaithe le dul i ngleic ar bhealach réamhghníomhach leis na rioscaí a bhaineann le leathadh an ghalair sin, ba cheart criosanna srianta nua de mhéid leordhóthanach a chríochú le haghaidh na Bulgáire, na Seicia, na Gearmáine, na Laitvia agus na Polainne agus ba cheart iad a liostú mar chriosanna srianta I, II agus III in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/594, ba cheart criosanna srianta nua a chríochú le haghaidh na Cróite agus ba cheart iad a liostú mar chrios cosanta in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán sin, agus maidir leis na criosanna ionfhabhtaithe atá ann cheana le haghaidh na hIodáile, ar criosanna ionfhabhtaithe iad a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán sin, ba cheart iad a leathnú.

    In order to take account of the recent developments in the epidemiological situation of African swine fever in the Union, and in order to combat the risks associated with the spread of that disease in a proactive manner new restricted zones of a sufficient size should be demarcated for Bulgaria, Czechia, Germany, Latvia and Poland and listed as restricted zones I, II and III in Annex I to Implementing Regulation (EU) 2023/594, new restricted zones should be demarcated for Croatia and listed as protection zone in Annex II to that Regulation, and the existing infected zones for Italy listed in Annex II to that Regulation should be extended.

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1643 ón gCoimisiún an 17 Lúnasa 2023 lena leasaítear Iarscríbhinní I agus II a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/594 lena leagtar síos bearta speisialta rialaithe maidir le fiabhras Afracach na muc (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

  6. #2972364

    Ar mhaithe le haird a thabhairt ar na forbairtí is déanaí i staid eipidéimeolaíoch fhiabhras Afracach na muc san Aontas, agus ar mhaithe le dul i ngleic ar bhealach réamhghníomhach leis na rioscaí a bhaineann le leathadh an ghalair sin, ba cheart criosanna srianta nua de mhéid leordhóthanach a chríochú le haghaidh na hIodáile, na Laitvia agus na Polainne agus ba cheart iad a liostú mar chriosanna srianta I agus II, ba cheart codanna áirithe de chriosanna srianta I agus II a dhíliostú i gcás na Gearmáine in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/594, agus ba cheart criosanna srianta nua a chríochú le haghaidh na Cróite agus ba cheart iad a liostú mar chriosanna cosanta in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán sin, agus maidir leis na criosanna ionfhabhtaithe agus criosanna srianta atá ann cheana le haghaidh na Cróite, ar criosanna ionfhabhtaithe iad a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán sin, ba cheart iad a leathnú.

    In order to take account of the recent developments in the epidemiological situation of African swine fever in the Union, and in order to combat the risks associated with the spread of that disease in a proactive manner new restricted zones of a sufficient size should be demarcated for Italy, Latvia and Poland and listed as restricted zones I and II, certain parts of restricted zones I and II should be delisted for Germany in Annex I to Implementing Regulation (EU) 2023/594 and new restricted zones should be demarcated for Croatia and listed as protection zones in Annex II to that Regulation, and the existing infected and restricted zones for Croatia listed in Annex II to that Regulation should be extended.

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1799 ón gCoimisiún an 19 Meán Fómhair 2023 lena leasaítear Iarscríbhinní I agus II a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/594 lena leagtar síos bearta speisialta rialaithe maidir le fiabhras Afracach na muc (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

  7. #3007973

    Chuir an Ghréig an Coimisiún ar an eolas faoi staid fhabhrach reatha fhiabhras Afracach na muc i muc-ainmhithe atá ar coimeád sa chrios srianta i Réigiún na Macadóine Thiar agus gur cuireadh na bearta le haghaidh criosanna cosanta agus faireachais chun feidhme go cuí i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 chun leathadh an ghalair sin a chosc.

    Greece has informed the Commission of the current favourable African swine fever situation in kept porcine animals in the restricted zone in the Region of West Macedonia and that the measures for protection and surveillance zones have been duly implemented in accordance with Delegated Regulation (EU) 2020/687, in order to prevent the further spread of that disease.

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2213 ón gCoimisiún an 16 Deireadh Fómhair 2023 lena leasaítear Iarscríbhinní I agus II a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/594 lena leagtar síos bearta speisialta rialaithe maidir le fiabhras Afracach na muc

  8. #3149630

    Chuir an Iodáil an Coimisiún ar an eolas faoi staid fhabhrach reatha fhiabhras Afracach na muc i muc-ainmhithe atá ar coimeád sa chrios srianta i Réigiún na Sairdíne agus gur cuireadh na bearta le haghaidh criosanna cosanta agus faireachais chun feidhme go cuí i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 chun leathadh an ghalair sin a chosc.

    Italy has informed the Commission of the current favourable African swine fever situation in kept porcine animals in the restricted zone in in the Sardinia Region and that the measures for protection and surveillance zones have been duly implemented in accordance with Delegated Regulation (EU) 2020/687, in order to prevent the further spread of that disease.

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2894 ón gCoimisiún an 19 Nollaig 2023 lena leasaítear Iarscríbhinní I agus II a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/594 lena leagtar síos bearta speisialta rialaithe maidir le fiabhras Afracach na muc