#3049857
Ag tabhairt dá haire go n-úsáideann an Foras ocht n-eochairtháscaire feidhmíochta, a áirítear ina chóras faireacháin feidhmíochta; ag tabhairt dá haire go háirithe gur léir go bhfuil feabhas ar an bhfeidhmíocht maidir le glacadh shaineolas an Fhorais i bpríomhdhoiciméid bheartais ar leibhéal an Aontais, ó 34,6 % in 2020 go 74 % in 2021, amhail an togra le haghaidh treoir maidir le cur i bhfeidhm phrionsabal an phá chomhionainn a neartú, na conclúidí ón gComhairle maidir leis an teilea-obair, tuarascálacha ón gCoimisiún maidir le cúram fadtéarmach san Aontas, ardáin dhigiteacha saothair san Aontas agus athbhreithniú 2021 ar Fhostaíocht agus ar Fhorbairtí Sóisialta san Eoraip; ag tabhairt dá haire, thairis sin, go raibh feidhmíocht láidir ann maidir le glacadh eolas an Fhorais sna meáin, agus 1083 alt preasa in 2021 i gcomparáid le 703 in 2020, agus ag moladh an Fhorais, go háirithe, as an infheictheacht agus as an ardphróifíle a bhí aige i bpríomh-eagraíochtaí meán Eorpacha agus idirnáisiúnta maidir leis na hábhair is ábhartha amhail tionchair éagsúla phaindéim COVID-19, an teilea-obair, an ceart chun dícheangail agus saincheisteanna i dtaca le pá íosta; ag tabhairt dá haire go bhfuil méadú tagtha ar rannpháirtíocht an Fhorais ag ócáidí agus cruinnithe a bhaineann le beartas i rith 2021, ó 202 phíosa ionchuir in 2020 go 360 píosa ionchuir in 2021;
Notes that the Foundation uses eight key performance indicators included in its performance monitoring system; notes in particular a visibly improved performance with regards to the uptake of the Foundation’s expertise in key Union-level policy documents, from 34,6 % in 2020 to 74 % in 2021, such as the proposal for a directive on strengthening the application of the principle of equal pay, the Council conclusions on telework, Commission reports on long-term care in the Union, digital labour platforms in the Union and the 2021 Employment and Social Developments in Europe review; notes, further, a strong performance with regard to the uptake of the Foundation’s knowledge in the media, with 1083 press articles in 2021 compared to 703 in 2020, and commends, in particular, the Foundation for its high-profile visibility in key European and international media outlets on the most pertinent topics such as the various impacts of the COVID-19 pandemic, telework, the right to disconnect and minimum wage issues; takes note of an increase in the Foundation’s engagement at policy-relevant events and meetings throughout 2021, from 202 contributions in 2020 to 360 contributions in 2021;